Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-02-13

Scéalta iontais, idir sean agus nua


Nuair a tháinig muid go hÉirinn sa bhliain 2000 bhíomar ag iarraidh go gcoinneoidh na gasúir seilbh ar an nGearmáinis. I measc nithe eile fuaireamar mias satailíte chun go mbeadh fáil againn ar theilifís na Gearmáine, go háirithe kika.de.

Bealach ar leith teilifíse do pháistí agus daoine óga atá ann, craoltóir poiblí saor ó fhógraíocht agus cuid den ngréasán craoltóirí poiblí atá eagraithe ar bhonn Länder agus náisiúnta. Teacht acu dá réir ar chartlann shaibhir ag dul siar i bhfad, ach infheistíocht fiúntach ar fáil d'ábhar nua.

Seanscéal iontais atá ag téarma.ie ar Märchen. Is maith liom sin. Is dócha gur Nuascéal iontais an leagan is fearr ar Kunstmärchen, i. Scéal iontais le húdar ar leith. Tá traidisiún fada i lár na hEorpa de scéalta iontais, idir béaloideas agus litríocht. Chum Goethe féin Märchen. Agus tá cáil forleathan ar chnuasach na deartháireacha Grimm.

Cé go mbíonn iontas i gceist leis na scéalta, agus draíocht is iondúil go bhfuil ceachtanna agus rabhadh i gceist iontu freisin. Is minic bean nó fear óg ag lorg nuachar a diongbhála.

Tá nós fadbhunaithe scannán scéal iontais a chraoladh ar an Domhnach (ar cuid de na bealaí eile freisin). Meánlae am na Gearmáine a bhíonn i gceist ar KiKa. Fiú nuair a bhíomar ag freastal ar Aifreann ar an láthair seachas ar scáileán, bhí am ann bricfeasta a ithe roimh amharc ar an scannán.

Bíonn athchraoladh i gceist go minic, mar go bhfuil scannán atá gar do chroíthe daoine. Ach bíonn scannáin nua a choimisiúniú freisin. 

Cuid mhór den stoc scannáin baineann sé le comhoibriú idir grúpaí san Oir Ghearmáin agus san tSeicslóvaic mar a bhí. 

Bíonn sé spéisiúil mar sin na léamha éagsúla ar an bunscéal céanna a fheiscint - léamha a bhíonn ag teacht le leagan amach an sochaí. 

Tá scéalta nach bhfuil an bunleagan ródheas - König Drosselbart, abair, áit a bhfuil banphrionsa uallach a bristear a huabhar i gceist. Leagan den scéal Taming of the Shrew. 

Bíonn léamha ann a thugann a ceart di. Go deimhin, fiú sna leaganacha ó na seascaidí is minic na mná níos neamhspleáiche ná mar a thugfadh na bunscéalta le fios. 

Agus fiú na hamadáin saonta a bhíonn coitianta i roinnt scéalta, ní bhíonn siad chomh dubh agus bán sna scannáin. Is breá liom sin. 

Agus bíonn tírdhreacha agus caisleáin spéisiúla lár na hEorpa le feiceáil - álainn aduain.

Uaireanta fiú bíonn scannáin anoir ón Rúis i gceist - Baba Jaga agus a teach siúlach. Iwan simplíoch dathúil. 

Scéalta iontais. Nuascéalta iontais le leithéidí Hauff a bhíonn aduain aisteach le hais na cinn béaloidis, agus a ghabhann go dtí an Mheánoirthear ar thóir ábhair. 

Is breá liom iad.