Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gearmáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gearmáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-02-02

Eoghainín na Fidle pioctha

Grúpa fánaithe as Beirlín um 1930 Bundesarchiv
Bhí mé páirteach san Gasóga - na Fiontraithe - in Éirinn sula ndeachaigh mé chun an Gearmáine. Mar sin, agus mé thall, óg, i gcathair nua, shocraigh mé nascadh le buíon thall. Is le Stamm Normannen a chuaigh mé, dream a bhí sách gar do Spandau, áit a raibh cónaí orm.
Sa bhreis ar smaointe Baden Powell, bhí a lán d'oidhreacht na Fánaithe Gearmánacha - Wandervogel - ag baint leis an gcumann lenar bhain an ghrúpa. 
Cuid thábhachtach de sin  traidisiúin amhránaíochta a bhfuil fréamhacha doimhne ann i bpobal na Gearmáine. Chomh maith le iomann molta dúlra agus fánaíochta, bhí cuid mhaith amhráin frithúdaráis acu - agus gan amhras frithchléireach, mar go raibh an chléir gar don údarás! Téama láidir eile sna hamhráin ná mothúcháin frithchogaidh, an cosmhuintir ag olagóin faoi bheith preasáilte isteach i gcogaí na mboc mór.
Leabhar atá agus a bhí faoi ardghradam sna gluaiseachtaí óige sa Ghearmáin na Der Zupfgeigenhansl a foilsíodh ag tús an fichiú céad. Leasainm ar ghiotár nó liúit is ea Zupfgeige - fidil pioctha.
Ón leabhar sin a fuair an grúpa ceoil Zupfgeigenhansel a hainm. Mórán an stór céanna amhráin atá acu, tá blaiseadh le clos ar youtube anseo. Réimse leathan atá ann, ó rómánsachas agus idéalachas go fearg, col agus fonóid.
Táim ag éisteacht leis anois is arís ar mo ceoltóir póca. Cuimhní cinn, agus mothúcháin.

2012-11-24

Glaoch ón Tríú Reich

Arndt Wigger (Íomhá le TG4)
Chonaic mé an clár Glaoch ón Tríú Reich ar TG4 dé Céadaoin; ní bhím ag faire ag teilifís mórán ach chuala mé píosa faoi ar Rónán Beo.
Spreag sin m'fhiosracht. Bhí cloiste agam faoi Hans Hartmann, de bhrí gur lorg Diarmuid Breatnach cabhair uaim agus é i mbun taighde air don sraith Beathaisnéis (as ar fhás an togra Ainm.ie). Ag smaoineamh siar air, gach seans gurbh leis an Dr Arndt Wigger a bhíos i dteagmháil an uair úd; bhí Diarmuid ar thóir cuntas iarbháis a foilsíodh ar an ZCP.
Bhí an clár thar a bheith spéisiúil; an Dochtúir Wigger a bhí mar dhalta ag Hans Hartmann ag iarraidh a thuiscint conas go raibh baint ag a iar-ollamh - fear nach raibh tuairimí ciníocha ná a leithéid cloiste aige uaidh riamh - lárnach i dtogra bolscaireachta na Naitsithe, ag craoladh bolscaireacht i nGaeilge go hÉireann.
Caithfidh mé a rá nach gcuireann sé an oiread sin ionadh orm gur tháinig mac léinn a bhí ag dul don teangeolaíocht sna 1930í faoi anáil na dtuairimí bréag eolaíochta faoi Cine agus Cultúr; agus go háirithe duine a bhí faoi thionchar Ludwig Mühlhausen. Le linn an chláir nochtadh go raibh sé gar chomh maith, fiú i ndiaidh an chogaidh, le Adolf Mahr, a bhí tráth i bhfeighil ar an Iarsmalann náisiúnta. Ach sa bhreis ar a ról oifigiúil bhí an fear céanna ag eagrú na nGearmánach in Éireann faoi mharbhfháisc an NSDAP.
Tá cóip agam den leabhar Erinn, keltische Sagen aus Irland a foilsíodh ar dtús i 1944.(Eagrán macasamhlach 1977 atá agamsa). San réamhrá ar an leabhar sin tá aistí leis na teoiricí ciníocha maidir le cultúr agus teanga a bhí flúirseach ag an am.
Bá léir san chlár an streachailt - thar a bheith Gearmánach, ní mór a rá - a bhí ann do Arndt Wigger dul i ngleic leis an stair. Cinnte, rugadh é féin i dtreo deireadh an chogaidh, an rud a thug Helmut Kohl "Gnade der späten Geburt" air (Grásta an Bhreith Mall) i., ní raibh baint phearsanta aige fhéin leis an gclais dorcha sin i stair na Gearmáine.  Ach, rud atá coiteann i measc a ghlúin siúd, go háirithe san Ghearmáin Thiar, mothaíonn sé náire agus ciontacht as an stair úd. Rud nach raibh fíor abhus - tá giota bhreá san Irisches Tagebuch ag Böll ina gcuireann sé síos ar an gcaoi - tarraingt fiacail an samhail a bhí aige dó - ar mhínigh sé do dhaoine abhus cé chomh holc is a bhí réimeas Hitler. Bhí bá forleathan abhus do na Gearmánaigh sa Chogadh toisc go raibh siad i ngleic leis an sean namhad, Sasana. Luadh é sin freisin san clár.
Bhí an clár thar a bheith éifeachtach, an fhianaise agus an stair á scagadh thall i mBeirlín agus abhus in Éireann, sna háiteanna a raibh Hartmann ag saothrú.

