Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-21

Dirk Gently agus a Ghníomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánaíoch

Bhí mé san ollscoil nó beagán roimhe nuair a thosaigh mé ag léamh saothair Douglas Adams. Ba dheacair cur síos a dhéanamh air - is duine ann féin a bhi ann, agus samhlaíocht áiféiseach grinn aige. Is ar Treoirleabhar síobaire don réaltra is mó atá cáil, is dócha, ach tá dhá úrscéal aige faoi Dirk Gently agus a mhodh ar leith fadhbanna a fhuascailt. 

Is cosúil gur tháinig Risteárd Mac Annraoi ar an gcéad úrscéal seo acu de thaisme, gur bhain sé sult mhór as agus gur bheartaigh sé Gaeilge a chuir air.

Go hiondúil, ní bheadh spéis agam in aistriúchán ar leabhar a bhí sean-léite agam sa bhunleagan; ach bhí mé fiosrach faoi conas a chuirfeadh Risteárd Gaeilge ar eachtra spleodrach ficsean eolaíochta, le hinneall ama, taibhsí, dúnmharú, siar is aniar agus bleachtaire a chreideann gur gá gach ceist a chíoradh go hiomlánaíoch.

Stíl Adams na giota fada a scríobh agus casadh tobann a dhéanamh a chuireann an léitheoir ag gáire go croíúil de bharr imeartas focail gan choinne. Dúshlán ar leith a leithéid a aistriú ach shíl mé go ndearna sé an-lámh air. Níor baineadh tuisle asam ach uair nó dhó - measaim go bhfuil jó amháin faoin fáth ar maraíodh duine amháin nár tháinig iomlán slán.

Tá scéal bleachtaireachta agus scéinséir de chineál i gceist, siar agus aniar san am, taibhse díoltasach ag iarraidh greim a fháil ar dhuine chun beart a chuir i gcrích. Cuid den teicneolaíocht - gléas freagartha, abair, a bhí iontach nua am a fhoilsithe ach iontach ársa anois ... is iomaí corr sa theicneolaíocht!

Bhain mé taitneamh as an leabhar seo agus tá mé breá sásta gur cheannaigh mé é!

Féin-fhoilsithe
Douglas Adams, Risteárd Mac Annraoi (aistr.)