Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-23

Cnuasach trá

Bhí cónaí ar mo Nana i Seanchill. Chaith mé féin sealanna ag cónaí léi sna hochtóidí agus go minic shiúlamar an trá idir Cill Iníon Léinín agus Bré, cladach duirlinge agus aillte arda cré ar a chúl. An uair úd bhí na céadta píosa beaga gloine le fáil ar an trá - bán líonmhar, glas agus donn gan a bheith chomh líonmhar céanna, gorm annamh. Bhailigh mé próca mór díobh uair, é i gceist agam iad a úsáid chun samhail iarnróid - nár thóg mé riamh - a mhaisiú. Is dócha gur ar ais sa bhruscar a chuaigh siad ar deireadh - ar a dhéanaí nuair a d'fhág mé teach mo mhuintire chun dul chun na Gearmáine. 
Le déanaí shiúl mé an trá arís. Ó shin i leith tá an chreimeadh cósta dulta in olcas agus is beag atá fágtha de na ballaí cosanta ar chuimhin liom iad. Ní fhaca mé ach an píosa gloine úd atá i mo lámh sa phictiúir thuas. Ach líon mé mála mór dubh de phlaisteach ... fuíoll cúpla balúin ina measc, sa mhullach ar na gnáth buidéil plaisteach aon uaire. Ní dócha go rachaidh a leithéid i léig chomh gasta agus a chuaigh an gloine, nach bhfuil, tar éis an tsaoil, chomh héagsúil sin le gaineamh - seachas ar ndóigh pé ábhar a chuir dath air.
Píobán adhmaid ag gobadh
as an aill chreimthe cré
Cé go raibh mé tar éis seiceáil go mbeadh an taoide ag dul amach agus mé ag siúil, ní raibh sé amuigh chomh fada agus a bhí mé ag dréim leis agus ní raibh ach leithead cúpla méadar de thrá agam. D'éirigh liom mar sin féin mo bhealach a dhéanamh chomh fada le Bré. Ansin bhí fadhb agam mar go bhfuil obair ar bun chun an sean láthair dramhaíl a chosc ó bheith creimthe agus scuabtha chun farraige...D'éalaigh mé mar féin agus fuair mé réidh leis an bruscar a bhí cnuasaithe agam.
Piardálaí trá le Bré sa chúlra


Ní, buíochas le Dia, bruscar ar fad a chonaic mé. Ceilte go maith ag an duirling bhí feadóga cladaigh agus piardálaithe trá fairsing - deacair iad a fheiceáil go dtí go raibh mé nach mór sa mhullach orthu agus shin thosaigh siad ag bogadh! Nuair a bhí ceann amháin feicthe ansin chonaic mé go raibh ealta ann! Ba fhusa na cailleach mara - agus gainéad amháin, agus corr éisc a fheiceáil ar an uisce agus sa spéir. Bhí roilleacha ann freisin ealta acu. Agus faoileáin, ar ndóigh, ach bíonn siadsan chuile áit...

Siúlóid ana-dheas atá ann, agus tá súil agam, ach a mbeidh na hoibreacha críochnaithe san samhraidh, go mbeidh deis arís siúl isteach go Bré go dleathach gan sconsaí agus geataí le sárú...



An chéad uair eile áfach déanfaidh mé cinnte de ní hamháin go mbeidh an taoide amuigh, ach go mbeidh sé fada amuigh!