Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-28

Ag útamáil leis - cuimhní cinn Pádraic Breathnach


Taithí measctha atá agam le saothair Phádraic Bhreathnach agus ní fear mór cuimhní cinn mé go hiondúil. Ach sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa mo threo de na cuimhní cinn seo. A óige ar fheirm bhocht i Maigh Cuilinn. Flosc oibre a mhuintire chun go mbeadh oideachas ar a gclann chun éalú ón anró. Comharsa agus nósanna. Oideachas na linne. Achrann agus comhoibriú. Léargas freisin ar an bhreac Ghaeilge - gur Béarla faoi thionchar láidir Gaeilge a bhí thart air dáiríre. Sa chaoi gur shíl Béarlóirí é bheith ag Gaeilgeoireacht, agus a mhalairt! Ach gur thug sé faoi sealbhú ceart an dá theanga ar an meánscoil agus Ollscoil. 

Meánscolaíocht, ollscolaíocht, tús gairme. Caibidil ionraic faoi bhabtha dúlagar. Taisteal lena chlann. Fiosracht agus dúil sa ndúlra. 

Snas ar gach caibidil a fhágann go bhféadfá iad a léamh astu féin. Go deimhin táim measartha cinnte go bhfuil ceann acu léite agam mar cholún san Irish Times. Agus go bhfuil insint i gceann eile ar eachtra a spreag gearrscéal. 

Stair sóisialta agus stair léann na Gaeilge fite fuaite tríd go héadrom, gan a bheith teagascúil. 

Tuiscint agus meas ann. Ach gan ceilt, feictear dom, ar a chuid lochtanna agus streachailtaí. 

Prós breá soléite. Taithneamh le baint as. Leabhar a d'fhéadfá piocadh suas agus caibidil fánach a léamh anois is arís, agus pléisiúr a bhaint as. 

Pádraic Breathnach
Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442057