Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-19

Flóra na Samhlaíochta

Is cuid de mo ghnás (beagnach) laethúil ó thús na paindéime siúl sa choill bheag atá buailte ar an eastáit ina bhfuil cónaí orm. Is fear cathrach mé, ach spreagadh mé ag Bitheagsúlacht Éireann agus m'fhonn féin  amharc níos grinne thart orm, aird a thabhairt ar iontais Dé agus an dúlra. Coill measctha is ea an choill, agus deis ag neart bláthanna fás ar urlár na coille. Tá na séasúir uilig feicthe anois agam. Thug mé suntas cheana do Flóra Chorca Dhuibhne  - idir leabhar agus fásra cois bóthair agus ar na cnoic. Táim ag foghlaim liom, agus le déanaí suntas tugtha agam do Lus na gCnapán, Lus na Gaoithe, agus Seamair Choille - uilig faoi bhláth faoi láthair. Tá cumhracht an chreamha sa choill cé nach bhfuil radharc fós ar na bláthanna. 

Ar ndóigh tá Bríd Ní Mhóráin lonnaithe i gCorca Dhuibhne, agus an lusra thart uirthi. Sa chnuasach iontach filíochta seo leanann sí cuireadh ón mBé suntas a thabhairt do na rudaí beaga thart uirthi san ré seo inar chaitheamar ar fad tréimhsí fada sáinnithe gar don mbaile. 

Fíonn sí dánta snasta gleoite as cuma na mbláth agus an mbéaloideas - na íocshláintí a ghabhann le lusanna ar leith. Don foghlaimeoir cathrach seo is mór an ghar go bhfuil na hainmneacha Laidine leis na bláthanna; mar is minic go mbíonn ainm áitiúil nó níos mó ná ainm amháin ar lus.

Tá na léaráidí spéisiúil - píosaí ealaíne origami, gan ach baint scaoilte acu leis na bláthanna atá faoi chaibidil. Ach tá siad go deas.

Agus don té atá fiosrach, tá gluais ann ina bhfuil grianghraf de na bláthanna agus ainmneach Gaeilge, Laidine agus Béarla - áis don té ar mhian leis breis eolais a aimsiú. 

Cnuasach gleoite, a chabhraíonn le hintinn agus anam - spreagadh chun oscailt súil agus suntas a thabhairt do na rudaí beaga áille faoinár gcosa!


Flóra na Samhlaíochta
Bríd Ní Mhóráin 
Foilseacháin Ábhair Spioradálta