Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label ddr werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label ddr werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-10-03

"Deutsche Einheit noch nicht vollendet"

Níl bailchríoch curtha fós le haontú na Gearmáine. Ní mise a dúirt, ach Seansailéir reatha na Gearmáine, Olaf Scholz, ag ceiliúradh cothrom an lae tríocha ceathair bliain ó shin, nuair a cuireadh tús le hathaontú. Mar a scríobh mé anseo cheana, bhí mé ar faiche an Reichstag agus bratach na cónaidhme á chrochadh.

Bhí foráil sa Grundgesetz, Bunreacht poblachtach Cónaidhme na Gearmáine, i. An Ghearmáin Thiar, faoina bhféadfadh na críocha thoir agus Cathair Bheirlín ceangal leis an cónaidhm. (Ní raibh an Bheirlín Thiar sa chónaidhm - bhí sé riartha ag airm SAM ó dheas, na Fraince ó thuaidh agus an Ríocht Aontaithe thiar. Spandau mar a raibh mise ag cuir fúm ina measc. Bhí fógraí Do oifigigh amháin ar roinnt de na tithe tábhairne! I lár na cathrach a chuaigh mé féin ar ragairne). Bhí rialtas áitiúil 

Na Fünf neue Bundesländer - Mecklenburg-Vorpommern (mhaígh Bismarck tráth go rachadh sé ansin dá mbeadh deireadh an domhain tuartha toisc go dtarlaíonn gach rud céad bliain níos déanaí ansin). Brandenburg - (croí Ríocht na Prúise tráth. Nuair a bheartaigh Toghdóir na Brandenburge coróin Rí a bhaint amach dó féin, sciob sé tailte a bhí bhí choróin na Polainne roimhe.). Sachsen. Sachsen-Anhalt. Thüringen. 

Tá níos lú cathracha thoir, agus níos lú tionsclaíocht. Agus na tionscal a bhí ann, bánaíodh formhór acu nuair a dhíol an Treuhandanstalt ar phinginí suaracha iad lena iomaitheoirí ón iarthar. Ar bheag spéis a bhí acu iad a fhorbairt dá réir. Ba eisceacht fostóir s'agamsa - bhí an fairsinge a bhí san oirthear de dhíth orthu. Ba bheag maoin a bhí acu in iarthar na cathrach. Is amhlaidh gur dhún siad an monarcha agus na hoifigí a bhí acu thiar i Spandau agus bhog suas an bhóthair go Hennigsdorf.

An toradh a bhí air sin ná gur bhog aosánaigh siar. Nós atá buanaithe anois. Ó 1991 i leith, tá ar an iomlán 727 míle duine idir aois 18 agus 29 tar éis bogadh siar (nó níos faide). Tá éifeacht líonra i gceist, mar a bhí do mo leithéid sna 90í. Agus atá fós is dócha. Tuige fanacht ag baile nuair atá do chairde agus comhaoisigh ar fad imithe? 

Mar gheall ar sin, tá sciar níos mó den daonra scothaosta. Agus an daonra féin tite go leibhéal 1907. Tá éifeacht níos troime dá réir ag bánú na tuaithe - atá ag tarlú trasna na hEorpa - ar an Oirthear. Tá na tábhairní agus siopaí grósaera a bhíodh sna sráidbhailte ag leá mar sneachta maidin earraigh. 

Tá bearna ollmhór i seilbh maoine idir thoir agus thiar freisin. Toisc an chumannachais, ní raibh maoin - réadmhaoin nó airgead - ag dul le hoidhreacht ó ghlúin go glúin. Pé airgead a bhí spáráilte, scuab tomhaltachas na nóchaidí go leor de chun siúl. 

Inniu fós tá bearna 824€ sa mhí san tuarastal meánach roimh cáin thoir agus thiar. 

