Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-01-15

Iath Íontach Oz

Le tamall anois tá súil a choinneáil agam ar an suíomh https://www.aistriulitriochta.ie/ agus na samplaí breátha atá á chuir ar fáil ansin. Tá dornán r-leabhar ina measc.

Níl fhios agam go díreach cad a phrioc mé chun an ceann áirithe seo a roghnú. Ní cuimhin liom an bhfuil ceann ar bith de saothair Baum léite agam i dteanga ar bith, cé go bhfuil cúpla leagan den scannán feicthe agam thar na blianta. Thug m'iníon mé chuig an réamhscannán a rinneadh le cúpla bliain anuas freisin. 

Leanann an scéal seo ar aghaidh ón gcéad scéal. Scéal éadrom spraíúil áiféiseach. Draíocht agus dalbacht agus greann. 

Píosa deas scíthléitheoreachta. Gaeilge deas nádúrtha curtha ag Séamus Ó Coileáin air. An PDF soléite go maith ar Kindle. Bhí botúin agus focail in easnamh ar dornán leathanach - níl mé baileach cinnte an fadhb san PDF nó sa kindle a bhí i gceist. 

Is deas ábhar mar seo a bheith ar fáil. Tá leagan Shéamuis den gcéad leabhar ar fáil i gcló - Asarlaí Oscartha Oz - ach níl sé léite agam.