Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-02-13

Seraphina

Tá easpa mór úrscéalta ficsean samhlaíochta sa Ghaeilge. Cúis áthais mar sin go bhfuil Gaeilge curtha ag Scott Oser ar úrscéal mór ráchairte a mhnaoi Rachel Hartmann. Scéal ina bhfuil daoine i sochaí amhail na meánaoiseanna i ngleic le dragain a bhfuil ar a gcumas cruth daonna a chur orthu féin - ach nach dtuigeann ná nach ngéilleann do na mothúcháin a eascraíonn as an gcolainn céanna. Tá teicneolaíocht agus cumhachtaí intinne diamhara ag na dragain freisin. 

Tá síocháin - nó sos cogaidh ar a laghad - i réim idir an dá chine.

Insítear an scéal tríd dearcadh Seraphina, ceoltóir i gcúirt na Banríona. Tá mac leis an mbanríon maraithe agus é i mbun seilg, agus comharthaí sóirt modh oibre dragain leis an marú. Tá Taoiseach na nDragan le teacht go luath chun 40 bliain de Chonradh Síochána a cheiliúradh, mar sin tá fadhbanna taidhleoireachta agus slándála le plé ag an Prionsa (mac gréine iníon na Banríona) Lucian Kiggs. Tá dream i measc na daoine ag stocaireacht agus ag gríosadh i gcoinne na ndragan agus cine gaolmhar leo nach bhfuil cuma daonna orthu - na quigutl, ceardaithe diamhair atá lonnaithe go líonmhar i ngeiteo sa chathair.

Diaidh ar ndiaidh, mar a thagann Seraphina ar an dtuiscint í féin ar a dúchas súitear isteach níos doimhne sa chomhcheilg muid. Faigheann muid léargas ar an uile chineál grá - idir athair agus iníon, idir lánúnacha, idir gaolta - agus an neamhaird a dhéanann grá ar teorainn aicme nó fiú cine. Faighimid léargas freisin ar fhearg agus fuath, ar díogras baoth agus dílseacht.

Tá castaí agus corranna sa scéal, agus páirtithe éagsúla le leasanna éagsúla ag gníomhú. Ina measc Cinsirí na nDragan atá beag beann ar pholaitíocht ach a ghlanann - le lámh láidir - inchinn dragan ar bith a shíleann siad a bheith gafa le mothúcháin.

Thaithin an scéal go mór liom, domhan sochreidte cé go bhfuil sé an éagsúil. Tá ceol agus ceoltóirí i lár an aonaigh, agus a gcumas dul i bhfeidhm ar na mothúcháin. 

Mar atá i scéal bleachtaireachta maith ar bith, tá amhras againn ar na daoine míchearta, corr agus castaí sa scéal go dtí buaicphointe spleodrach - a leagan síos bunús scéal leantach. 

Le cúnamh Dé agus na Naomh Uile beidh Scott - nó duine éigin eile - sásta é sin freisin a chuir faoinár mbráid san teanga is ansa linn. 

Tá an bunleagan dírithe ar dhéagóirí. Ar an ndrochuair, níl déagóirí le Gaeilge cleachtaithe ar léamh faoi na hábhair seo agus mar sin measaim go mbeadh an teanga ann, cé go bhfuil sé soiléir glan dúshlánach. Tá gluais (Gaeilge) ag dul leis an leabhar ina bhfuil saintearmaí an chruinne mínithe chomh maith le roinnt focail neamhghnácha - úras, mar shampla, ainmhí mór fearacht bó nach maireann níos mó sa saol seo. 


Rachel Hartman 
Aistrithe ag Scott Oser 
Coiscéim
ISBN 13: 6660012210114