Toisc gur córas polaitiúil, dlí, riarachán agus geilleagair an Iarthair a cuireadh i bhfeidhm scun scan thoir d'fhulaing bunadh an Oirthir, mar a d'admhaigh Scholz ina óráid 
"eine Entwertung ihres Wissens, ihrer Erfahrungen und ihrer Lebensleistung" 

Díluacháil ar a gcuid eolais, taithí agus an méid a bhí bainte amach acu le linn a saol. 

Ní hionann ach oiread an dóigh a chuaigh an scothaicme thiar agus thoir i ngleic le hiarmhairtí an Treas Reich ach oiread. Thiar cé go raibh go leor den sean scothaicme(*) a dhein na cumhachtaí iartharacha dínaitsiú orthu, mar dhea, fós i gcumhacht tar éis an chogaidh, rinne a gclann éirí amach sna 60í agus bhí cuir agus cúiteamh faoi smál na staire ar a dteaghlaigh. Níl deireadh iomlán tagtha leis an cuir agus cúiteamh - de réir mar atá na seanfhondúirí ag dul ar shlí na fírinne tá a gclann ag amharc go géar agus ag admháil ciontacht a gcuid comhlachtaí. (Is comhlachtaí atá faoi smacht teaghlach cuid mhór de na gnólachtaí is bisiúla sa Ghearmáin. Agus ní dóigh liom go bhfuil ceann ar bith acu slán ó smál teacht i dtír ar dúshaothrú príosúnaigh nó goid maoine Giúdaigh nó namhaid eile - trí cheannach éigeantach ar phraghas íseal nó ar mhodhanna níos suaraí.

Bhí na Rúisigh agus ina ndiaidh níos radacaí - ag coigistiú maoine, beag beann ar stair an sealbhóra. Formhór an scothaicme, is mar teifigh sa Rúis a chuaigh siad tríd an chogaidh. Ghlan siad na róbaí poiblí, mar dhea, ag maíomh gurb iad an dea Ghearmáin, saor ó smál an Naitsíochas.

Bhí an Iarthar spléach ar na Gastarbeiter ó na 1960í. Iodáiligh, Iúgslavaigh agus ach go háirithe Turcaigh. Is beag cathair thiar nach bhfuil ceantar Turcach ann, agus siopaí agus gnólachtaí agus ionaid pobail ann. Agus cé gur chruinnigh a leithéid i gceantair dá gcuid féin, bhíodar fite fuaite sa phobal ainneoin na bearnaí teanga agus cultúr agus reitric polaitíochta faoi Deutsche Leitkultur (cultúir treorach na Gearmáine). 

Bhí eachtrannaigh thoir freisin, ó na Bráthair tíortha sóisialacha. Ón Afraic agus an Vítneam go háirithe. Ach bhíodar scoite amach ón bpobal, i lóistín a bhain lena gcuid oibre nó Ollscoile. Ba bheag taithí dá réir ag an mórphobal ag daoine ó cultúr eile. Agus is amhlaidh fós, cuid mhór.

Bhí na húdaráis ag maíomh seasta go raibh siad frith-faisisteach. Rud a rinne gothaí faisisteacha dóibh siúd sna déaga ar mhian leo éirí amach.

Cé go bhfuil cúpla glúin iomlán tagtha ar an saol agus in inmhe ó 1990, tá an coimhthíos le sócúl agus sotal an Iarthair, buaiteoirí na staire, ag dul ó ghlúin go glúin agus ina ábhar síoraí plé sna nuachtáin agus irisí - ar gach eite.

Tá bealach fada le dul, agus ní imeascadh aon treo an réiteach ach cumasc agus comhghéilleadh agus obair meithle le comhmheas. Útóipe sin, is dócha. 

Tá ceachtanna le foghlaim, dar liom, d'aontú oileán s'againne cé nach hionann gan amhras na cúinsí stairiúla ná cultúrtha. 

Tá greann dóite ag muintir an Oirthir. 

Der Fuchs ist schlau 
Und stellt sich dumm 
Beim Wessi ist es 
Andersrum. 

