Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-11-30

Fiannaíocht Dharach

 

Is seoda iad leabhra Leabhar Breac. Bhí mé thar sáile nuair a foilsíodh an leabhar seo i dtosach, agus ag deireadh na nochaidí ní raibh cur amach agam ar Dharach agus a chuid oibre ar aon nós. Bhí an leabhar feicthe agam uair nó dhó, ceart go leor. Ach nuair a d'fhógair sé eagrán nua ar Twitter le déanaí, agus ós rud é go raibh mé meáite ar Tinte na Farraige Duibhe a cheannach uaidh ar aon nós, shantaigh mé é.

Fionn ag Fiannaíocht atá againn san leabhar seo. Tá Rahmenhandlung ann ceart go leor, a mhíníonn cén fáth go bhfuil sé Tigh Chonáin, agus cath fuilteach ag an deireadh. Ach mheabhraigh sé Scheherazade  agus 1001 Oíche na hAraibe dom - cuireann Conán ceist faoi ghné de scéal Fhinn agus insíonn Fionn an eachtra. Leathanach nó dhó i ngach eachtra acu - macghníomhartha, mar a fuair sé Bran agsu Sceolaing, mealladh mná agus comhraic le fir.

Teanga cuanna atá in úsáid ag Darach, agus na ruthaig agus coruithe catha a bheadh ag seanchaí maith aige. Dramaíocht. Bhain mé taithneamh as an léamh, agus de bhrí gur díolaim atá ann, d'fhéadfá filleadh air arís is arís, ag léamh scéilín ar leith agus á leagan uait seal eile.

Mar is iondúil is earra iontach an leabhar féin; cló glé, páipéar uasal, léaráidí de chuid Darach tríd - clúdach cuanna le híomhá Bruegel. 

Níl staidéar déanta agam ar aicmiú na scéalta, ach tá lear mór fabhalscéalta léite agam nó feicthe agam ar teilefís na Gearmáine - agus thug mé suntas do chuid na moitífeanna idirnáisúnta - an dream a chuidíonn le Fionn tarrtháil a dhéanamh ar mac rí Laighean, abair. 

Ach tá aduantas ar leith sna scéalta freisin, gné Gaelach, gné barbartha, fiáin. Is maith an cumasc iad na scéalta seo. Is cleasaí é Fionn seachas laoch - agus ní hé an carachtar is deise liom é. (Fadó bhí beartaithe agam scéalta faoi Gholl Mac Morna, ar uaisle de laoch é, a chuir ar leathanach idirlín - ach chuir mé ar an méar fhada chomh fada sin iad gur thit siad de).

Tá leabhra eile Fiannaíochta agam, teaglaim Uí Chadhlaigh ina measc, agus cinn do dhaoine óga, ach níl sárú an leabhar seo mar scíthleitheoireacht dúshlánach (más rud é sin) feicthe agam. Molaim é!

Darach Ó Scolaí
€16.00
96 lch; clúdach crua; 
ISBN 978-1-909907-67-6