Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-01-31

Saiäns-fiktschen

Bhí leabhair measartha saor i bPoblacht Daonlathach na Gearmáine. Sa mhullach ar sin, bhí mo mháthair céile ag obair ar feadh seal mar léitheoir profaí i ceann de na tithe foilsithe. Bhí carn mór leabhar dá réir ag mo nuachar nuair a phósamar.
Níl mé cinnte an as an cnuasach sin an leabhar seo le Franz Fühmann, nó ar mheall an teideal mé uair éigin i siopa dara láimhe. Níl aon chuimhne agam áfach ar na scéalta a bheith léite agam cheana. 

Tá éis dom iad a léamh rinne mé roinnt gúglála faoin údar féin. Rugadh Franz Fühmann san Sudetenland, oirthear na Seicslóvaice ina raibh an Ghearmáinis chun cinn roimh an dara ár Eorpach. Chuaigh sé le dúthracht leis Naitsithe ina óige, agus gabhadh ag na Rúisigh é sa chogadh. Rinne a n-oiliúint siadsan, go háirithe i bhfianaise uafáis Auschwitz Sóisialach diongbháilte de. 

Faoin am áfach go raibh na scéalta seo á scríobh aige, sna 1970 déanacha agus 80í luatha, bhí sé in achrann le húdaráis an "Sóisialachas  atá ann i bhfírinne" san DDR, de bharr an tslí a bhíothas ag caitheamh le scríbhneoirí agus ealaíontóirí áirithe.

B'shin tréimhse ar cuimhin liom féin ar éigin, agus an baol ann go n-iompódh an cogadh fuar ina chogadh eithneach.

Chun faoiseamh intinne a aimsiú a scríobh sé an cnuasach seo, atá ráite aige féin. Ní ficsean eolaíochta atá i gceist, cé go bhfuil roinnt de na comharthaí sóirt sin air. Tá na scéalta lonnaithe san aimsir amach anseo, i ndiaidh roinnt cogaí eithneacha. An cruinne roinnte ina dhá chuid Uniterr, scáil na todhchaí den bhloc thoir, agus Libroterr, scáil na todhchaí den Iarthair.

Fearacht go leor ealaíontóirí san DDR, bhí muinín fós aige san sóisialachas agus amhras faoin gcaipitleachas - mar a bhí fós i 1989. Chreid a leithéidí, agus bhí go leor acu chun cinn sna gluaiseachtaí a bhain amach an réabhlóid síochánta, go raibh deis fós ann do Stáit feabhsaithe an tríú bhealach. Chlis orthu áfach agus bhí an lá leis an Deutschmark agus an tomhaltachas a shúigh an smior as an Oirthear agus a leag síol na fadhbanna reatha agus a phéac i bhfoirm an AfD.

Sna scéalta tá triúr i gceist, an fisiceoir Jirro, an fealsamh Janno agus an "Chúisíochtaí" Pavlo. Bíonn smaointe eolaíochta agus fealsúnachta i gceist, ach i ndáiríre is in adharca an chórais in Uniterr atá siad, iad dílis dó ach ag teacht salach ar - de bharr dílseachta do na prionsabail i gcodarsnacht leis an réaltacht. Tá tagairtí do Libroterr freisin, caitheann an fisiceoir seal i mbun taighde ann. Is léir nach bhfuil an údar - ná Jirro - pioc tógtha leis ainneoin an chompord ann atá ar lár thoir. 

Measaim go bhfuil léiriú ana mhaith sna scéalta, ainneoin iad a bheith aduain, ar dán an ealaíontóra i gcóras atá ag teacht salach ar an méid a fhógraíonn sé os ard. 

Mar a bhí fíor thoir. Mar atá fós fíor thiar. Cé nach bhfuil córas feiceálach smachtaithe ann. Is dócha go luíonn an bhróg áit éigin ar chách - ach go bhfáisceann sé scéalta as scéalaí, dá ainneoin. 

Franz Fühmann 
Saiäns-fiktschen 
Reclam 1990
Céad eagrán VEB Hinstorff Verlag Rostock 1981