Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-13

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe, an turas abhaile

Ba sa cheobhrán a d'fhág muid slán leis an árasán in Orléans. Siúl thart ar ceathrú uaire tríd go dtí an stáisiún traenach. Fanacht ansin ar an TER go Páras Austerlitz. Turas métro go Gare du Nord. Fliuch i bPáras freisin. Aghaidh ar chaifé d'fhonn béile blasta deireanach a ithe sa Fhrainc.
Bœuf bourguignon agus Gloine fíona domsa. Pasta agus chocolat froid ag an déagóir. Agus arán.
Níor fhág muid blúire sna miasa. Café gourmand mar mhilseog, agus aghaidh ansin ar an Eurostar. Níor ghlac róbat teorainn na Fraince le pas saoránaigh faoi 18, mar sin bhí orainn dul sa scuaine eile, a bhí ag bogadh go mall. Ar ámharaí an tsaoil, nuair a bhí póilíní na Fraince curtha dínn againn scaoileadh isteach sa scuaine do róbat na Breataine muid. Slándáil ansin. Gan aon fhadhb. Bhí neart ama againn agus gan strus ag baint leis dá réir. 
Turas gan mórán eachtraí go Londain. Bhí oíche le caitheamh i Londain againn. Fionn in Éirinn ag cleachtadh ceoldráma. Óstán, mar sin, gar do Euston. Tube chuig Edgeware Road. Shílfeá ó na comharthaí agus an phobal ar na sráideanna go raibh muid i dtír Arabach! Daoine ag ól tobac as píopaí uisce i gcaifeanna cois sráide. Óstán aimsithe. Níor tháinig sé baileach lena thuairisc... Seomra san íoslach. Dhá leaba íseal. Fuinneog, ar a laghad. 

Na málaí droma a fhágáil ann agus amach arís. Ceoldráma. Blagmhír ar leith dlite do sin. 
Ar ais mall. Isteach sa leaba. Éirí moch. Óstán gan bricfeasta. Tabhairt faoi Euston. Caife Double Six gar dó. (Aimsithe ar Google!) Bricfeasta ceart. Coinneoidh ag dul muid. Ar ais go Euston. Nóiméad imní - Ticket restrictions luaite leis an traen díreach go Caergybi. Mura scaoilfí air muid leis an ticéad sail rail, bheadh an bád seolta. Go dtí an oifig ticéid. Dearbhú go mbeadh an ticéad togha. Faoiseamh. 
Turas gan eachtraí an uair seo. 
Seiceáil isteach, agus ar bhord loinge. Turas ciúin trasna Muir Éireann. I bhfad níos lú ar bord ar lá seachtaine ná mar a bhí ar an Satharn ag dul amach. Pizza don dinnéar. (Níl inmholta! Bog ina lár, ach choinnigh sé ag dul muid). 

Tuirlingt den mbád. Brú ama, toisc fonn a bheith ar an ndéagóir freastal ar rang damhsa um 19:15 i mBré. Mhothaigh an fanacht ar na málaí droma iontach fada. Tháinig faoi dheireadh. Bus isteach sa chathair. A thaisteal i línte nathrach, agus bhí oibreacha bóthair ann freisin. Am á ídiú. Sráid Amiens. Stáisiúin Uí Chonghaile. DART díreach imithe. Fanacht ar an gcéad ceann eile. Bré. Leathuair den rang fágtha. 

Agus ag sin críoch Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe. 

Beidh corr rud eile le blagáil, gan amhras! Turas iontach, neart lón machnaimh cruinnithe. Bia maith ite. Ealaíon agus taibhiú feicthe.