Tá deis eile an chlár a fheiceáil anocht ag 20:15 (agus tá sé ar fáil san tír seo ar seinnteoir TG4 freisin ar feadh seal)
Bhí píosa Déardaoin freisin ar chlár Rónán Beo agus é ag caint le hArndt Wigger. (Podchraoladh de sin ar fáil freisin)

2011-11-13

Lóchrann geal na Samhna

Leagan Elisabeth Steineke
de scéal Máirtin agus an Bhacach.
Eaglais S. Martin, Bremen.
Grianghraif le Jürgen Howaldt
B'é de hAoine Féile San Máirtín. Tá ionad thábhachtach aige i mbéaloideas agus naomhsheanchas na Mór Rinne, agus na Gearmáine ach go háirithe. Déantar é a chomóradh ar an iliomad slite, ach is minic go mbíonn an naomhscéal atá léirithe thall lárnach.
Ba saighdiúir i Léigiún na Róimhe é Máirtín in óige, fearacht a athair. Deirtear go raibh sé tráth ag filleadh ar an dún oíche fhuar feanntach nuair a chonaic sé bacach sa sneachta, gan aige ach giobail mar éadach. Ní raibh faic ag Máirtín le bronnadh air, ach rinne sé dhá leath dá bhrat lena chlaíomh. Istoíche tháinig ár dTiarna chuige in aisling, agus an leathbhrat uime.
Bhí muid san Eaglais Liútarach in Éirinn inné i bhfochair scata mór leanaí arbh de bhunadh na Gearmáine iad, nó gaol acu léi. Chuir an ministir agus roinnt gasúir níos sine an scéal i láthair le pictiúr, caint agus amhráin.
Ansin leanadh le gnás eile de chuid na Gearmáine ar lá mar seo - lóchrainn a iompar i mórshiúil thart ar an mbloc - síos bóthar Adelaide, agus ar ais fán gcanáil.  Tá cnuasach bhreá amhráin a cantar ar ócáid mar é.
Ina measc an ceann thuas: Ócáid thaitneamhach atá ann, agus fán bealach fuair muid Bretzel; agus ar ais san Lutherhaus bhí Glühwein ar fáil (agus rudaí níos séimhe do na páistí!). Cinéal réamhbhlaiseadh den Aidbhint atá ann - sa Ghearmáin cuirtear tús leis an tréimhse Carnabhal ar an lá seo. (Bhíodh an Aidbhint ina thréimhse troscadh agus tréanas fadó)

