Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-27

Síol Éabha

Rinneamar seomra an déagóra a athchóiriú le déanaí; bhí gá le ball troscán sa bhreis ar na leabhragáin a bhí aimsithe againn - bord nó cófra cois leapain. D'aimsigh mo nuachar siopa athláimhe a raibh a leithéid acu, thuas sna sléibhte in aice leis an Láithreach. Siopa neamhfhoirmiúil, coinne de dhíth, é i dteach duine. Chuaigh mé léi mar ghiolla iompair. 

Pluais Aladin de siopa atá ann, agus chaitheamar súil thart air. Mar is iondúil thit mé faoi gheasa na leabhair. Mheall leabhar le Pádraic Ó Conaire liom, leabhar gearrscéalta "Síol Éabha" foilsithe ag an gComhlacht Oideachas. Níl fhios agam an raibh sé dírithe ar dhaltaí scoile - ní shamhlóinn é!

Mná - mar a thugann an teideal le fios - atá i gceist sna scéalta seo. Agus luíonn an saol go trom orthu ar fad. Cruatan idir nádúrtha agus daonna; feall imeartha orthu agus feall á imirt acu; tinneas coirp agus intinne. Cnuasach bheoga ach sách duairc. Maidir leis an Mairnéalach Buí sa scéal deiridh, is buí sa chiall crón atá i gceist - fear ó mhór roinn na hEorpa i gceist.

Agus ní dóigh liom go bhfuil scéal ar bith acu a sheasann promhach Bechdel - bíonn fear ina chúis iontu ar fad. 

Tá eagrán den leabhar ar fáil ar archive.org

Tá mé lánsásta go bhfuair mé luach mo dhá euro! Is iontach beoga an ghearrscéalaí é Ó Conaire agus corraíonn na scéalta seo an chroí.