Tá an sionnach glic 
Is cuireann cuma na baoise ar féin 
Droim ar ais atá cás an  Iartharaigh. 

(*) Fuair baintreach Freising, breitheamh míchlúiteach an Volksgericht a dhaor go leor de freasúra na Naitsíoch chun bás i trialacha éagóracha, pinsean flaithiúil de bhrí, dar leis na breithiúna, go mbeadh gairm ard fós ag a fear sa Phoblacht cónaidhme murach gur maraíodh sa bhuamáil é. Mar shampla. 

2024-02-13

Langsameingehendewerke


Ba chomhla fuascailte an ghreann, greann dóite go minic, do phobal an DDR go háirithe. Is minic cleasaíocht focail i gceist. Agus leasainmneacha díspeagúla. Agus tá cáil ar Bheirlín agus a muintir as urlabhra gasta dímheasúil, an Berliner Schnauze - gob/clab Bheirlíneach. Is leor an focal Schnauze! sa tuin ceart le cuir in iúl do dhuine a chlab a iamh.

Ní cuimhin liom cathain go baileach a bhogamar ó Nonnendammallee go dtí Hennigsdorf. Bhí seilbh ag an AEG ar an áit ó 1992 ach creidim gur i 1994 a bhog muid amach. Bhí mé pósta faoin am sin agus cónaí orainn i Pankow, a bhí cúpla stáisiún S-Bahn ó Hennigsdorf. Baile ar imeall na cathrach is ea Hennigsdorf. Bhí sé scartha ó Spandau ag balla Bheirlín. 

 Le linn an DDR tugadh "Volkseigner
 Betrieb Lokomotivbau Elektrotechnische Werke „Hans Beimler“ Hennigsdorf (LEW)" ar an áit. (Comhlacht ar leis an pobal, monarcha um tógála innill traenach agus teicneolaíocht leictreach). Ba chumannach é Hans Beimler, a throid sa bhriogáid Gearmánach ar son Poblacht na Spáinne. Roimhe sin bhí sé ina mheicneoir ina leithéid céanna de mhonarcha i München.

Is annamh ar tugadh níos mó ná LEW ar an áit. Agus an míniú a tugadh ar sin Langsameingehendewerke. Monarcha atá ag síothlú go mall...

Bhí mórán talaimh san áit, agus seanhallaí agus foirgnimh. Mo chuimhne ná gur chaith muid bliain nó mar sin i bhfoirgneamh reamhthógtha sular bhogamar isteach i sean foirgneamh oifigí a raibh athchóiriú déanta air. Seomra sách mór a bhí agam féin agus Berndt le chéile. Ar an dara urlár measaim. Bhí díon pic an halla monarcha béal dorais nach mór ar aon airde leis an seomra. Ba gheal sin le bheith ag suí in aice le teasra san samhradh. Bhí orainn teacht isteach go luath, na fuinneoga a oscailt go hiomlán agus aer na maidine a scaoileadh isteach. Ansin tar éis tamaill iad a iamh agus na dallóga a dhúnadh go docht. Nó phlúchfaí leis an teas muid.

Bhí proinnteach mór fairsing cúig nóiméad siúil uainn. Lón sách saor ar fáil ann. Ní raibh aon riail faoi, ach shuigh daoine de réir aicme - oibrithe na Blaumänner san halla thall, oibrithe oifige sa halla abhus. Inár baiclí is iondúil a chuaigh muid ann. Le meascán daoine ó thoir agus thiar tharla míthuiscintí scaití. Is cuimhin liom uair oibrí oibrithe ag déanamh clamhsán le Meister an proinntí. Bhí Jägerschnitzel ar an mbiachlár. Gríscín sealgaire. Do fear an Iarthair, b'ionann sin agus gríscín laofheoil le hanlann sealgaire, i. Beacáin coille. Ach sa DDR b'ionann é agus píosa ispíní i bhfuidreamh grabhróga aráin... 

