Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label leabhra do leanaí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label leabhra do leanaí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-12-03

An Mac Tíre a Thaistil an Domhan

 

Is ar léitheoirí níos óige - idir a 4 agus 7 - atá an leabhar taitneamhach seo dírithe. Mar chuid den fheachtas atá ag Laureate na nÓg daoine a spreagadh leabhair i nGaeilge a cheannach mar bronntanas a cheannaigh mé é. 

An tíreolaíocht a spreag mé é a cheannach. 

Agus ní raibh díomá orm. Turas na cruinne le pictiúirí deasa ar gach leathanach, iontaisí na tíre á bhlaiseadh ag an Mac Tíre. Tá greann deas séimh ann freisin. Filleann an Mac Tíre abhaile sona sásta ar deireadh. Agus bhí mise sona sásta mé féin. 



Orianne Lallemand
32 lch; clúdach cartchláir; 
Leabhar Breac
ISBN: 978-1-911363-25-5

2020-12-01

MÍP

Táim ag obair in earnáil an spáis. De bharr spéis gairmiúil (i bhfabhtanna, ní mór dom a admháil) coinním leathshúil ar mhisin gníomhaireachtaí seachas ESA. Ina measc Opportunity de chuid NASA. Gné de go leor de na misean seo anois ná go mbaineann siad feidhm éifeachtach as na meáin sóisialta - Twitter ina measc.

Briseadh an nasc le Opportunity de dheasca stoirm deannaigh ar Mharsa, agus glactar leis anois go bhfuil an robát as feidhm de dheasca easpa cumhachta - má tá an painéil gréine clúdaithe, ní bheadh an oiread sin ama oibre sul a mbeadh na cadhnraí díluchtaithe.

Bhí Myra Zepf í fein ag coinneáil súil ar eachtra Opportunity, agus spreag sé scéal aisti. Scéal ar leith. Ach tá mo chlann féin tógtha agus in ndáiríre níl gá le breis leabhar san tigh seo. Mar sin, ainneoin m'fhiosracht níor chuaigh mé sa tóir ar chóip de MhÍP.

Ach ansin spreag feachtas Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn mé chun beart leabhar a ordú chun bronnadh ar mo nianna agus neachtanna (nach léann an bhlag seo, tá súil le Dia agam) agus bhí MÍP ar bharr an liosta. Chomhlíon an Siopa Leabhar m'ordú le flosc agus anois tá deis agam na leabhair a léamh roimh iad a bhronnadh. Agus iad a mholadh anseo!

Tá an leabhar seo iontach go deo cliste. Insíonn na focail scéal Opportunity - nó MÍP - go díreach, na heolaithe á dhéaradh, a thógáil, á sheoladh, ag fáil eolas ar ais - agus sceitimíní orthu faoin eolas céanna. (Ach is innealtóirí roinnt acu, rud nach luaitear san leabhar!) An stoirm gainimhe, an nasc caillte - ach sa scéal seo faightear nasc arís.

Ach insíonn na pictúirí scéal eile, scéal atá folaithe ar MhÍP agus dá bhrí sinn ar na heolaithe ar an Domhan. Scéal faoi eachtráin... Tá na pictúir le Paddy Donnelly lán le sonraí, féasta don tsúil.

Spreagfaidh an leabhar seo fiosracht - agus tá fiosracht de dhíth!

Myra Zepf agus Paddy Donnelly
Futa Fata
ISBN: 9781910945582

2019-07-03

Danny Seaimpín an Domhain


Tá an tóir ar Roald Dahl le fada ag léitheoirí óga, de bharr a shamhlaíocht spreagúil ait. Is maith liom mar sin go bhfuil Leabhar Breac ag tabhairt faoi iad a chuir ar fáil do léitheoirí óga na Gaeilge.

Tá tús láidir curtha acu leis an aistriúchán seo le Muiris Ó Raghallaigh.

Scéal iontach faoin grá idir athair agus mac, agus an dóigh a chuireann an athair oideachas saoil ar a mhac. Murab ionann agus go leor de scéalta Dahl, scéal réalaíoch atá anseo, lonnaithe faoin dtuath i Sasana i lár an chéad seo chaite.

Spreagadh ón dúlra agus ón gceardaíocht á roinnt go fial ag athair lena mhac, agus iad araon neadaithe i gcomhluadar tuaithe. Scéal eachtraíochta freisin, mar a bhuaileann siad bob ar bhoc mór saibhir míthaitneamhach.

Teanga shaibhir, rud beag canúnach atá sa leabhar – rud atá díreach ceart don scéal. Bainfidh léitheoirí neamhspleácha taitneamh agus tairbhe as, ag cuir lena n-eolas agus a saibhreas teangan.

Má tús maith leath na hoibre tá bonn thar barr curtha ag Leabhar Breac leis an obair. Tá an leabhar féin gleoite agus na bun-líníochtaí le Quentin Blake ag cuir barr slacht ar an dtáirge.

Foilsithe i dtosach ar Gobblefunked, 12 Eanáir 2017