Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label pádraic ó conaire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label pádraic ó conaire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-04-27

Síol Éabha

Rinneamar seomra an déagóra a athchóiriú le déanaí; bhí gá le ball troscán sa bhreis ar na leabhragáin a bhí aimsithe againn - bord nó cófra cois leapain. D'aimsigh mo nuachar siopa athláimhe a raibh a leithéid acu, thuas sna sléibhte in aice leis an Láithreach. Siopa neamhfhoirmiúil, coinne de dhíth, é i dteach duine. Chuaigh mé léi mar ghiolla iompair. 

Pluais Aladin de siopa atá ann, agus chaitheamar súil thart air. Mar is iondúil thit mé faoi gheasa na leabhair. Mheall leabhar le Pádraic Ó Conaire liom, leabhar gearrscéalta "Síol Éabha" foilsithe ag an gComhlacht Oideachas. Níl fhios agam an raibh sé dírithe ar dhaltaí scoile - ní shamhlóinn é!

Mná - mar a thugann an teideal le fios - atá i gceist sna scéalta seo. Agus luíonn an saol go trom orthu ar fad. Cruatan idir nádúrtha agus daonna; feall imeartha orthu agus feall á imirt acu; tinneas coirp agus intinne. Cnuasach bheoga ach sách duairc. Maidir leis an Mairnéalach Buí sa scéal deiridh, is buí sa chiall crón atá i gceist - fear ó mhór roinn na hEorpa i gceist.

Agus ní dóigh liom go bhfuil scéal ar bith acu a sheasann promhach Bechdel - bíonn fear ina chúis iontu ar fad. 

Tá eagrán den leabhar ar fáil ar archive.org

Tá mé lánsásta go bhfuair mé luach mo dhá euro! Is iontach beoga an ghearrscéalaí é Ó Conaire agus corraíonn na scéalta seo an chroí.

2016-05-29

Seacht mBua an Éirí Amach

Tá an leabhar seo ar mo leabhragán le fada agus do léigh mé cúpla uair é. Ach léigh mé arís le déanaí é, spreagtha ag Club Leabhar i COBÁC.

Caithfidh mé ag rá gur dóigh liom nach é seo buaic saothar Uí Chonaire ná baol air. Tá cuid de na scéalta fíor lag; fiú dá mbeadh eagarthóir fónta ag Ó Conaire, ní dóigh liom go bhfeadfaí iad a fheabhsú, agus is léir nach raibh eagarthóir aige.

Mar sin féin, tá scéalta de scoth an, agus tá roinnt den na scéalta ann i measc a rogha a rinne Tomás de Bhaldraithe i Scothscéalta.

Cé go raibh Ó Conaire gníomhach sa ghluaiseacht agus ana chairdiúil le Micheál Ó Coileáin, abair, bhí sé ina Thimire de chuid Conradh na Gaeilge in Uladh i 1916 agus ní raibh lámh ná páirt aige san Éirí Amach.

Braithim go bhfuil iarracht de leorghníomh le braith ar an leabhar seo - go bhfuil léargas ar a mhothúcháin faoi ann. Feicim tréithe de chuid Ó Conaire san File Caol Dubh, abair.

Mar a tharlaíonn sé tá aistriúchán go Béarla ar na scéalta ar na bacáin ag Diarmuid de Faoite. Chonaic mé léiriú Diarmuid de Faoite ar Phádraig Ó Conaire ag Imbolc i mbliana. Bhí na dréachtaí á léamh aige i léamh dhá theangach oíche Aoine, le tionlacan amhráin agus ceoil ag Nuala Ní Chanainn. Léim Diarmuid sall is anall idir Béarla agus Gaeilge, ag léamh sleachta as na scéalta, a aistriúchán orthu, nó ag roinnt a eolas ar chúlra na scéalta. Ag an nóiméad ceart ghearradh Nuala isteach le hamhrán nó port de chuid na linne ar an bhfidil.

Bhí an ócáid ar siúl i seomra beag thuas staighre san Teach Tábhairne an Lord Edward, mar a bheadh parlús ann. Tá an Lord Edward buailte ar Ardeaglais Chríost agus chuir cloig na hArdeaglaise go comthráthúil leis an imeacht, ag bualadh mar shampla agus Nuala ag canadh faoi na "the Angelus bells o'er the Liffey swell, rang out in the Foggy Dew"

Ócáid thar a bheith taitneamhach a bhí ann, agus tá fonn orm anois filleadh ar roinnt de na scéalta; ach táim fós den tuairim nach é seo buaic saothar Uí Chonaire.

Tá seans ann go mbeidh deis eile blaiseadh den ócáid seo nuair a sheoltar aistriúcháin Dhiarmuid - agus b'fhiú. Agus ba cheart go mbeadh deis san Ardchathair a léiriú ar Phádraig Ó Conaire a fheiceáil san Fómhair.

Tá an eolas ag Diarmuid de Faoite ar Ó Conaire agus a shaothair, agus roinn sé roinnt den eolas sin le linn na hócáide; luaigh sé mar shampla nach raibh eagarthóir ceart ag Ó Conaire ón am a d'éirigh Pádraig Mac Piarais as eagarthóireacht an Chlaíomh Solais - agus go bhfuil sin soiléir i dtitim caighdeán an méid a d'fhoilsigh sé.

Eagrán dara láimhe atá agam féin, a athfhoilsíodh sna 1970í agus an clúdach thuas air, Ach tá an leabhar ar ais i gcló; agus beidh leagan dhátheangach le haistriúcháin Dhiarmuda á fhoilsiú amach sa bhliain.

