Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label oideas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label oideas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-06-06

Fómhair Troime


Roinnt blianta ó shin anois chuir na héin crann Troim sa ghairdín cúl. Ní dhéanaim mórán chun smacht a chur ar an ngairdín céanna agus d'fhás sé go rábach. I Mí Bealtaine bíonn neart bláthanna air. Cúpla uair anois tá síoróip déanta agam as na bláthanna céanna. Seo an oideas a bhainim feidhm as. 

3 l uisce
3 kg siúcra
3 líomóid (gan céar orthu!)
50 g aigéad citreach
20 bláth troime

Phioc mé na bláthanna chomh luath agus a bhí na bláithíní oscailte, ag seachaint cinn le feithidí. (Bíonn plód feithid liath ar ghasanna cuid de na bláthanna).

Déantar an siúcra a thuaslagann san uisce tríd é a théamh. 

Baintear na bláithíní de na gasanna, le forc mar shampla. 

Gearrtar na líomóidí i sliseanna. 

Cuirtear na bláithíní, líomóidí agus an t-aigéad citreach isteach sa síoróip agus cuirtear an pota in áit dorcha ar feadh cúpla lá. 

Ansin déantar scagadh ar an leacht trí criathar agus ceirt ann chun na bláithíní agus líomóidí a bhaint as. Déantar an leacht a bhruith ansin agus é a chuir i mbuidéil. 

Chun é a ól, déantar cúig cuid uisce a chuir le cuid amháin síoróipe. Blasta! 



2022-11-07

Subh draighin mara

Blianta fada ó shin, agus muid fós ag siúl amach, thug mo nuachar anois mé go dtí Hiddensee i Muir Bailt. Áit a bhfuil cáil air as líon na dtor draighin mara ann, agus bíonn sú, milseáin agus subh agus gach rud faoin spéir á dhíol acu déanta as na caora flannbhuí atá lán de vitamín C.

Cé go bhfuil an draighin mara luaite i Flóra Chorca Dhuibhne, ní planda é a bhí coitianta go dtí gur tugadh isteach é ó Shasana chun na dumhcha a neartú. Is cosúil áfach gur fadhb in áiteanna anois é. 

Chuaigh mé dheirfiúr agus a céile ag piocadh na caora ar Oileán an Bhulla cúpla seachtain ó shin, ar mhaithe leis an scaipeadh a mhaolú. (Níl fhios agam an bhfuil tionchar aige sin, dáiríre, mar is trí riosóm is mó a scaiptear é, de réir mo thuisceana).

Reoigh siad na caora, agus ag an deireadh seachtaine bhailigh mé thart ar Kilo go leith uathu. Shocraigh mé subh seachas sú a dhéanamh. Tarlaíonn sé go bhfuil peictín úll sa tigh ó thogra éigin eile. 
Mar sin rinne mé gugláil ar oideas suibhe a déantar le peictín. 

Moladh ansin purée a dhéanamh de na caora, le beagán uisce. Níor bhac mé le huisce breise seachas ligean do na caora díreo. Ansin an purée a chuir tríd criathar mín chun an sú a scaradh ó na síolta. Bhí orm roinnt de a fháisceadh tríd ceirt muislín chun an sú ar fad a fháil. 

Sa bhreis ar na síolta fágadh mé le fuílleach eile, craiceann measaim. 

Bheirigh mé an sú le leath a mheáchan de siúcra. É a suanbhruith ar feadh ceithre nóiméad. 20g peictín le 50 g siúcra a chuir le Kilo caora agus 450 g siúcra beirithe a bhí luaite san oideas. Trí thaisme chuir mé dúbailt ann seachas méid go leith mar a bhí i gceist agam. Tá an toradh beagán níos righne ná mar ba mhaith liom! É a shuanbhruith ar feadh nóiméad nó dhó agus é líonadh sna prócaí agus é fós te. 

Cuirimid na prócaí béal faoi ar feadh tamaill nuair a dhéanaimid subh - cuireann sin séala ar an subh nuair a chrapann sé agus é ag fuarú. 

Bhain mé triail as an dtoradh ar maidin, agus bhí sé blasta!