Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gairdín werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gairdín werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-06-06

Fómhair Troime


Roinnt blianta ó shin anois chuir na héin crann Troim sa ghairdín cúl. Ní dhéanaim mórán chun smacht a chur ar an ngairdín céanna agus d'fhás sé go rábach. I Mí Bealtaine bíonn neart bláthanna air. Cúpla uair anois tá síoróip déanta agam as na bláthanna céanna. Seo an oideas a bhainim feidhm as. 

3 l uisce
3 kg siúcra
3 líomóid (gan céar orthu!)
50 g aigéad citreach
20 bláth troime

Phioc mé na bláthanna chomh luath agus a bhí na bláithíní oscailte, ag seachaint cinn le feithidí. (Bíonn plód feithid liath ar ghasanna cuid de na bláthanna).

Déantar an siúcra a thuaslagann san uisce tríd é a théamh. 

Baintear na bláithíní de na gasanna, le forc mar shampla. 

Gearrtar na líomóidí i sliseanna. 

Cuirtear na bláithíní, líomóidí agus an t-aigéad citreach isteach sa síoróip agus cuirtear an pota in áit dorcha ar feadh cúpla lá. 

Ansin déantar scagadh ar an leacht trí criathar agus ceirt ann chun na bláithíní agus líomóidí a bhaint as. Déantar an leacht a bhruith ansin agus é a chuir i mbuidéil. 

Chun é a ól, déantar cúig cuid uisce a chuir le cuid amháin síoróipe. Blasta! 



2023-06-07

Ag caomhnú milseacht na Bealtaine

Nuair a bhogamar isteach san teach seo, breis agus scór bliain ó shin anois, bhí sraith cufróg Leyland a fiche ar airde an tí ag bun an ghairdín. Bhí smacht níos fearr orthu ar taobh amháin den ngairdín agus fál déanta ann. Nuair a bhog muid isteach, fuair muid duine chun an barr a bhaint de na crainn, ach níorbh réiteach buan sin, d'fhás siad arís. Faoi dheireadh b'éigean iad a leagan ar fad. Ní cuimhin liom go beacht, thart ar 2009 sílim, a rinneamar sin. D'fhan stumpaí sa talamh agus an talamh féin crua clochach driseach. Ní garraíodóir mé ar aon nós. Scaoil muid leis. Le blianta beaga anuas tá an ghairdín imithe chun fiántas ar fad. Tá na leanaí fásta agus an trampailín mór groí a bhí sa ghairdín le fada ag éirí meirgeach. Bhí gá le gortghlanadh. An tEarrach seo fuair muid garraíodóir gairmiúil a rinne an bheart, an trampailín a bhaint óna chéile agus na driseacha agus fiántas a ghlanadh as. I gcomhairle le mo nuachar, d'fhág sé cúpla rud ag fás. Crann gingko a chuir muid féin. Rós. Tor amháin. Agus Trom a chuir na héin blianta ó shin.

Dhá bhliain ó shin rinneamar síoróip as dornán bláthanna uaidh. Bhí fúinn é dhéanamh anuraidh freisin, ach nuair a chuaigh mé chun na bláthanna a bhaint bhí na gasanna dubh le aifidí.

Tar éis don gairdín a bheith glanta, is cosúil gur tháinig breis fuinnimh san Trom agus tá fás rábach faoi. Bhain mé dornán bláth le déanaí, cé go raibh sé deacair teacht orthu. (Tá rún agam an chrann a ghearradh siar go géar an gheimhreadh seo chugainn. Tá súil agam nach mbeidh orm dul suas ar dhréimire luaineach chun fómhair milis a bhaint!) 
Ghearr mé líomóid orgánach saor ó chéir ina shliseanna. É sin agus caoga gram aigéad citreach anuas ar na bláthanna, tar éis na gasanna a bhaint daofa. Cileagram go leith siúcra a bheiriú i lítear go leith uisce. É a dhoirteadh ar na bláthanna. An t-iomlán a fhágáil ar maos sa dorchadas sa gharáiste ar feadh trí lá. An leacht a scaoileadh tríd criathar. Agus an síoróip a bheiriú arís. Isteach i gloiní glana. 

Anois, diaidh ar ndiaidh thart ar deich n-oiread uisce a chuir leis. Agus é ól. Blasta... 


2019-08-24

Gairdín Bhríde




Ar ár mbealach abhaile ón Traidphicnic i Mí Iúil , bhí fonn orainn Gaillimh a sheachaint agus greim lóin a ithe. Thrasnaigh muid na cnoic (agus chuir bóithre Chonamara sceon ar mo nuachar a bhí ag tiomáint) go Maigh Cuilinn agus Gairdín Bhríde.

Gairdín ealaíne agus bláthanna, leagtha amach ina cheithre chuid de réir na sean féilte Gaelacha, Imbolc, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Táim amhrasach faoin nua phágántacht, agus faoi cuid den "teagasc ársa" nach bhfuil chomh hársa sin dáiríre.

Ní théitear thar fóir lena leithéid áfach, agus is áit deas an ghairdín le ham a chaitheamh. 

Tá bialann spéisiúil ann freisin agus roinnt de na comhábhar tógtha on ngairdín. 

Áit dheas chun turas a bhriseadh.