Seacht mBua an Éirí Amach
Pádraic Ó Conaire,
Cló Iar-Chonnacht

2014-07-08

Brian Óg

Spreag an mír seo leis an Léirmheastóir Aineolach mé le dul sa tóir ar an saothar seo le Pádraic Ó Conaire nach raibh léite cheana agam. 

Chuaigh mé i muinín BorrowBooks mar sin (ós rud é go bhfuil an leabhar as cló) agus tháinig chugam ó carcair éigin i leabharlann Liatroma cóip den leabhar san seanchló. Cé gurbh an Comhlucht Oideachais a d'fhoilsigh níl léaráidí ná foclóir san leagan a fuair mise - is ar líne a d'aimsigh mé an léaráid thall. Níl dáta foilsithe ar an leabhar, ach tá an cuma ar go raibh sé ag scoláire éigin sular bhfuair an leabharlann é - tá línte faoi focail áirithe agus gluaiseanna. Tá an bileog iasachtaí fós gan smál - n'fheadar an mór bliain a bhí an leabhar a luí ar seilf gan léamh!
Scéilín gaisceoireachta ann, lonnaithe in am Cogadh an Dá Rí, agus ról ag Séamas a' Chaca féin ann.

Ag tús an leabhair tá Brian Óg an teidil ina ábhar sagairt i Lisboa ach fonn láidir air - agus cuid mhór dá chomhábhair sagairt freisin - dul le saighdiúireacht agus a gcion a dhéanamh ar son na hÉireann ar an mblár catha seachas sa chrannóg.

Scéal éadrom do ghasúir scoile atá ann, eachtraíocht sách áiféiseach ach taitneamhach. Tosaíonn sé amach sochreidte go leor agus é á sheoladh abhaile - de bharr páirt i gcomhraic dar leis, ach dáiríre cionn is go bhfuil a athair tinn. Ach téann an scéal chun áibhéile agus é sa bhaile in Éirinn áit a mheallann bé é le héalú léi ón páirtí atá ceaptha ag athair agus Rí di. Tá casadh agus lúba dochreidte san cuid seo, agus noda do scéal níos leithne nach dtagann aon forbairt orthu.

Más buan mo chuimhne dúirt Ó Conaire féin ná raibh tíoránaigh níos measa a bheith ag scríobh dó ná gasúir scoile - is ar mhaithe le pinginí a scríobh sé na leabhair seachas le fonn.
Mar sin féin bhain mé sult as agus d'alp siar d'aon iarracht amháin. Ach b'fhearr liom a chuid gearrscéalta nó fiú Fearfeasa Mac Feasa - leabhar seoigh (atá i gcló arís ag Leabhar Breac!) - ná an ceann seo.

2013-09-18

Réabhlóid Uí Chathasaigh

D'athmhúscail an leabhar Beirt Bhan Mhisniúla mo spéis i Pádraic Ó Conaire, cé go bhfuil a shaothar á léamh agus athléamh agam le fada. Tá an cnuasach dá aistí pholaitiúla a rinne Aindrias Ó Cathasaigh An tAthrú Mór agam le fada agus mé ag léamh sleachta as anois is arís.
Bhí sé i gceist agam an beathaisnéis a scríobh Aindrias a léamh uair éigin - agus chuir mé an rún sin i gcrích le linn an tsamhraidh.
Is mar léitheoir ar son an phléisiúr agus sásamh a léim leabhair - ní staraí ná scoláire mé. Cuir le'm eolas mo sprioc.
Sprioc a comhlíonadh ag an leabhar thaitneamhach seo. Caibidil sách gairide, lán eolais. Dóibh siúd ar mian leo dul níos doimhne san scéal, nótaí tagartha ag deireadh gach caibidil, foinsí luaite go sonrach.
Píosa snasta oibre agus measaim go bhfuil cruthú téise Aindrias - go raibh bá don eite clé ag Ó Conaire - ann. (Ainneoin gurbh Státaire an Ó Conaire céanna!)
Spreag sé mé chun Pádraic Ó Conaire: Deoraí le Pádraigín Riggs a léamh, ach bhí an saothar sin ró thur, acadúil dom agus is beag adhmaid a bhain mé as.
Tá bua na heagarthóireachta agus na reacaireachta araon ag Ó Cathasaigh, agus tá rún agam níos mó dá shaothair - idir beathaisnéisí agus eagarthóireacht - a léamh.

Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim 2007

2010-09-04

Ochtú Bua an Éirí Amach

Pádraic Ó Conaire, ón gnáth-fhoinse.
Sin, más fíor, an teist a thug Seosamh Mac Grianna ar gearrscéalta Phádraic Uí Conaire "Seacht mBua an Éirí Amach". Mar a luaigh mé, bhí an leabhar seo i measc na leabhair a cheannaíos ar na mallaibh; agus deis agam ó shin na scéalta a léamh.

Cuireann Éirí Amach na Cásca corr i saol gach duine sna scéalta seo; agus níl an Éirí Amach lárnach in aon scéal. Ina áit is ar an gcaidreamh daonna - an ghrá agus an gean ina ghnéithe iomadúla a dhíríonn Ó Conaire a mháistreacht.

Agus is máistir scéalta iad seo cinnte. Tá áthas orm go bhfuair mé an deis dul i ngleic leo. Is mór an feall an leabhar a bheith as cló; ach tá an cuma air go bhfuil teacht fairsing air sna leabharlanna.