Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Aislinge Meic Con Glinne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Aislinge Meic Con Glinne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-09-28

An Craos-Deamhan

Blianta fada ó shin cheannaigh mé leabhar Gearmáinise le rogha Thurneysen de scéalta as litríocht na nGael. Bhí leagan ann de Aislinge Meic Con Glinne, téacs iontach áiféiseach faoi bhia, agus an laoch ag leigheas Rí Mumhan ó chraos-deamhan tríd an scéal a reic dó. Tá leagan Béarla ar shuíomh CELT freisin.

Bhí mé ag súil go bhfaigheann leagan Nua Ghaeilge a bheadh ar mo chumas léamh uair éigin. Thóg sé tamall orm tuiscint gurb é sin díreach atá in "An Craos-Deamhan" le Peadar Ua Laoghaire; agus fuair mé ó Chorpas ARÉ é agus sheol ag mo Kindle é.

Leanann sé an lamhscríbhinn go dílis, feictear dom. Anuas go dtí an mionn "Dar mo dhebhroth". Ach ag deireadh an scéal tá aguisín curtha leis aige, soiscéal na Measarthachta de réir an tAthair Maitiú á thabhairt aige. Mheas mé freisin, mar Chorcaíoch dílis, go raibh roinnt curtha leis aige chun clú Mainchín a chosaint ar an líomháin gur go héagórach a chaith sé le Mac Con Glinne.

Tá codanna den scéal ar dheacair do léitheoir na linne seo ciall a bhaint astu - agus tá cuid de na ruthaig agus athrá beagán fadálach. Ach is leabhairín beag taithneamhach atá ann mar sin féin. Thaithin sé liom.

Is iontach go bhfuil teacht measartha éasca ar na téacsanna - idir bun téacs ar CELT agus athéacs mar atá curtha ar fáil ag Peadar Ua Laoghaire. Go deimhin, an constaic is mó anois ná fios a bheith ag duine iad a bheith ann!


2020-06-29

"aithech do shleith banrígna"

Atom-raracht co dian díscir dénmnetach, co mianach míchuirdech, co slemda slithemda amal sinchán do leith aegaire nó aithech do shleith banrígna nó fendóc dochum ngairr nó ag n-allaid do gebbad guirt gem-shecoil a mís Mitheman.

D'éirigh mé agus d'imigh go dian díscir deinmhneach, go mianach cíocrach?, go sleamhain slítheanta amhail sionnach i leith aoire, nó aitheach chun banríon a éigniú ina codladh, nó feannóg ar gharr nó ag fia ar ghort seagail gheimhridh i Mí Meitheamh.

~ Aislinge Meic Con Glinne 


  • díscir = fíochmhar
  • deinmhneach = mí-fhoighneach
  • mianach 2 = mianúil.
  • aitheach = bodach
  • garr = feoil lofa
An samhail ait úd "aithech do shleith banrígna" a tharraing m'aird ar an ruthag seo. Tá tagairt d'aitheach agus banríon sna tréanna freisin - tá an cuma air gur tróp atá ann sa litríocht.