Scéilín scoir grinn. Sular thit an bhalla fiú bhí comhoibriú ar bun idir an comhlacht iompair thiar agus LEW. Bhí corr innealtóir ón BVG thall ag faire na hoibre. Bhí dualgas orthu siúd a bhí ag obair leo tuairisc a scríobh do na péas rúnda - an Staatssicherheit nó Stasi (slándáil an Stáit). Ní raibh mórán le tuairisciú acu go hiondúil. Cúis buartha dóibh sin mar go gcothódh tuairisc thanaí amhrais na bpéas. Cibé, dúirt fear acu le duine ón BVG ar ball go raibh an fhaoiseamh air nuair a dúirt fear an BVG go raibh ar brostú abhaile - bhí sé in ann tuairisciú gur "Chuir Herr A in iúl go raibh ganntanas fíona súilíneach Spáinneach i mBeirlín Thiar". 

2021-01-31

Saiäns-fiktschen

Bhí leabhair measartha saor i bPoblacht Daonlathach na Gearmáine. Sa mhullach ar sin, bhí mo mháthair céile ag obair ar feadh seal mar léitheoir profaí i ceann de na tithe foilsithe. Bhí carn mór leabhar dá réir ag mo nuachar nuair a phósamar.
Níl mé cinnte an as an cnuasach sin an leabhar seo le Franz Fühmann, nó ar mheall an teideal mé uair éigin i siopa dara láimhe. Níl aon chuimhne agam áfach ar na scéalta a bheith léite agam cheana. 

Tá éis dom iad a léamh rinne mé roinnt gúglála faoin údar féin. Rugadh Franz Fühmann san Sudetenland, oirthear na Seicslóvaice ina raibh an Ghearmáinis chun cinn roimh an dara ár Eorpach. Chuaigh sé le dúthracht leis Naitsithe ina óige, agus gabhadh ag na Rúisigh é sa chogadh. Rinne a n-oiliúint siadsan, go háirithe i bhfianaise uafáis Auschwitz Sóisialach diongbháilte de. 

Faoin am áfach go raibh na scéalta seo á scríobh aige, sna 1970 déanacha agus 80í luatha, bhí sé in achrann le húdaráis an "Sóisialachas  atá ann i bhfírinne" san DDR, de bharr an tslí a bhíothas ag caitheamh le scríbhneoirí agus ealaíontóirí áirithe.

B'shin tréimhse ar cuimhin liom féin ar éigin, agus an baol ann go n-iompódh an cogadh fuar ina chogadh eithneach.

Chun faoiseamh intinne a aimsiú a scríobh sé an cnuasach seo, atá ráite aige féin. Ní ficsean eolaíochta atá i gceist, cé go bhfuil roinnt de na comharthaí sóirt sin air. Tá na scéalta lonnaithe san aimsir amach anseo, i ndiaidh roinnt cogaí eithneacha. An cruinne roinnte ina dhá chuid Uniterr, scáil na todhchaí den bhloc thoir, agus Libroterr, scáil na todhchaí den Iarthair.

Fearacht go leor ealaíontóirí san DDR, bhí muinín fós aige san sóisialachas agus amhras faoin gcaipitleachas - mar a bhí fós i 1989. Chreid a leithéidí, agus bhí go leor acu chun cinn sna gluaiseachtaí a bhain amach an réabhlóid síochánta, go raibh deis fós ann do Stáit feabhsaithe an tríú bhealach. Chlis orthu áfach agus bhí an lá leis an Deutschmark agus an tomhaltachas a shúigh an smior as an Oirthear agus a leag síol na fadhbanna reatha agus a phéac i bhfoirm an AfD.

