Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-10

Akata

Ó léigh mé sraith Binti Nnedi Okorafor agus saothair eile léi bhí mé ag lorg an dá leabhair Akata Witch agus Akata Warrior. Theip orm iad a fháil ón leabharlann. Ansin fuair mé amach go bhfuil malairt teidil i gceist, i. 'What Sunny saw in the flames' agus 'Sunny and the Mysteries of Osisi'

Fós níor éirigh liom iad a fháil ón leabharlann agus ghéill mé do mo mífhoighne agus cheannaigh don Kindle iad.

Cailín óg de bhunadh na Nigéire í Sunny, a rugadh i Meiriceá. Leasainm maslach ar bunadh na hAfraice i Meiriceá is ea Akata.

Tá a teaghlach fillte ar an Nigéir. Ach sa mhullach ar a Meiriceánacht seasann Sunny amach ar chúis eile - is albino í. Ní mór di an ghrian a sheachaint dá réir.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil sí imeallaithe ar scoil, as alt san saol.

Tagann corr ina cinniúint nuair a chuireann sí aithne ar roinnt déagóirí imeallaithe eile. Faigheann sí amach go bhfuil draíocht ag baint leo - agus léi. Gur de phobail na Liopard í. Rún é seo atá le coinneáil ó na gnáthdhaoine, na hUain.

Ach cabhraíonn a cairde nua léi, a bhí i bpobal na Liopard ó rugadh iad, teacht ar an oideachas cuí agus a tallann a fhorbairt.

Aithníonn comhairle na Liopard gur meitheal ar leith an ceathrar, agus cuirtear iad i ngleic le draoi atá tar éis géilleadh don olc.

Ag deireadh an chéad leabhair éiríonn leo é a chloí ar éigin ach tá an ainspioraid a bhí á chothú aige lena dhrochghníomhartha beagnach láidir go leor briseadh isteach san ceantar ón alltar.

Rud a tharlaíonn san dara leabhar ach tar éis go leor eachtraí faigheann an ceathrar an ceann is fearr air an ainspioraid arís.

Tá na leabhair ar maos le traidisiún Afracacha agus na treibheacha éagsúla san Nigéir. Ní saineolaí mé, ach uair ar bith ar chuardaigh mé eolas fuair mé amach go raibh fréamhacha san stair nó sa chultúr ag nithe luaite.

Tá noda láidir sa leabhar go bhfuil breis eachtraí i ndán do Sunny is a cairde.

Táim ag súil leo! Cruinne samhlaíoch draíochta atá cruthaithe ag Nnedi Okorafor ach tá daonnacht, grá agus cairdeas ag a chroí. Agus streachailt agus spraoi.