Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-20

Imeacht na nIarlaí

I ndiaidh dom Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn: Dialann Taistil nó Taisteal Anama? ar Comhartaighde, dúirt mé ar Twitter gur mór an trua nach bhfuil fáil ar Imeacht na nIarlaí i nGaeilge na linne seo. Dúradh liom - beirt a luaigh é, Antain MacLochlainn ar dhuine acu más buan mo chuimhne - gur fhoilsigh FNT leagan in eagar ag Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich.

Chuir mé fios air dá réir - ón leabharlann. Insíonn an ghreamán "Íoslach" ar an gclúdach a scéal féin - agus go deimhin bhí leathanaigh san leabhar nach raibh gearrtha fós, sa chuí is go bhfuil amhras orm nach raibh duine ar bith romham tar éis an chóip áirithe sin a léamh!

Ach níl an téacs baileach i nGaeilge na linne seo - mar a rinne de Barra i gcás Foras Feasa agus Agallamh na Seanórach (atá áit éigin i mo L-spás) tá an chaint an-ghar don mbunleagan agus go leor, leor focail atá tite as úsáid ann, cé go bhfuil formhór acu ar fáil (leis an nod Lit go minic) i FGB. Cabhraíonn sé áfach go bhfuil go leor athrá i gceist. Tugann Ó Cianáin go leor suntas do chaisleáin agus oibreacha eile míleata - agus an dúrud suntas d'eaglaisí agus na míorúiltí a luadh leo! Tá an sliocht faoi Loreto a bhí faoi chaibidil ag Mac Craith agus a spreag m'fhiosracht sa chéad áit fágtha ar lár ag na heagarthóirí toisc nár bhain sé le turas na nIarlaí! Tá scéalta go leor ann áfach faoi eachtraí ar an oighear, timpistí nó beagnach timpistí. Tá scéilín fánach ann faoi aimsiú bradáin i linn in aice srutháin.

Ach tá formhór den insint gafa leis an dturas, an ómós a léiríodh do na hIarlaí, an ómós a léirigh siad, cuairteanna ar dhaoine mór le rá, agus ar eaglaisí mór le rá. Is léir go bhfuil Ó Cianáin ag iarraidh dintiúir Ó Néill agus Ó Domhnaill mar phrionsaí Chaitliceacha - gur cuid den mhisean é an leabhar Imeacht na nIarlaí. 

Chomh maith le leagan d'insint Uí Chianáin, tá réamhrá cuimsitheach ann ina déantar cuir síos ar na daoine a chreidtear a bheith in éineacht leis an hIarlaí ar an Turas. Agus tá tráchtaireacht rí-spéisiúil ag Tomás Ó Fiaich sa leabhar - é ag tarraingt as cartlainne taidhleoirí agus spiaraí Shasana, na Spáinne, na Fraince - agus suntasach go maith mar dream neamhspléach go pointe - na Veinéise. Tá pictiúr agus léarscáil ag dul leis an leabhar freisin.

Don té áfach ar mian leis blaiseadh samhlaíoch a fháil den turas, measaim gur fearr de bhlaiseadh a bheadh ar fáil ó Bealach na Spáinneach Liam Mhic Cóil - ó tharla gur thaisteal Lúcás Ó Briain cuid mhaith den bhóthar céanna leis na hIarlaí agus é ina ndiaidh. 

Ba bhreá liom insint bhríomhar mothúchánach mar sin a fheiceáil, agus is cinnte go bhfuil eolas luachmhar san leagan seo ag de Barra agus Tomás Ó Fiaich - braithim áfach go mbeadh sé ró dheacair agus ró thur don gnáth léitheoir mar atá.