Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-01-28

Se wo were fi na wosankofa a yenkyi

Feidhmíonn an éan Sankofa i gcultúr Akan Ghana mar carachtar a mheabhraíonn seanfhocal "Níl sé mícheart dul siar chun rud atá dearmadta agat a aimsiú". Sankofa an t-ainm a tharraingíonn laoch an úrscéilín is déanaí le Nnedi Okorafor, Remote Control, chuici féin tar éis tubaiste a fhágann cách ina baile dúchais marbh de bharr cumhacht diamhair éigin aici féin. Cumhacht a fuair sí as teagmháil le dreigít diamhar glas. Anois, nuair atá sí i mbaol lasann sí le loinnir glas marfach - agus teipeann ar ghléas ar bith teicneolaíochta a leagann sí lámh air.

Páiste atá inti ag tús an eachtra, agus níl i ndán di ach fánaíocht - sa tóir ar rud éigin nach dtuigeann sí féin ró mhaith. Gan de chomhluadar aici ach sionnach Eorpach a d'éalaigh ó gairdín na n-ainmhithe, agus a raibh teagmháil aige féin leis an ndreigít. 

Tá an scéal lonnaithe i nGána a samhlaítear a bheith roinnt blianta inár dtodhchaí. 

Sa fánaíocht di fásann finscéalta fúithi mar leanbh altrama an Bháis - agus tá sí beo ar féiríní a thugann daoine di de bharr an sceoin a chuireann a cumhachtaí orthu. 

Diaidh ar ndiaidh baineann sí smacht amach ar an gcumhacht - ach ní éiríonn léi socrú síos ainneoin sin. 

Tá noda ann go bhfuil cumhachtaí sa tóir uirthi - cé nach léir an ón gceantar nó an alltar nó an dá rud iad. 

Úrscéilín sásúil a shlog mé i léamh aon oíche. 

Cuireann Nnedi Okorafor síos ar an méid a scríobhann sí mar Africanfuturism agus africanjujuism. Fáiscthe as cultúr agus béaloideas na hAfraice. Tá sí diongbháilte nach dtig dhá leath den téarma a dhéanamh le fleiscín. Fágann sin dúshlán roimh Gaeilge a chur orthu! Diúltaíonn sí don réimír Afro- de bharr go dtagraíonn sin do sliocht na ndaoine a tugadh go Meiriceá ina ndaor, agus a bhfrámaí tagartha siúd de dheasca na staire sin. 

Is ábhar úr domsa a bhíonn ina scéalta, ag oscailt réimsí nua smaointeoireachta. 


Nnedi Okorafor
Tor