Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-17

La Pucelle


Is de bharr go raibh fonn ar Freddie freastal ar aonach meánaoiseach a rinneamar an turas. Baile Carcassonne, mar a raibh mé le Tiernán mar chuid dár turas ar Chonair na gCatárach deich mbliana ó shin an chéad sprioc a bhí agam féin. Nuair a rinne mé roinnt taighde fuair mé amach faoin bhféile a bhíonn go bliantúil in Orléans, comóradh ar an bhfuascailt a thug Jeanne d'Arc chucu agus chun na Fraince. 

Mar Chaitliceach, is aisteach liom scéal Jeanne d'Arc. Is aisteach liom Prionsa na Síochána a bheith ag glacadh páirt gníomhach i gcogaíocht idir Phrionsaí. Is fíor, gan amhras, gur chuir bua na Fraince tar éis céad éigin bliain de chogaíocht le síocháin agus sonas don ghnáth duine a bhí thíos ar go leor bealaí le ainghníomhartha na saighdiúirí agus amhais ar gach taobh. 

Sular thaisteal muid, bheartaigh mé go raibh breis eolais thar mar a bhí agam ar scéal Jeanne d'Arc de dhíth orm. Leagan den scéal a léigh mé mar pháiste a bhí agam! 

Sa lá atá inniu ann, gan amhras, tá seilbh glactha ag mórán dreamanna ar an scéal, ar mhaithe lena mba féin a chur thar abhainn. Ní raibh a leithéid de leagan uaim. Mar a tharlaíonn sé, maireann taifead dhá thriail ar Jeanne d'Arc. An triail bradach inár dhaor Easpag, íoctha ag na Sasanaigh, chun báis í de dheasca eiriceacht. Agus an triail eaglasta fiche cúig bliain níos déanaí, a ghlan í. Taifead chuimsitheach ar saol duine san cúigiú aois déag! Tá taifid eile de himeachtaí a ré ar marthain freisin. 


Chuaigh mé sa tóir ar leagan soléite iontaofa de shaol Jeanne d'Arc. Ní raibh mé ag súil leis an údar a d'aimsigh mé - Mark Twain. Is cosúil go raibh sé iontach tógtha le neamhleithleas agus neamhspleáchas Jeanne d'Arc. Rinne sé a chuid taighde sna cartlann, agus scríobh (faoi ainm cleite éagsúil i dtosach) úrscéal bríomhar stairiúil, ag cuir i gcéill gur aistriúchán ar chuimhní cinn duine a d'fhás aníos le Jeanne a bhí ann, duine a bhí léi go dtí gur ghabh na Burgundaigh í. Agus a bhí i láthair ag an triail i mbréagriocht mar rúnaí duine de na scríobhaithe. Cleas a lig dó an fhianaise tirim a fhí ina scéal soléite spreagúil. 

D'fhoghlaim mé go leor. Go háirithe faoin gcamastaíl a bhain lena cur chun báis, faoin uisce faoi thalamh i gcúirt an rídhamhna. Dílseacht Jeanne don gcoróin ainneoin laige follasach an rídhamhna. An bealach a spreag sí daoine agus a mheall tacaíocht. 

Bean óg tuaithe a léirigh éirim thar an gcoitiantacht in imeachtaí na cúirte. Deacair a shéanadh go raibh cabhair osnádúrtha i gceist, sa chúirt agus sna himeachtaí míleata. 

Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.

Ainneoin a ndícheall agus a bhfianaise, is le cleas suarach a dhamnaigh siad Jeanne sa deireadh. Cuireadh brú uirthi dearbhú a shíneadh (ní raibh léamh aici), agus fianaise áirithe ann nach ionann an méid a léadh di agus a shínigh sí. An príomh coinníoll ná gan éadach fir a chaitheamh, rud a bhí á dhéanamh aici ar chúiseanna praiticiúla agus ar mhaithe len í féin a chosaint ó ionsaíthe gnéasach. Shínigh sí ar an dtuiscint go mbeadh sí i bpríosún eaglasta faoi chúram mná, seachas na saighdiúirí garbha Sasanacha. Fealladh uirthi. Agus ansin ceileadh éadach mná uirthi ar aon nós. Cleas suarach, ach thug sé deis dóibh í a dhó mar eiriceach a bhí tar éis titim siar... 

Scéal corraitheach. 

Rinne mé leabhar eile a léamh ina dhiaidh sin, leabhar le Regine Pernoud, aistrithe ón bhFraincis, rogha sleachta as an fhianaise ón dá thriail. Léirigh go raibh leagan Twain cruinn ó thaobh na fianaise de. 

Mar chreidmheach tá deacrachtaí fós agam leis an scéal, naomh trodach. Más séimh féin an trodaí í, agus ag léiriú trócaire nuair b'fhéidir. Bhí súil agam go mbeadh léargas éigin le fáil i leagan Hilaire Belloc den scéal, toisc cáil a bheith air mar chosantóir an chreidimh. Ach is lominsint leamh a fuair mé ann. 

Tá mo cheisteanna gan réiteach! 

Tá Jeanne uileláithreach in Orléans agus sa Fhrainc. Ach is Londain a tháinig muid ar an gcéad saothar ealaíne fúithi - cóip nó leagan de phéintéireacht Delaroche de chléireach á croscheistiú sa ghéibhinn. Shíl mé gurb é Cauchon a bhí i gceist, ach is cosúil gur cairdinéal Sasanach atá i gceist. 

Is minic dealbh de Jeanne in eaglais sa Fhrainc. I go míleata faoi arm is éide, go hiondúil. Siombail tuata chomh maith le heaglasta - glóir agus Résistance an náisiúin. 
Ach bhí sí uileláithreach in Orléans. Ní mé cad a shílfeadh sí faoin sraith beorach ainmnithe aisti.... 

Tá neart lón machnaimh agam ón dturas. Agus seans go mbeidh mír nó trí eile abhus faoi...