2011-10-03

3ú Deireadh Fómhair, 1990

Fiche haon bliain ó shin bhíos áit éigin i measc an slua seo ós comhair an Reichstag. Bhí scata againn díreach i ndiaidh post a thosú le AEG i mBeirlín. Chuaigh muid chuig an Reichstag, áit a raibh slua lúcháireach ag ceiliúradh  teacht i bhfeidhm an Conradh Ceathair móide Dó  ar rinne Beitrittsgebiet den Sowjetische Zone. "Fearann aontachais" de bhrí agus go raibh an Oirthear ag glacadh le bunreacht an Iarthar - bhí foráil chuige sin ann ó 1949.
Meas tú an mó duine a bhfuil póit air ó shin de bharr an cheiliúradh? Cé go bhfuil sé tamall ó bhíos i mo chónaí thall, tá amhras orm go bhfuil na teorainn sna cloigne sáraithe. Bhí forálacha sna socruithe nár chuidigh. Rückgabe vor Entschädigung, abair: an prionsabal go rabhthas chun réadmhaoin a thabhairt ar ais dóibh siúd ar choigistigh an Rialtas Cumannach uathu é. Chothaigh sin achrann agus éagóir - agus táillí dlí gan amhras. Bhí cúpla dream ag éileamh seilbh ar an teach ina raibh cónaí orainne i Prenzlauer Berg roinnt blianta in dhiaidh sin - an Jewish Claims Conference ina measc. Ach bhí a lán gnáth saoránaigh san Oirthear a raibh píosa beag talún faighte acu ón Rialtas go hionraic - ní raibh cead an talamh a cheannach - , agus a raibh allas, fuile agus grá curtha isteach ann acu le daichead bliain a fuair iad féin díbeartha de dheasca an dlí úd. Is cuimhin liom scéal amháin faoi polaiteoir áitiúil de chuid na Glasaigh a chuir lámh ina bhás fhéin de bharr an strus a bhain leis. Scéal eile anseo.
Bhí an Solidaritätszuschlag ann fosta: tobhach dlúthpháirtíochta atá íoc thoir agus thiar ó 1991 chun costas an athaontaithe a ghlanadh, mar dhea. Is minic Wessis dall ar an bhfíric go raibh daoine thoir á íoc freisin. Agus gurbh siar a chuaigh cuid mhór den airgead pé scéal é - maraon le taiscí muintir an Oirthear. Murach an athaontú, bhí geilleagar an Iarthar i bponc!
Níl fhios agam an bhfuil sé fós amhlaidh, ach le linn domsa a bheith ann bhí idirdhealú de bharr bunadh ar pá san seirbhís poiblí - ainneoin go raibh cuid mór Státseirbhíseach ag obair lámh ar lámh le daoine ón Oirthear - a bhí ar 60-80% den bpá don post ceanna.
B'iadsan áfach an dream a raibh ádh orthu - bhí post acu. Bánaíodh fearann mhóra san Oirthear - dífhostaíocht suas le 60%. Rud a ghin frustrachas. Bhrúcht an faisisteachas agus an ciníochas aníos as an frustrachas seo agus bhí na fir i cultacha ón Iarthar réidh le teacht i dtír air.

Mar sin féin, sílim gur dul chun chinn a bhí, agus atá, i gceist do mór chuid pobal an Oirthear, agus go bhfuil siad sásta go maith bheith ina saoránaigh den bPoblacht Chónaidhme.  

