Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-02-05

Neamhuimhreacha

Ar chúis éigin inniu tháinig físeán de charr rásaíochta uathoibríoch suas ar m'amlíne Twitter, cúpla uair. Chomh luath agus a thosaigh an carr, chás sé go tréan ar dheis agus le lánluas isteach sa bhalla.

Tá cuir síos ar an eachtra, mar a rinne duine de hinnealtóirí iarracht é a mhíniú, san alt seo.

Mháigh sé gur tharla fabht éigin le linn do tiománaí daonna a bheith ag tiomáint ar an gcúrsa chun an carr a ullmhú, a d'fhág NaN - neamhuimhir - mar cheann de na hathróga isteach san rialaitheoir. 

Os rud é nár shíl siad go bhféadfadh a leithéid tarlú - nó go deimhin nár rith sé leo - ní raibh na bogearraí cosanta ann chun é chosc, mar a bheadh dá mba ghnáthuimhir é ach as an raon ceaptha.

Luaigh sé go raibh an luach fabhtach le feiceáil ar an scáileán acu - ach go raibh na céadta luach eile ann agus nár tugadh faoi deara é. 

Luaigh sé freisin gur dearadh an rialóir le Matlab. 

Ach cén saghas ainmhí neamhuimhir? Oibríonn ríomhairí le méad áirithe giotán. Uaireanta is slánuimhreacha atá i gceist. Ach tá teorainn leis an raon uimhreacha is féidir a chuir in iúl leo sin.

Modh eile ná snámhphointe. Ní chuireann sé sin níos mó luachanna éagsúla ar fáil, ach is féidir réimse níos leithne luachanna a chuir ar fáil. 

Seachas an giotán is lú seasamh do haon, an ceann in aice leis do 2, 4 agus mar sin de, tá machairí éagsúla san "focal" 32 (nó níos minice 64) giotán.

Úsáidtear nodaireacht atá cosúil leis an nodaireacht eolaíochta -

ach gur uimhreacha dénártha atá i gceist. 
Bíonn trí mhachaire i gceist, giotán amháin don sínghiotán - a chuireann in iúl an diúltach nó dearfach atá an uimhir. Ansin méid áirithe giotán don easpónant agus méid eile don maintíse. Is ionann an uimhir atá á chur in iúl agus sín * maintíse * 2 ^ easpónant. Tá cleasanna eile i gceist chun an fheidhm is fearr a bhaint as an gcóras. Ach ní chuige sin atá mé anocht, ach chuig neamhuimhreacha. 

Nuair a ríomhtar feidhmeanna éagsúla, is féidir leis an toradh a bheith i bhfad ró mhór le cuir in iúl - éigríoch fiú. Mar sin tá patrún ar leith giotáin do éigríoch dearfach nó diúltach. Ach tá feidhmeanna eile nach bhfuil aon toradh matamaitice leo - náid roinnte ar a náid, abair. Neamhuimhreacha iadsan, agus tá patrún ar leith curtha ar leataobh dóibh sin. An rud a tharlaíonn san ríomhaire ansin ná go mbíonn neamhuimhir mar thoradh ar aon obráid a bhfuil neamhuimhir i measc a ionchur. An ciall atá leis sin ná gur féidir le bogearraí cosanta aithint gur tharla meancóg agus beart ceartaithe a ghlacadh. 

Ar ndóigh, mura bhfuil an chosaint sin ann... 

Gné eile den bhfabht seo ná an dearadh le matlab. Níl fhios agam go díreach cad atá i gceist acu, mar is uirlis cumhachtach deartha Matlab, a bhfuil codanna éagsúla de chun críochanna éagsúla. Tá taithí agam ar córais rialaithe a bheith á ndearadh i rud darbh ainm Simulink, cineál córas inár féidir blocanna caighdeánach de feidhmeanna matamaitice a chuir le chéile i bpictiúr, agus ansin cód don ríomhaire neadaithe a ghiniúint. I gcás mar sin déantar go leor den promhadh ar ríomhaire an dearthóra, seachas ar an ríomhaire neadaithe. 

Ach ní chaitheann ríomhaire pearsanta le huimhreacha snámhphointe díreach ar an dóigh céanna le ríomhaire neadaithe - agus go minic ní hionann na leabharlanna tacaíochta bogearraí matamaitice ar an dá chóras. Mar sin tharlódh an aschur a bheith éagsúil ainneoin an ionchur céanna. 

Ba cheart mar sin an promhadh deireadh a dhéanamh ar an ríomhaire neadaithe. Ach an rud faoi promhadh ná nach dtig leis ach fabhtanna a aimsiú - ní thig leis cruthú nach bhfuil aon fhabht ann. 

Ach go hiondúil bíonn an cód a gintear as matlab iontach casta agus gann ar na rudaí a dhéanann cód soléite - ainmneacha ciallmhaire ar athróga agus tagairtí ag míniú cad atá á dhéanamh, nuair nach bhfuil sé sin soiléir (agus is minic nach mbíonn). 

Is ait liom nach raibh bogearra cosanta ann chun breith ar NAN nó ar a laghad rud eile a léireoidh mar fabht é ar na scáileáin eolais - cúlra dearg nó a leithéid. 

Ba cheart don ríomhchláraitheoir cúramach feidhmiú go doirbhíoch - amharc gach treo agus bóthar aontreo á thrasnú aige. 

Tá "fadhb nár chuimhnigh muid air" le fáil i ngach tuairisc ar thubaiste a raibh bogearraí ina lár. 

Agus sin mo racht go n-uige seo.