Sna scéalta tá triúr i gceist, an fisiceoir Jirro, an fealsamh Janno agus an "Chúisíochtaí" Pavlo. Bíonn smaointe eolaíochta agus fealsúnachta i gceist, ach i ndáiríre is in adharca an chórais in Uniterr atá siad, iad dílis dó ach ag teacht salach ar - de bharr dílseachta do na prionsabail i gcodarsnacht leis an réaltacht. Tá tagairtí do Libroterr freisin, caitheann an fisiceoir seal i mbun taighde ann. Is léir nach bhfuil an údar - ná Jirro - pioc tógtha leis ainneoin an chompord ann atá ar lár thoir. 

Measaim go bhfuil léiriú ana mhaith sna scéalta, ainneoin iad a bheith aduain, ar dán an ealaíontóra i gcóras atá ag teacht salach ar an méid a fhógraíonn sé os ard. 

Mar a bhí fíor thoir. Mar atá fós fíor thiar. Cé nach bhfuil córas feiceálach smachtaithe ann. Is dócha go luíonn an bhróg áit éigin ar chách - ach go bhfáisceann sé scéalta as scéalaí, dá ainneoin. 

Franz Fühmann 
Saiäns-fiktschen 
Reclam 1990
Céad eagrán VEB Hinstorff Verlag Rostock 1981 


2009-11-09

Glücklichster Tag der jüngeren deutschen Geschichte


An lá is sona de stair déanach na Gearmáine - sin an cuir síos atá déanta san podchraoladh seo ag Angela Merkel ar an 9ú Samhain 1989.

Bhí sí féin ann, chun an teorann a thrasnú ag Bornholmer Strasse an oíche úd.

Eachtra a chuir corr i gcinniúint a lán - mo chinniúint fhéin ina measc. Caolseans go mbuailfinn riamh le mo bhean, arbh as Beirlín Thoir í, murach sin!



Íomhá ón mBundesarchiv, a d'aimsigh mé ar Wikimedia.

2009-11-05

An Sealgaire agus na Toirc Allta

Agus mé san Ísiltír, phioc mé suas cóip den Spiegel - bhí ceannteideal suntasach ann:
Der Irrtum, der zur Einheit führte
(An botún a raibh an Aontas mar toradh air)

Bheadh an iolra níos cruinne - tá an t-amlíne anseo. Ach thug mé suntas do ról Harald Jäger. Fear a raibh dhá ról aige - ceannasaí na ngardaí ar an teorainn - ach ag an am chéanna ball den Stasi - an péas rúnda a raibh de fhéintuiscint acu gurbh iad "claíomh agus sciath an pháirtí".

Shocraigh sé (le beannacht a uachtaráin) an dream is callánaí a scaoileadh tríd ar dtúis - ach marc a chuir ar a bpasanna a d'fhág nach scaoilfí thar nais iad. Níor fheidhmigh an scéim seo plé leis an dream ar a dtugadh siad "Na Toirc Allta" (Wildschweine). Amhail cinn an Hiodra, tháinig deichniúr agóideoir glórach chun cinn do gach duine a scaoil siad tríd an "chomhla". Agus tháinig bean amháin thar nais tar éis tamaill - ag gol agus ag achanaí go ligfí thar nais chuig a clann í. Scaoil sé gach duine thar nais ansin - an chéad ordú briste. Annamh agus iontach i gcás oifigigh Ghearmánach!

Tréigthe ag a uachtaráin, agus chun doirteadh fola a chosc, d'oscail sé na geataí. Agus thréig gach ar chreid sé ann. Gníomh a raibh meas feall aige fhéin air, ach a chuir corr i gcinniúint na náisiúin.

Imeachtaí, a bhuachaill, imeachtaí, mar a dúirt Macmillan.

2009-08-17

Tar, Trabi, tar?

Tá scéal ag an Druma Mór go bhfuiltear ag athchruthú carr íocónach an DDR, an Trabant, mar charr leictreach a bheidh mar nuáil ag Taispeántas Idirnáisiúnta na gCarr i Frankfurt.