Ar nóta pearsanta, murach imeachtaí 1989 agus 1990, ní bheidh mo bhean casta orm. Gach seans nach mbeinn théis dul chun cónaithe i mBeirlín - bhí cuairteanna tugtha agam air roimhe agus níor thaitin an smaoineamh bheith dúnta isteach liom. Go deimhin, bhí mé ann i Meán Fómhair 1989. Thug mé cuairt lae ar an Oirthear. B'iad an iliomad fear faoi éide i mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Ní fhaca mé aon chomhartha go raibh an réimeas ar tí teip! (D'fhoghlaim mé ina dhiaidh sin go raibh mór chuid den dream faoi éide ar saoire - ach go raibh dualgas orthu an éide a chaitheamh!)

2009-08-17

Tar, Trabi, tar?

Tá scéal ag an Druma Mór go bhfuiltear ag athchruthú carr íocónach an DDR, an Trabant, mar charr leictreach a bheidh mar nuáil ag Taispeántas Idirnáisiúnta na gCarr i Frankfurt.

Comhlacht samhail-charr HERPA (a chuir samhail i láthair ag IAA 2007) agus comhlacht innealtóireachta IndiKar atá tar éis an coincheap seo a fhorbairt. Tá siad ag maíomh go mbeidh raon 250 km ag an leagan leictreach seo, a mbeidh painéil gréine aige freisin chun athluchtú a dhéanamh ar na cadhnraí.

Ní raibh le fáil ag pobail na hOir Ghearmáine ach líon beag carranna, an Trabant ón Sachsenring ina measc. Inneall débhuilleach a bhí ag an gcarr seo a raibh idir drochmheas agus cion air. De bharr gur meascán ola agus peitreal a bhíodh in úsáid ann, bhíodh deatach agus droch bholadh uaidh, a d'fhág gur scuabadh de na sráideanna sách tapaigh é tar éis 1990.

Bhí scannán grinn ann "Go, Trabi, Go" faoi teaghlach ó Bitterfeld ar féidir leo ar deireadh mian an athair a chomhlíonadh, agus aistear Goethe chun na Róimhe a leanacht - san Trabi. Scéal thar a bheith greannmhar, lán de eachtraí bunaithe ar míthuiscintí idir thiar agus thoir.

Tá lucht leanúna fós ag an Trabi, agus feictear corr cheann cóirithe fós i mBeirlín, ach is minice ceann folamh mar fógra nó maisiú.

Beidh le feiscint an bhfuil athfhás i ndán don gcarr seo - a raibh tréimhse feithimh 17 bliana dó san Oir Ghearmáin.

Tá infheisteoir de dhíth chun carr sraithe a dhéanamh as.



Íomhá: pictiúr den Trabant ar bhalla Beirlín.
Ó Wikimedia.

2009-06-28

Foirgnimh - Foirm agus Feidhm is fearr!

Agus mé i mBeirlín ar na mallaibh rith sé liom - arís - go bhfuil slacht ar leith ar mhonarchana an Gründerzeit thar mar a bhíonn ar mhonarchana an lae inniu. Bíonn gnéithe deasa - túir, fuinneoga gotacha agus rl sna foirgnimh brící dearga seo a mhaisíonn go seoigh iad.
Is mór idir sin agus iarrachtaí na haoise seo, fiú sár iarrachtaí cosúil leis an "Monarcha Gloine" de chuid Volkswagen i nDresden.

N'fheadar an Oisín i ndiaidh na Féineachas é seo agam?

Go hairithe agus a lán de mhonarchan an "Aois Bhunaithe" anois díomhaoin.


Íomhánna ó Wikimedia Commons - anseo agus anseo.

2008-11-10

Dáta cinniúnach sa Ghearmáin - an 9ú Samhain

Píosa maith san Irish Times inniu maidir leis:

I 1918, cuireadh iallach ar Liam II éirí as an Impireacht agus tháinig ann do Phoblacht (Weimarach) na Gearmáine.
I 1923, rinne Hitler agus an NSDAP iarracht Putsch a eagrú - "Putsch an Halla Leanna". Theip air.
I 1937, bhí sé i gcumhacht, agus d'eagraigh na Naitsithe pogrom fíochmhar i gcoinne Giúdaigh. Pogrom a tugtar an ainm "Oíche an Ghloine" air (Kristallnacht) - briseadh an oiread fuinneoga gloine agus ab ionann le táirgiúlacht gloine bliana sa Bheilg.
Ar deireadh, i 1989, thit balla Beirlín ar an lá sin.


