Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-21

Cad is fírinne ann?

Rinneadh mearscaipeadh le déanaí ar scéal #EmilyXaver, snáithe Twitter faoi beirt shaighdiúir de chuid an chéad cogadh domhanda atá curtha in aon uaigh i Sighisoara na Rómáine. I Spáinnis a bhí an bun insint, ach aistríodh go Béarla é. Sa reacaireacht Twitter thar cúpla lá reic an scríbhneoir mar ar spreag an leac leis an dá ainm, an t-aon cheann a bhí amhlaidh sa reilig, é chun fírinne a scéal a aimsiú. Sa sraith giolcanna nocht sé mar a fuair sé fios fátha an scéil diaidh ar ndiaidh thar dhá lá sa bhaile. Bhí go leor grianghraf aige, idir stairiúil is reatha, chun a insint a léiriú. Scéal grá homaighnéasach a nocht sé, nár comhlíonadh ar an saol seo de bharr doichill teaghlaigh, amscaíocht cara a sceith orthu, agus faoi dheireadh  ár an chogaidh. Gurb gníomh cúitimh an cara iad a bheith in aon uaigh. Mhúscail líon na comhtharlúintí san eachtra bleachtaireachta m'amhras, agus go deimhin tá sé ráite ag an scríbhneoir Guillem Clua gur cumadóireacht atá ann.
Ach dar leis gur cinnte go raibh caidrimh mar sin ann, agus gur ag fónamh d'fhírinne níos doimhne a bhí sé, agus go raibh na mothúcháin a spreagadh ann féin agus ina léitheoirí fíor.

Le cúpla lá anuas tá scéal iriseora de chuid an Spiegel sa Ghearmáin ag pléascadh.

Bhí duaiseanna go leor buaite ag Claas Relotius as a insint bheoga mothálach ar scéalta móra nuachta a nasc sé le daoine aonaracha go cumasach. Réalta reatha de chuid na gairme, agus gach cosúlacht air gur duine uasal agus comhghleacaí gnaíúil ab ea é.

Iriseoir eile de chuid an Spiegel a léirigh amhras i dtosach. Bhí Juan Moreno ag obair ar scéal le Relotius cé nár bhuail sé leis ach go hannamh. Bhí Moreno lonnaithe in oifig Bheirlín, é roinnt blianta níos sine na Relotius a bhí ina réalta in oifig Hamburg.

Nuair a chonaic Moreno an leagan amach don scéal, agus go háirithe na grianghraf a bhí á thionlacan bhuail amhras é agus thosaigh sé ag ceistiú. De bharr clú an fhir eile bhí doicheall roimh ceisteanna Moreno agus freagraí réidh ag Relotius.

Ar mhaithe lena chlú féin a chosaint lean Moreno air ag cnuasach fianaise. Bhí sé i Meiriceá ag clúdach scéal eile, grianghrafadóir leis, agus chuaigh sé trasna na tíre chun fios fátha na gnéithe den scéal a raibh amhras air faoi a fháil.

De bharr an fhianaise láidir sin thit caisleáin óir an fhir eile, agus d'adamhaigh sé cumadóireacht ar scála leathan, ní hamháin san scéal sin ach i go leor dá chuid duaisscéalta eile.

Tá foireann Spiegel, a bhí mórtasach as mana, An rud atá a rá,  gonta.

I ré an idirlíon is féidir fíricíní a chnuasaigh agus crot na fírinne a chuir ar an scéal a fháisctear orthu.

Maith go leor, is féidir le línseoir oilte na modhanna céanna a úsáid le teacht ar an fhírinne (ba le taighde idirlín a thosaigh Moreno a fheachtas).

Is cinnte go cabhraíonn scéalta linn ciall a dheánamh den saol. Go bhfuil íocshláinte i scéal maith mar a dúirt Guillem Clua.

Mar sin féin, is féidir le bréaga, fiú iadsan a insíodh le cúis maith, an polaitíocht a thruailliú.

Na trí rith is gaiste
Rith tine
Rith uisce
Rith éithigh

Agus bíonn dochar mór leo ar fad.

Ach ní féidir bheith amhrasach de shíor ach oiread. Tá sin dochrach don meon.

Sin an fáth go bhfuil ficsean Relotius níos measa ná scéal Clua.

Thug na nuachtáin inár foilsíodh é agus na duaiseanna a bhain sé seasamh dá scéalta.

Tá na forais sin gonta anois.

I ré ina bhfuil cath fíochmhar bolscaireachta ann, agus dúshláin mhóra roimh an cine, is tubaiste sin.

Is gá dár cinntí bheith bunaithe ar fhíricí seachas mothúcháin.

Tá an ceathrú eastáit riachtanach agus má tá sé lofa go croí táimid i bponc.