Comhlacht samhail-charr HERPA (a chuir samhail i láthair ag IAA 2007) agus comhlacht innealtóireachta IndiKar atá tar éis an coincheap seo a fhorbairt. Tá siad ag maíomh go mbeidh raon 250 km ag an leagan leictreach seo, a mbeidh painéil gréine aige freisin chun athluchtú a dhéanamh ar na cadhnraí.

Ní raibh le fáil ag pobail na hOir Ghearmáine ach líon beag carranna, an Trabant ón Sachsenring ina measc. Inneall débhuilleach a bhí ag an gcarr seo a raibh idir drochmheas agus cion air. De bharr gur meascán ola agus peitreal a bhíodh in úsáid ann, bhíodh deatach agus droch bholadh uaidh, a d'fhág gur scuabadh de na sráideanna sách tapaigh é tar éis 1990.

Bhí scannán grinn ann "Go, Trabi, Go" faoi teaghlach ó Bitterfeld ar féidir leo ar deireadh mian an athair a chomhlíonadh, agus aistear Goethe chun na Róimhe a leanacht - san Trabi. Scéal thar a bheith greannmhar, lán de eachtraí bunaithe ar míthuiscintí idir thiar agus thoir.

Tá lucht leanúna fós ag an Trabi, agus feictear corr cheann cóirithe fós i mBeirlín, ach is minice ceann folamh mar fógra nó maisiú.

Beidh le feiscint an bhfuil athfhás i ndán don gcarr seo - a raibh tréimhse feithimh 17 bliana dó san Oir Ghearmáin.

Tá infheisteoir de dhíth chun carr sraithe a dhéanamh as.



Íomhá: pictiúr den Trabant ar bhalla Beirlín.
Ó Wikimedia.

2007-08-28

Saol Daoine Eile

D'éirigh linn, ar deireadh Saol Daoine Eile a fheiceáil. An scannán úd faoi péas rúnda na Gearmáine Thoir. In amharclann an Mermaid a chonaic muid é, agus an áit lán go doras. (Bhí ceannaire gníomhach an lucht oibre ann. N'fheadar cad a cheap sise faoi na sáiteáin faoi shóisialaigh san scannán...)

Thaitin an scannán go mór linn araon. Bhí na carachtair uilig inchreidte. Seanscéal an fhir cumhachtaigh a santaíonn bean fir atá faoina smacht. An t-ealaíontóir atá dall ar an saol toisc go bhfuil sé mar ghrian ina chóras fithis fhéin. An fear ionraic a chreideann gur leas an phobail atá á dhéanamh aige, agus é gan trócaire dá bharr. Go dtí go gcreimtear an creideamh sin idir daonnacht a íobartaigh agus fimíneacht a lucht ceannais. An sárachán gan trócaire ná meas ar duine ar bith, ach ar a leas fhéin. An banaisteoir a bhfuil a muinín á neartú aici le drugaí.

Bristear ise. Bristear an póilín rúnda ar shlí freisin, ach go dtugann sé a féinmheas slán. Sleamhnaíonn an chuid eile tríd.

Mhair mo bhean tríd an tréimhse san i mBeirlín, agus bhí sí i dteagmháil le scáta ealaíontóirí. Bhuail mé fhéin le roinnt acu. Cheapamar araon gur thug an scannán léargas maith ar an cos istigh, cos amuigh a bhain le h-aos dána an DDR.

An t-aon locht a bhí aici air ná go raibh na sráid-dreacha níos duairce ná mar ba cheart dó lár an n-ochtódaí - Trabis amháin le feiscint, cé go raibh Skoda agus rl ann san fíor saol.

Sár scannán. Nach méanar dúinn nár mhair faoi chuing péas rúnda riamh? Gur amhlaidh a bhéas amach anseo freisin.

Dóibh siad a mhair tríd, tá an cneasú fós ar siúl, agus oifig airithe ann chun cabhrú leo teacht ar pé fírinne is féidir.