Maireann scáil 1937, áfach.



Alt faoi 1918 anseo, agus alt tuairimíochta faoin rud ar fad anseo (Ón Tagesspiegel)

2008-11-11 Aguisín breise: alt in El Pais faoi conas ar tuariscíodh an scéal faoi Kristallnacht sa Spáinn, áit a raibh an cogadh cathardha fós ar siúl. Agus an tairisciú dá réir, ag brath ar cén taobh den deighilt a bhí na nuachtáin. Bhí an frith Ghiúdachas forleathan san Eoraip ar fad - ní tharlódh an Shoah mar a tharla murach sin. Agus ní raibh an scéal pioc níos fearr abhus - ainneoin gur thug Dev aitheantas speisialta don creideamh Ghiúdach i mBunreacht 1937, bhí amhras agus naimhdeas san Roinn Dlí agus Cirt agus san Roinn Gnóthaí Eachtrach, a d'fhág nár imir an Stát an ról a d'fheadfadh sé i dtarrtháil sciar den chine Ghiúdach.

2008-08-20

Ceist chasta na bpéas rúnda

(íomhá de chuid an Linkspartie)

Ba dlíodóir san DDR é Gregor Gysi, dlíodóir ar son easaontaigh mór le rá. Ó 1989 i leith tá sé ag streachailt leis an gcúiseamh go raibh sé ina spiaire orthu ar son an Stasi.

Agallamh leis agus le mic an dís is cáiliúla anseo san Tagespiegel. Is léir nach bhfuil a muinín siúd, go ndearna sé rudaí fónta ar a son, scaipthe.

Is deacair aon ró iontaoibh a chuir i gcáipéisí lucht na mbréag san Stasi, cé go bhfuil oifig Rialtais ann chun meabhair a bhaint astu...

Ach tá bóthar fada le dul sula mbeidh síocháin ann don dream a bhí buailte - má bhíonn riamh.

Scriosann easpa muinín caidrimh.

2008-08-07

Abhlacha aorach


Tharraing an t-alt seo san Tagesspiegel m'aird ar an Front Deutscher Äpfel.(Fronta na nÚll Gearmánacha).

Smaoineamh iontach is ea é. Aoradh a dhéanamh ar leithéidí an NPD tríd a gcuid béarlagair agus siombail a chasadh, agus úlla a úsáid.

Cosain glaine na dtorthaí Gearmánacha!
Amach le torthaí eachtrannacha!
Déan subh as na torthaí leagtha!


Físeán anseo:

2008-07-01

Conradh Liospóin ar fionraí sa Ghearmáin anois

Níl an Bille sínithe ag Uachtarán na Gearmáine, Horst Köhler, toisc go bhfuil cás tógtha chuig Cúirt Uachtarach na Gearmáine.

Scéal ón Tagespiegel anseo

An gcuirfidh Leipzig casadh i scéal Liospóin?

Tá cinseal Eoraifileach na Gearmáine imníoch anois go bhfuil siad san cóiste deiridh ar traein luais na hEorpa (linne!) seachas á thiomáint.

Hmm. Na Seicigh, na Polannaigh, na Gearmánaigh agus muide.

Agus SPÖ na hOstaire ag gealladh Reifrinn ar conarthaí atá le teacht. Agus Joshka Fischer ar buile leo dá bharr!

Cad tá romhainn? Eoraip an dá luas? Nó fíor athmhachnamh? Nó raic gan críoch? Agus Sarkozy mar "bhainisteoir" ar feadh sé mhí - Paidí Ó Sé na hEorpa, ambaist!

