Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-01-02

Micí Finky


Bhí spéis agam san scannán seo ó chuala mé an chéad cuir síos ar. Fearacht Arracht is toradh ar an scéim Cine 4 seo. Faraor de bharr covid ní raibh deis é fheiceáil sna pictiúrlanna seachas ag roinnt féilte. Taobh le taispeáint ar TG4 aréir a bhí mé mar sin - maille fógraí agus scáileán beag!

Dara Devaney sa phríomhpháirt i scéal scríofa ag Dathaí Keane agus Diarmuid de Faoite. Macallaí láidre de Dheoraíocht Phádraig Uí Chonaire. Ach fráma nua tugtha don scéal ag ciontacht Mhicí Finky i mbás linbh - é céasta ag a theip dul i ngleic leis sin.

Tá solúbthacht Dara Devaney chun cinn - colainn agus anam céasta i ngleic le mothúcháin agus é ag iarraidh teacht ar faoiseamh. Ó mire spleodrach baoth go duairceas céasta. Fonn gairbhe agus graostachta ag pléascadh as le teann frustrachas agus feirge agus é gafa tar éis timpiste i gcathaoir rotha. 

Sorcas osréalach ainrialach, foréigean agus spleodar. Ealaíon ag lorg bealach éalaithe. Grá éagmaiseach. Rógairí. Cara dílis. Altra trócaireach. Táid uilig ann.

Taispeántaisí fíor mhaithe ón gcliar iomlán. Eoin Geoghegan mar cara dílis foighneach. Fionnuala Gygax mar Neilí - cion aici ar Finky agus eisean idir cion agus samhnas fúithi. Ned Dennehy mar máistir sorcas dorcha dochrach - níor mhaith leat é thrasnú. Diarmuid de Faoite mar dhraoi buile. 

Is fiú go mór é a fheiceáil, agus má bhíonn deis é fheiceáil i bpictiúrlann amach anseo, tapóidh mé é.