Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Draíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Draíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-02-08

Ar bhóthar achrannach na feasa rúnda


Seo an tríú leabhar sa sraith a bhfuil Nnedi Okorafor ag tabhairt Sraith Nsibidi air. Córas scríbhneoireachta ársa is ea Nsibidi, baint aige freisin leis na cumainn rúnda Liopard.

Sna húrscéalta seo, déagóir í Sunny a rugadh i Meiriceá ach a fhileann a teaghlach ar an Nigéir. Masla (níos tromchúisí ná Poncán) ar a leithéid atá i gceist le Akata. Is ailbíneach í Sunny, agus ar ndóigh seasann sí amach! 

Sa chéad dá leabhar fuair sí amach go raibh saol comhthreomhar draíochta ann, pobal na Liopard seachas na nUan. Agus, cé nach raibh cumhachtaí ag baill eile dá teaghlach, go raibh aici - trína mhamó. Tagann sí chéile le triúr eile ar chomhaois léi agus déantar meitheal dlúth draoithe faoi oiliúint astu. 

Africanjujuism a thugann Nnedi Okorafor ar an cineál scríbhneoireachta atá aici sa leabhar seo, fáiscthe as béaloideas agus creidimh na hAfraice - pobail éagsúla na Nigéire go háirithe sa sraith seo. 

Cé go bhfuil an t-úrscéal féin as Béarla, is cuid nádúrtha de an ilteangachas is dual don áit - pidgin ina measc, ach luaitear teangacha uilig na tíre agus bíonn na carachtair ilteangach. 

Ag deireadh an úrscéal roimhe leag an damhán alla cumhachtach, fíodóir na scéalta agus na cinniúintí, Udide, dualgas ar Sunny agus a cara baineann, rud a ghoid a fo-treibh, mná láidre draíochta na Nimm, a fháil ar ais di. 

Tugann an ceathrar acu faoi thuras dhúshlánach tríd an alltar, castar sprideanna cumhachtacha orthu a chabhraíonn nó a bhacann iad. Téann siad go domhain eile fiú. 

Tagann fás agus forbairt orthu ar fad i dtuiscint agus scil. 

Tá taipéis iontach saibhir agus dlúth fite ag Nnedi Okorafor as sruthanna éagsúla tuiscintí Afracacha. An rud is aoibhinn liom na an idirthéacsúlacht idir saothair dá cuid féin (tugann siad cuairt ar an domhan Ginen ina bhfuil scéal eile dá cuid lonnaithe - Zarah the Windseeker, teicneolaíocht iontach forbartha ach ar bhunús plandaí.) Agus saothair eile - tá tionchar ag The Famished Road le Ben Okri ar an scéal. An bóthar, cnuasaí na gcnámh, ceann de na harrachtaí ar gá dul i ngleic leo. 

Eachtra samhlaíochta spreagúil, neamhghnách domsa. Beidh mé ag súil le tuilleadh agus san idirlín beidh mé ag athléamh an dá leabhar roimhe seo! 

Akata Woman 
Nnedi Okorafor 

Leagan kindle a fuair mise. 


2021-01-28

Se wo were fi na wosankofa a yenkyi

Feidhmíonn an éan Sankofa i gcultúr Akan Ghana mar carachtar a mheabhraíonn seanfhocal "Níl sé mícheart dul siar chun rud atá dearmadta agat a aimsiú". Sankofa an t-ainm a tharraingíonn laoch an úrscéilín is déanaí le Nnedi Okorafor, Remote Control, chuici féin tar éis tubaiste a fhágann cách ina baile dúchais marbh de bharr cumhacht diamhair éigin aici féin. Cumhacht a fuair sí as teagmháil le dreigít diamhar glas. Anois, nuair atá sí i mbaol lasann sí le loinnir glas marfach - agus teipeann ar ghléas ar bith teicneolaíochta a leagann sí lámh air.

Páiste atá inti ag tús an eachtra, agus níl i ndán di ach fánaíocht - sa tóir ar rud éigin nach dtuigeann sí féin ró mhaith. Gan de chomhluadar aici ach sionnach Eorpach a d'éalaigh ó gairdín na n-ainmhithe, agus a raibh teagmháil aige féin leis an ndreigít. 

