Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-25

Grádh agus Crádh: Úirsgéilín

Tamall siad chuir Nathaniel Harrington ceist ar Twitter maidir leis an gcéad úrscéal le bean a foilsíodh i nGaeilge na hÉireann. Bhí mé páirteach san allagar agus rinneamar amach gur "Grádh agus Crádh" le hÚna Ní Fhaircheallaigh an leabhar sin. Tá sé luaite san liosta ag Úrscéalta na Gaeilge.

D'aimsigh mé ar Chorpas ARÉ an leabhar a foilsíodh i 1901. 

Rinne Nathaniel léirmheas air atá le léamh anseo.

Luaigh sé go raibh leagan ePUB ar fáil, rud nach raibh suntas ceart tugtha agam dó. Ní féidir ePUB a léamh le Kindle, ach tá tiontóirí ó ePUB go MOBI ar fáil ar líne. 

Fuair mé é mar sin. Níl ann ach 28 leathanach - is mó de ghearrscéal atá ann ná úrscéilín mar a thuigeann muid iad. 

Eachtra shimplí - bean óg agus fear i ngrá - a hathair dubh ina choinne ar chúiseanna creidimh agus maoine. Lonnaithe sa Chabhán i ré Eilís I (Sibéal san leabhair). Cé gur de mhuintir Raghallaigh an bheirt, is ag athair an chailín atá an maoin mar gur iompaigh sé agus rinne fónamh do Shasanaigh.

Tá beartaithe ag an bhfear óg an tír a fhágáil. Buaileann sé leis an mbean óg chun slán a fhágáil léi. Lena linn sin, déantar a hathar a dhúnmharú. Ar an bhfear óg a chuirtear triail as...

Tá corr deas i ndeireadh an choirscéil - dráma cúirte. Ach níl críoch sona. 

Scéilín beag deas. Ní raibh Gaeilge á fhoghlaim ag Úna ach le ceithre bliana nuair a scríobh sí an scéal - ach tá sé glan glé soiléir. Bheadh an teanga réamhchaighdéanach ina bhac ar léitheoirí an lae inniu - tá litriú ársa coitianta ann. 

Is maith go bhfuil fáil ar na leabhair seo trí Chartlann ARÉ cé nach an leagan amach is cuanna atá orthu!