Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-01

MÍP

Táim ag obair in earnáil an spáis. De bharr spéis gairmiúil (i bhfabhtanna, ní mór dom a admháil) coinním leathshúil ar mhisin gníomhaireachtaí seachas ESA. Ina measc Opportunity de chuid NASA. Gné de go leor de na misean seo anois ná go mbaineann siad feidhm éifeachtach as na meáin sóisialta - Twitter ina measc.

Briseadh an nasc le Opportunity de dheasca stoirm deannaigh ar Mharsa, agus glactar leis anois go bhfuil an robát as feidhm de dheasca easpa cumhachta - má tá an painéil gréine clúdaithe, ní bheadh an oiread sin ama oibre sul a mbeadh na cadhnraí díluchtaithe.

Bhí Myra Zepf í fein ag coinneáil súil ar eachtra Opportunity, agus spreag sé scéal aisti. Scéal ar leith. Ach tá mo chlann féin tógtha agus in ndáiríre níl gá le breis leabhar san tigh seo. Mar sin, ainneoin m'fhiosracht níor chuaigh mé sa tóir ar chóip de MhÍP.

Ach ansin spreag feachtas Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn mé chun beart leabhar a ordú chun bronnadh ar mo nianna agus neachtanna (nach léann an bhlag seo, tá súil le Dia agam) agus bhí MÍP ar bharr an liosta. Chomhlíon an Siopa Leabhar m'ordú le flosc agus anois tá deis agam na leabhair a léamh roimh iad a bhronnadh. Agus iad a mholadh anseo!

Tá an leabhar seo iontach go deo cliste. Insíonn na focail scéal Opportunity - nó MÍP - go díreach, na heolaithe á dhéaradh, a thógáil, á sheoladh, ag fáil eolas ar ais - agus sceitimíní orthu faoin eolas céanna. (Ach is innealtóirí roinnt acu, rud nach luaitear san leabhar!) An stoirm gainimhe, an nasc caillte - ach sa scéal seo faightear nasc arís.

Ach insíonn na pictúirí scéal eile, scéal atá folaithe ar MhÍP agus dá bhrí sinn ar na heolaithe ar an Domhan. Scéal faoi eachtráin... Tá na pictúir le Paddy Donnelly lán le sonraí, féasta don tsúil.

Spreagfaidh an leabhar seo fiosracht - agus tá fiosracht de dhíth!

Myra Zepf agus Paddy Donnelly
Futa Fata
ISBN: 9781910945582