Aguisín: Radharc Francach ar an gceist ó El Pais

2008-05-09

Frith-Bholscaireacht samhlaíoch maidir le coisciní

Tharraing Kath.net m'aird ar an bhfear seo.

Bhí sé bréan den feachtas uile láithreach maidir le Coiscíní sa Ghearmáin. Mach's mit a bhfuil débhrí ag baint leis, is ainm don feachtas sin. Ciallaíonn an nath úd "Déan leis é" ach freisin "Glac páirt ann". Dúirt sé:

Cuireann an feachtas sin in iúl go bhfuil gach rud ceadaithe, chomh fada agus go mbíonn coiscín in úsáid agat.


Mar sin, rinne sé athrais ar na híomhanna ón bhfeachtas, ach le teachtaireacht eile. Macht's nicht - ná déan é - atá baiste aige air. Tá sé i gceist aige breis forbairt a dhéanamh ar an smaoineamh, agus eolas soiléir maidir le collaíocht a thabhairt, ach le dearcadh Crostaí.

Bullaí fir, a deirimse!

2008-05-07

Súil eile anoir

Chonaic mé nasc leis an mBlag seo ag Primal.

Inimirceach Gearmánach ag caitheamh súil stuama, fuarchúiseach ar chúrsaí na hÉireann.

Tá airíonna ag Éireannaigh agus Gearmánaigh a fhágann míthuiscintí eatarthu go minic. Má fheiceann Gearmánach rud atá, dar leis, mí cheart, neosfaidh sé go borb dhuit é. Ní dual d'Éireannaigh a bheith chomh lom díreach sin. Is fearr leo corr nod bhéasach a thabhairt.

Fágann sin go bhfeictear do Éireannaigh gur dream borb, bromach iad Gearmánaigh. Feictear do na Gearmánaigh gur dream slíbhíneach, fimíneach na hÉireannaigh.

Maidir liomsa, chaith mé leath mo shaol fásta i mBeirlín, agus bheir mé corr airí Prúiseach liom.
Tuigimse don dá dhream, agus bíonn gnéithe den dá iompar i'm iomparsa.

2008-04-02

Uaimh luaithreadáin

Rinne an Rialtas anseo corr gníomh fónta. An cáin ar na malaí plaisteacha, abair, a bhíodh uileláithreach.
Thar rud ar bith eile, áfach, an cosc ar thobac in áiteanna oibre. Tá tíortha eile ag déanamh aithris ar sin anois.

Ina measc an Ghearmáin. Tá rudaí rud beag níos casta ansiúd - is ceist do na Länder (na stáit) - Ländersache - atá ann, mar sin ní hionann an dlí - agus go hairithe na heisceachtaí - gach áit.

Ach bhí sé thar a bheith deas ár gcuid a chaitheamh i mbialann saor ó toit.

Chonac anseo is ansiúd fógraí do "Raucherclub" - Cumann lucht caite tobac! Síbíní míthaitneamhacha (ón taobh amuigh ar a laghad) ab ea iad - is dócha nach mbeadh tarraingt orthu in aon chor murab gur tearmann do lucht ólta tobac iad. Bhí gan amhras ballraíocht sealadach le fáil sa Chumann.

Comhghéilleadh measartha ciallmhar atá sna clubanna seo, feictear dom.

Athrú eile a bhí ann ná go raibh gá le cárta aitheantais leictreonach - carta bainc abair - chun toitíní a cheannach ó na hinneall. Agus ní raibh na hinneall féin chomh fairsing is a bhíodh. Ar mhaithe leis an aos óg a choimeád ón tobac atá na hathraithe sin ann.


Nóta: Más mian leat teideal an mhír a thuiscint, féach faoi uaimh i Dinneen!

2008-01-31

Séipéal idirchreidmheach

Tá baile nua, Baile Ádhamh, a thógáil ar imeall Bhaile Átha Cliath.

Bhí scéal san Irish Times inniu go mbeadh an séipéal ann le roinnt idir ceithre Eaglais Críostaí.

