Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-14

Teach an Gheafta

Fainic: is féidir go bhfuil milleadh plota nó dhó sa mhéid thíos!

Is é seo, go bhfios dom, an chéad úrscéal ón bhfile Cathal Ó Searcaigh.

Bhraith mé féin go raibh ábhar dhá leabhair ann, dáiríre. Urscéilín faoi searc miangasach collaí idir a laoch Mánas agus Bashir sa Mharoc. Scéal a sheasann as féin ach atá mar chúlra leis an bpríomh úrscéal. Mánas ar dhíthreabh i dteach a chaith sé cuid sona dá óige ann i Mín na Móna i nDún na nGall. Scéal teacht in inmhe agus teacht ar féin thuiscint.

Bhraith mé go raibh barraíocht den deus ex machina san timpiste a leag Bashir dá ghluaisrothair  agus as an scéal go deireadh; agus nach raibh scéal Bhashir riachtanach dáríre do scéal Teach an Gheafta.  Ba leor athfhilleadh ar láthair a óige agus marana an teacht in inmhe chun suíomh na heachtraí a chruthú.

Sin ráite, thaithin an dá insint faoi sheach liom. Maith go leor, tá cuir síos lom ar collaíocht sa chaidreamh idir Bashir agus Mánas nach raibh mé iomlán ar mo chompord leis, ach ní graostacht ar mhaithe le graostacht atá i gceist ná spreagadh fánach miangais. Shíl mé freisin go ndearnadh neamhaird ar an mbearna maoine idir an bheirt leannán ach seans gur gné de shaontacht Mánas, ós tríd a dhearcadh siúd atá an scéal á reic, atá i gceist ansin.

Tá scéal Teach an Gheafta ana mhaith, meascán de scéinséir, teacht in inmhe, marana saoil, tnuthán grá. Grá tírdhreach agus teangain. Cairdeas agus imreas.

Bhí corr snáithe fánach nár chuir leis an scéal, ach ba bheag iad.

Tá radharcanna fileata, iomann seirce do na cnoic abair, a bhainfeadh an anáil díot.

Máistir ar an teanga Ó Searcaigh agus é ag spraoi le canúintí Gaeilge agus Béarla, ag cuir focail ag rince agus ag gleacaíocht. Tá greann ina snáithe i bhréidín an scéil.

Díol maith léitheoireachta agus tá mé sásta gur ghéill mé don gcathú agus cheannaigh é. (Cuid den éadáil leabhair ó dhearbháin a fuair mé as an leathchéad a bhaint amach...)

Teach an Gheafta
Cathal Ó Searcaigh
241 lch; Clúdach Crua,
Leabhar Breac
ISBN 978-1-9099907-90-4