Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-21

Sráideanna geala Orléans

Chaitheamar ceithre oíche agus trí lá iomlána ag cuir fúinn i gcathair Orléans, i lár an tseanchathair. Bhí na sráideanna go hiomlán saor ó charranna, seachas ag amanta áirithe ar mhaithe le seachadadh earraí nó chun na sráideanna a ghlanadh. Bhí an rochtain rialaithe, le mullaird a d'ísligh faoi smacht leictreach. 

Fiú sna ceantair lasmuigh den raon coisithe sin, bhí cosáin agus raon rothair leathana ann agus córas maith soilse tráchta. Cathair faoi réir do choisithe. 
Bhí sé sin le feiceáil san ealaíon sráide, idir oifigiúil, polaitiúil agus bradach. Rudaí san áit go bhfeicfeadh coisí iad. Mósáic bheaga ag míniú ainmneacha sráide nó díreach ar mhaithe le spraoi. Cineál Kintsugi cosáin, thug mé faoi deara in áit amháin é. 
Bhí graifítí ealaíonta le feiceáil, agus maisiúcháin spéisiúil ar dhoirse, idir sean agus nua. Fógraí eolais agus staire. Agus neart greamáin pholaitiúla - iad sin iad féin ealaíonta de ghnáth. 
Thug mé faoi deara, sa Fhrainc go ginearálta, gur sa chéad pearsa gnáthláithreach a bhí treoracha go minic, seachas sa mhodh ordaitheach. An citoyen dílis... 

Bhí na sráideanna glan, saor ó bhruscar. Bhí árthaigh bruscar ann, ach measaim freisin go raibh bruscar á sheachaint, agus go rabhthas ag glanadh leaca na sráideanna go rialta go moch ar maidin. (Chonaic mé an feithicil ar a laghad uair amháin ar mo mhochóireacht). 


An toradh - cathair bríomhar, bialanna agus tábhairní gnóthach, daoine suite laistigh is lasmuigh, go dtí go mall istoíche. (Ghlac mé na pictiúir thuas go moch ar maidin, ba mhó mo spéis sna tithe ná sna daoine!). Cé go raibh tithe lóistín fairsing, bhí gnáthchónaí i formhór na tithe, creidim.

Oifigí freisin i measc na bialanna agus siopaí. 

Feictear dom go bhfuil neart le foghlaim ag cathracha na hÉireann óna leithéid. Croí bríomhar a bhíonn ag cathair atá insiúlta ina lár, ina bhfuil an duine ina chroí. Spás poiblí. D'fhéadfaí claochlú chun feabhais a dhéanamh ar Ghaillimh, an Daingean, Bleá Cliath féin - cé go bhfuil pócaí amhlaidh sna cathracha, tá forlámhas an ghluaisteáin aonair fós láidir agus barraíocht spáis tugtha do bogadh agus go deimhin locadh. 

Bhí an saoire in Orléans iontach deas de bharr an ciúnais agus an glaine (go mall san oíche a tháinig an ciúnas, mar go raibh cúpla tábhairne bríomhar gar don árasán. Ach is mór idir monabhar cainte aos ceiliúrtha agus dord innill).