Mheabhraigh sé ardeaglais Bautzen/Budyšin dom.

Ón Athrú Creidimh anall, ó 1524, tá an Séipéal roinnte ag an scáthlán croise. Bíonn an pobal Liútarach ag guí ar thiar, agus an pobail Caitliceach thoir. Tá conarthaí idir an dá phobal a rialaíonn an bheatha le chéile (ní bhíonn seirbhísí ann ag aon am amháin) Níos mó anseo.

Bhí mé i mBudyšin seal le mo bhean; tá sé san Oir Ghearmáin, san cuid ina labhraítear roinnt Soirbis fós. (D'fheadfadh roinnt suímh Éireannacha foghlaim ón dea-chleachtas dhátheangach ar shuíomh an bhaile!) Ach faraor ní raibh an séipéal oscailte - ní raibh ach cúpla uair an chloig againn sa bhaile.

Tá gné eile den séipéal i mBaile Ádhamh a mheabhraíonn an Ghearmáin, Beirlín ach go hairithe dom. Beidh sé folaithe istigh i foirgnimh deich stór.

Is minic nach bhfeiceann tú eaglais Caitliceach i mBeirlín go dtí go mbíonn tú sa mhullach air. Bhí ceangal orthu, de réir reachtaíocht de chuid an Ban Impire Auguste Viktoria, aghaidh an séipéal a bheith ar aon phlána agus aon dul leis na tithe mór thimpeall, chun iad a chuir ar leithleach ón Eaglais "Stáit". Tá roinnt pictiúr de na séipéal a bhíonn ar Aifreann iontu anseo.

B'fhearr liom meirge Chríost a bheith níos feiceálaí i mBaile Ádhamh....

2007-08-28

Saol Daoine Eile

D'éirigh linn, ar deireadh Saol Daoine Eile a fheiceáil. An scannán úd faoi péas rúnda na Gearmáine Thoir. In amharclann an Mermaid a chonaic muid é, agus an áit lán go doras. (Bhí ceannaire gníomhach an lucht oibre ann. N'fheadar cad a cheap sise faoi na sáiteáin faoi shóisialaigh san scannán...)

Thaitin an scannán go mór linn araon. Bhí na carachtair uilig inchreidte. Seanscéal an fhir cumhachtaigh a santaíonn bean fir atá faoina smacht. An t-ealaíontóir atá dall ar an saol toisc go bhfuil sé mar ghrian ina chóras fithis fhéin. An fear ionraic a chreideann gur leas an phobail atá á dhéanamh aige, agus é gan trócaire dá bharr. Go dtí go gcreimtear an creideamh sin idir daonnacht a íobartaigh agus fimíneacht a lucht ceannais. An sárachán gan trócaire ná meas ar duine ar bith, ach ar a leas fhéin. An banaisteoir a bhfuil a muinín á neartú aici le drugaí.

Bristear ise. Bristear an póilín rúnda ar shlí freisin, ach go dtugann sé a féinmheas slán. Sleamhnaíonn an chuid eile tríd.

Mhair mo bhean tríd an tréimhse san i mBeirlín, agus bhí sí i dteagmháil le scáta ealaíontóirí. Bhuail mé fhéin le roinnt acu. Cheapamar araon gur thug an scannán léargas maith ar an cos istigh, cos amuigh a bhain le h-aos dána an DDR.

An t-aon locht a bhí aici air ná go raibh na sráid-dreacha níos duairce ná mar ba cheart dó lár an n-ochtódaí - Trabis amháin le feiscint, cé go raibh Skoda agus rl ann san fíor saol.

Sár scannán. Nach méanar dúinn nár mhair faoi chuing péas rúnda riamh? Gur amhlaidh a bhéas amach anseo freisin.

Dóibh siad a mhair tríd, tá an cneasú fós ar siúl, agus oifig airithe ann chun cabhrú leo teacht ar pé fírinne is féidir.