Tá an scéal lonnaithe i nGána a samhlaítear a bheith roinnt blianta inár dtodhchaí. 

Sa fánaíocht di fásann finscéalta fúithi mar leanbh altrama an Bháis - agus tá sí beo ar féiríní a thugann daoine di de bharr an sceoin a chuireann a cumhachtaí orthu. 

Diaidh ar ndiaidh baineann sí smacht amach ar an gcumhacht - ach ní éiríonn léi socrú síos ainneoin sin. 

Tá noda ann go bhfuil cumhachtaí sa tóir uirthi - cé nach léir an ón gceantar nó an alltar nó an dá rud iad. 

Úrscéilín sásúil a shlog mé i léamh aon oíche. 

Cuireann Nnedi Okorafor síos ar an méid a scríobhann sí mar Africanfuturism agus africanjujuism. Fáiscthe as cultúr agus béaloideas na hAfraice. Tá sí diongbháilte nach dtig dhá leath den téarma a dhéanamh le fleiscín. Fágann sin dúshlán roimh Gaeilge a chur orthu! Diúltaíonn sí don réimír Afro- de bharr go dtagraíonn sin do sliocht na ndaoine a tugadh go Meiriceá ina ndaor, agus a bhfrámaí tagartha siúd de dheasca na staire sin. 

Is ábhar úr domsa a bhíonn ina scéalta, ag oscailt réimsí nua smaointeoireachta. 


Nnedi Okorafor
Tor


2018-12-10

Akata

Ó léigh mé sraith Binti Nnedi Okorafor agus saothair eile léi bhí mé ag lorg an dá leabhair Akata Witch agus Akata Warrior. Theip orm iad a fháil ón leabharlann. Ansin fuair mé amach go bhfuil malairt teidil i gceist, i. 'What Sunny saw in the flames' agus 'Sunny and the Mysteries of Osisi'

Fós níor éirigh liom iad a fháil ón leabharlann agus ghéill mé do mo mífhoighne agus cheannaigh don Kindle iad.

Cailín óg de bhunadh na Nigéire í Sunny, a rugadh i Meiriceá. Leasainm maslach ar bunadh na hAfraice i Meiriceá is ea Akata.

Tá a teaghlach fillte ar an Nigéir. Ach sa mhullach ar a Meiriceánacht seasann Sunny amach ar chúis eile - is albino í. Ní mór di an ghrian a sheachaint dá réir.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil sí imeallaithe ar scoil, as alt san saol.

Tagann corr ina cinniúint nuair a chuireann sí aithne ar roinnt déagóirí imeallaithe eile. Faigheann sí amach go bhfuil draíocht ag baint leo - agus léi. Gur de phobail na Liopard í. Rún é seo atá le coinneáil ó na gnáthdhaoine, na hUain.

Ach cabhraíonn a cairde nua léi, a bhí i bpobal na Liopard ó rugadh iad, teacht ar an oideachas cuí agus a tallann a fhorbairt.

Aithníonn comhairle na Liopard gur meitheal ar leith an ceathrar, agus cuirtear iad i ngleic le draoi atá tar éis géilleadh don olc.

Ag deireadh an chéad leabhair éiríonn leo é a chloí ar éigin ach tá an ainspioraid a bhí á chothú aige lena dhrochghníomhartha beagnach láidir go leor briseadh isteach san ceantar ón alltar.

Rud a tharlaíonn san dara leabhar ach tar éis go leor eachtraí faigheann an ceathrar an ceann is fearr air an ainspioraid arís.

Tá na leabhair ar maos le traidisiún Afracacha agus na treibheacha éagsúla san Nigéir. Ní saineolaí mé, ach uair ar bith ar chuardaigh mé eolas fuair mé amach go raibh fréamhacha san stair nó sa chultúr ag nithe luaite.

Tá noda láidir sa leabhar go bhfuil breis eachtraí i ndán do Sunny is a cairde.

Táim ag súil leo! Cruinne samhlaíoch draíochta atá cruthaithe ag Nnedi Okorafor ach tá daonnacht, grá agus cairdeas ag a chroí. Agus streachailt agus spraoi.