Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-09

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe, Orléans ar lean - Domhnach

D'éirigh mé go moch arís maidin Domhnaigh agus sleamhnaigh amach chun boulangerie a aimsiú roimh Aifrinn. Caife fiúntach agus croissant don gcéadphroinn dom féin agus baguette agus arán fada milis le cnapanna seacláide ann. Venoiserie. Bhí am agam iad a fhágáil ar ais san árasán roimh dul ar Aifreann in eaglais San Donatien, mairtíreach ón tréimhse Rómhánach. Sé an Easpag féin a léamh, cuma air gur fear réchúiseach greannmhar é, ach níl Fraincis diongbhála a aitheasc agam! Thuig mé a éirim áfach.

Agus bhí cantaireacht binn ón bpobal freisin. 

Tar éis Aifrinn ar chun daraphroinn a chaitheamh leis an déagóir agus amach linn ag eachtraíocht. Thugamar aghaidh arís ar an margadh, ag fánaíocht thart. Bhí fonn orainn ceol a chlos, ach ní raibh sé soiléir cathain a bheadh a leithéid le clos. Faoi dheireadh chuir muid ceist ar fear a bhí ag siúl thart le micreafón, ag déanamh fógraí nár thuig muid! Dúirt sé go mbeadh ceol ag leathuair tar éis an dó dhéag. Bhí cleas Too good to go imeartha arís againn, agus é sin le bailiú ó bhialann Indiach roimh a 14:30.

Neart ama le fanacht ar an gceoil dá réir. Agus cidre d'ól. Nó sú úll.
(Bhí neart seastáin bia agus dí ann, idir meánaoiseach agus measartha comhaimseartha, ach tá bia maith ag na Francaigh cibé agus meas ar bhia). 

 
 

Rinne na ceoltóirí camchuairt an aonaigh roimh seit a sheinm ar stáitse beag. Bhíodar bríomhar aerach spleodrach. 

Fuaireamar corr féirín ar an aonach idir Domhnach agus Luain. Bhí seastán don Auld Alliance idir Alba agus an Fhrainc. Tráth cogadh na Céad bliain bhí Albanaigh ag troid gualainn ar ghualainn leis na Francaigh i gcoinne na Sasanach. 

Chuaigh muid ansin chun an mála iontais Indiach a bhailiú, bhí tuairim againn gur te a bheadh sé seachas le hatéamh, agus bhí rún againn é ithe dá réir. 
Bhí, leis. Ní raibh úsáid ar bith againn don Coke agus níor smaoinigh mé sách gasta lena mhalartú ar rud éigin eile. Mar sin, thug mé don mbean glantacháin óg a bhí ag glanadh an árasán trasna uainn é. 

Bhí Café cluichí tugtha faoi ndeara agam ar mo shiúlóid cois Loire. Chuaigh muid chun triail a bhaint as. 

Bhí seilf mór groí de chluichí ar fáil ar iasacht, agus bia agus deoch le ceannach. Thogh muid cluiche eachtraíochta do bheirt a raibh cuma spéisiúil air. D'imir muid an cluiche uraiceachta, ach i ndáiríre ní raibh ár ndóthain Fraincise againn chun na rialacha ar fad a thuiscint don gcluiche féin. Tháinig muid ar aistriúchán bearnach go Béarla ar líne, ach fós ní raibh meabhair a bhaint againn as. Chaith muid san aer é. Ach thaithin an áit agus an smaoineamh linn mar sin féin, agus bhí teaghlaigh agus grúpaí cairde thart orainn ag baint sult as. 

Bhí Freddie tar éis áit a aimsiú ar Too good to go a raibh fuílleach bricfeasta le tabhairt ar siúl acu ar phinginí beaga, bhailigh muid díol lóin agus bricfeasta dá réir ó óstán. Chuaigh mise ag siúl ansin, mar a scríobh mé sa mhír deireadh. 

Tháinig mé ar ais fliuch go craiceann! Ba shó ar leith cith te. 

Ní raibh An Cailín Ciúin feicthe ag Freddie. Bhí léiriú um a hocht sa phictiúrlann áitiúil. Líon sin an bearna go breá roimh an taispeántas a bhí le bheith ag a deich i gcearnóg na hardeaglaise - ómós do mheirge Jeanne d'Arc, agus ansin Son et Lumière. 
Bhí slua mór ann, agus ní raibh an radharc is fearr againn ó thaobh na hardeaglaise, ach bhí an taispeántas aoibhinn spleodrach. Meascán mearaí draíochtach de cheol agus de dhathanna. Aisteach uaireanta, i meandar amháin rinneadh seacláid den ardeaglais agus bhí éistphéist Willy Wonka á cheol! 

Bhí sé draíochtúil. Ní bheadh clamhsán ar bith agam murach go bhfuil na Francaigh tugtha d'ól toitíní... Ionsaí ar mo pholláirí! 

Lá iontach mar sin féin, agus d'fhill muid go sásta ar an árasán.