Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Roald Dahl werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Roald Dahl werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-02-08

Na Cailleacha

Rinne m’iníon agus cairde léi léirmheas ar an leabhar seo do Léirmheas Leabhar ar TG4. Seo an dara saothair le Roald Dahl atá aistrithe ag Leabhar Breac agus bhí sé ceannaithe agam roimhe sin.

Murab ionann agus Danny Seaimpín an Domhain, ní réalaíoch atá ann leabhar seo ach lán den shamhlaíocht dhorcha aduain ar a bhfuil clú Dahl bunaithe.

Scéinséir atá ann faoi na cailleacha atá ag iarraidh fáil réidh le leanaí. Saineolaí agus sealgaire cailleacha Mamó an reacaire, agus insíonn sí go leor scéalta dó faoi na neacha baolacha seo. Tarlaíonn sé go mbíonn siad, ar ordú dhochtúra, ar saoire cois cósta Sasana san óstán a bhfuil cruinniú bhliantúil cailleacha na Breataine. Ainneoin go rugtar ar an reacaire – buachaill óg- agus go ndéantar luch as, éiríonn leis féin agus a Mhamó an lámh in uachtar a fháil ar na cailleacha, an tArd Chailleach Mhór san áireamh.

Tá idir sceon, eachtraíocht agus greann dorcha san insint, agus cuireann léaráidí Quentin Blake go mór leis na gnéithe ar fad.

Bhain m’iníon an-sult as an léamh, agus cé gur léigh mé roinnt de léi (bhí sprioc am i gceist!) bhí sí maith in ann é léamh.

Bainfidh léitheoirí neamhspleácha óna 9 ar aghaidh sult agus tairbhe as!

Údar: Roald Dahl
Léaráidí: Quentin Blake
ISBN:9781909907881
Leabhar Breac

Foilsíodh an mír seo cheana ar Gobblefunked, ar 2 Deireadh Fómhair 2017

2019-07-03

Danny Seaimpín an Domhain


Tá an tóir ar Roald Dahl le fada ag léitheoirí óga, de bharr a shamhlaíocht spreagúil ait. Is maith liom mar sin go bhfuil Leabhar Breac ag tabhairt faoi iad a chuir ar fáil do léitheoirí óga na Gaeilge.

Tá tús láidir curtha acu leis an aistriúchán seo le Muiris Ó Raghallaigh.

Scéal iontach faoin grá idir athair agus mac, agus an dóigh a chuireann an athair oideachas saoil ar a mhac. Murab ionann agus go leor de scéalta Dahl, scéal réalaíoch atá anseo, lonnaithe faoin dtuath i Sasana i lár an chéad seo chaite.

Spreagadh ón dúlra agus ón gceardaíocht á roinnt go fial ag athair lena mhac, agus iad araon neadaithe i gcomhluadar tuaithe. Scéal eachtraíochta freisin, mar a bhuaileann siad bob ar bhoc mór saibhir míthaitneamhach.

Teanga shaibhir, rud beag canúnach atá sa leabhar – rud atá díreach ceart don scéal. Bainfidh léitheoirí neamhspleácha taitneamh agus tairbhe as, ag cuir lena n-eolas agus a saibhreas teangan.

Má tús maith leath na hoibre tá bonn thar barr curtha ag Leabhar Breac leis an obair. Tá an leabhar féin gleoite agus na bun-líníochtaí le Quentin Blake ag cuir barr slacht ar an dtáirge.

Foilsithe i dtosach ar Gobblefunked, 12 Eanáir 2017

2019-02-04

Na Gamail

Tá samhlaíocht dhorcha greannmhar ag Roald Dahl ina chuid scéalta go hiondúil. Agus is ceardaí focail é a bhaineann casadh as lúbadh astu chun breis grinn a fháisceadh astu.

Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe don scéal dorcha áiféiseach seo Na Gamail (The Twits). Lánún míofar a bhíonn síoraí ag buaileadh bob ar a chéile, ag céasadh seachas ag ceansú teaghlach moncaithe agus ag breith agus ag ithe éin.

Go dtí go dtapaíonn moncaithe agus éin an deis a éagóir a chúiteamh leo...

Leabhar éadrom greannmhar lán slaiseanna deisbhéalacha agus samhlaíocht chorr Dahl tríd síos.

Tá miongháire áiféise fós orm agus é léite agam. Táim cinnte go mbainfidh déagóirí óga súp ar leith as an áiféis agus an ghreann dhorcha.

Tá an insint éadrom saibhir pléisiúrtha. Seoid eile as cearta Leabhar Breac.

Na Gamail
Roald Dahl
96 lch; Clúdach Bog​,
ISBN 978-1-911363-37-8
Leabhar Breac

( na léirmheasanna a scríobh mé ar Danny seaimpín an Domhain agus Na Cailleacha fós le léamh ar Gobblefunked. Ó tharla áfach go bhfuil siadsan ag éirí as tá sé i gceist agam iad a athfhoilsiú anseo in am trátha) .