Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-14

Hamilton


Agus tú san West End, agus an déagóir ina móidín ceoldrámaí, cad a dhéanann tú? Dul go ceoldráma, moram. Is idir Frozen agus Hamilton a bhí an rogha (ní agamsa!). Is dóigh liom go bhfuil mé sona gur ar Hamilton a thit an crann.

Thug muid aghaidh ar an Victoria Palace Theatre dá réir, tar éis dúinn na málaí droma a fhágáil san óstán. Ní raibh sé i bhfad san Tube (cé go bhfuil an córas sách casta agus níos mó ná bealach amháin dul idir A agus B. Ní mholfainn braith ar Google mar a rinne mé. Go háirithe, murab ionann agus Páras, nuair nach bhfuil comhartha fóin sna tolláin). 

Bhí suíochán measartha maithe againn, cé nach raibh siad iontach daor - ag tosach an Grand Circle. (Ní raibh sé go maith do m'eagla roimh airde, ach sin scéal eile). 

Níl ach breaceolas agam ar bhunú SAM agus an drong ar a dtugtar na Founding Fathers. Duine acu siúd, ligthe i ndearmad beagán, é Hamilton. 

Bhí míréir cognaíoch ag baint le haisteoirí (don gcuid is mó) gorma agus ceol uirbeach comhaimseartha a bheith ag léiriú an dream is WASPúla sin - agus Lafayette na Fraince, gan amhras, éan corr ina measc. Dream óg fuinniúil spleodrach. Agus Seoirse III Buile, gan amhras - an carachtar is fearr a thaithin leis an déagóir de bharr an greann agus an áiféis a bhain lena léiriú. 

Creidim go bhfuil an stair measartha cruinn acu, an  cur is cúiteamh chun an Stáit cónaidhmeach a bhunú, an poileimic, an sárú, an spleodar. Agus an miangas! Tragóidí de bharr comhraic beirte fánacha. 

Ní fear mór ceoldrámaí mé, ach bhain mé taitneamh as an ócáid. Is dóigh liom go bhfuil sé cliste teacht aniar aduaidh ar stair WASPúil mar seo le ceol agus aisteoirí a bhaineann leis an dreama nach bhfuair a gceart fós san réabhlóid Meiriceánach. (Cé go bhfuil fianaise éigin ann go raibh Hamilton féin báidhiúil le fuascailt na ndaor).