Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-27

MAR A BUNAÍODH 'INNIU'

Le Ciarán Ó Nualláin

Cóip comórtha inniu a bhí i gcnuasach mo Nana, Nuala Ní Dhálaigh (Bean Uí Almhain)

DEIRTEAR LIOM gur fiú dom cuntas a scríobh ar an bhaint a bhí agam féin le bunú INNIU. Ni mise, ar ndóigh, a bhunaigh INNIU cé go raibh lámh agam ann, ach is féidir a rá gur mise a smaoinigh ar a bhunú.

Silim nach dtáinig lá riamh ar an Ghaeilge ba laige a staid (sa Ghalltacht) ná i mblianta tosaigh an chogaidh, corradh is daichead bliain shin. Chonacthas domsa mura ndéanfai a lán rudaí, agus ar na rudaí sin páipéar seachtainiúil bríomhar a chur amach, go rachadh an Ghaeilge i dtámhnéal a mbeadh sé deacair í a dhúiseacht as. Bhí dornán maith de dhaoine a raibh an tuairim chéanna acu san am, agus iad gan fhios dá chéile ag beartú rud éigin a dhéanamh. Is i dtrátha an ama seo a  bunaíodh "An Glór" (ar a bhfuil "Feasta" anois), agus tamall ina dhiaidh sin "Comhar".
 
Rinne mise amach, ar aon nós, go gcuirfinn nuachtán seachtainiúil ar bun. 
Rinne mé dian-scrúdú ar na fáthanna, dar liom, ar theip ar gach seachtanán eile, agus leag mé amach an cineál páipéir a bhí ag teastáil agus a mbeadh seans go n-éireodh leis. Ar na costais chlódóireachta agus gach ar bhain le taobh gnó an pháipéir a rinne mé an scrúdú ba ghéire. Sílim go raibh an t-ainm INDIU (Inniu) i mo cheann ón tús; ach chaith mé féin agus Séamus Ó Néill cúpla lá ag iarraidh smaoineamh ar ainm ab fhearr ná é. Má tá sé ann, níor éirigh linn theacht air.

Shocraigh mé ansin ar an méid a bheadh sa pháipéar, na gné-altanna a bheadh ann, srl., agus leag mé amach cóip shamplach.
Chuir mé imlitir fhada ansin chuig fir ghnó agus tionsclóirí a raibh dóchas agam astu agus chuaigh mé thart á n-agallamh ag iarraidh oiread airgid a bhailiú is chuirfeadh tús leis an pháipéar. Nuair a theip sin orm smaoinigh mé ar sheift eile nac ró-mhaith a thaitin sí liom ach nach bhfacthas dom go raibh mhalairt fágtha agam. Bhí aithne agam, ó bheith ag déanamh oibre dóibh, ar chomhlacht foilsitheoreachta a bhí ina gclódóirí fosta agus bhí súil agam go bhféadfainn a chruthú dóibh go ndíolfadh a leithéid de pháipéar as féin (más ar éigean) ach t-eagarthóir bheith toilteanach beagnach gach rud a dhéanamh é féin, ar bheagthuarastal.
(Ní mór cuimhneamh air nárbh ionann ar chor ar bith costais dóireachta agus páipéir an t-am sin is anois. Bheadh a dheich n-oiread orthu inniu).
Theastaigh uaim gurb iad mo thuairimí féin a bheadh sa pháipéar agus gur ar mo dhóigh féin a reachtálfaí é; agus níor léir dom go bhfaighinn an tsaoirse sin gan roinnt mhaith de chéadta punt a bheith agam le cur sa pháipéar.

Ní raibh aon airgead agam, ar ndóigh. Chuaigh mé amach le mo chóip shamplach de INNIU agus de bhailigh mé luach £300 réamh-fhógraíocht. Bhí mé ag súil le £400 ach sílim, an t-am a bhí ann, go raibh an t-ádh orm an méid a fuair mé a fháil.

B'ionann na fógraí seo is £300 i nótaí punt don té a bheadh ag foilsiú an pháipéir, óir ní geallúintí ar fhógraíocht a bhi agam ach orduithe sínithe comhlachtaí móra.

Leis an tacaíocht seo chuaigh mé chun cainte leis na foilsitheoirí. Chuir siad suim sa tionscnamh, ach tar éis é phlé tamall
ni dheachaigh siad níos faide ann. Thriail mé foilsitheoir eile a bhí ina chlódóir ach dhiúltaigh seisean chomh maith.

Tharla rud ansin a chuir constaic dhosháraithe i mbealach páipéar Gaeilge a bhunú ar chor ar bith nó sin an chosúlacht
a bhí air. Bhí teirce nuachtpháipéir (newsprint) ann de thairbhe an chogaidh agus chuir an Rialtas ciondáil dhian ar a raibh de nuachtpháipéar sa Stát.
Lena chois sin rinne siad ordú nach mbeadh cead aon tréimhseachán a fhoilsiú agus páipéar a fháil dó ach an tréimhseachán a bhi ann roimh dháta áirithe.

B'é brí an ordaithe seo go gcaithfeadh an té a dteastódh uaidh páipéar nua a chur amach páipéar a bhí ann cheana féin a cheannach, rud a bheadh beagnach dodhéanta.

Sa bhliain 1943 agus mé ag obair mar Rúnaí do Ghlún na Buidhe, phléigh mé ceist an
pháipéir le Proinsias Mac a Bheatha, Stiúrthóir na gluaiseachta.

Chuimhnigh seisean go mbeadh cead againn, de réir an dlí, bliain iris a cuireadh amach bhliain roimhe sin, agus ar foilsíodh a lán cóipeanna de, a chur amach arís; agus chonacthas dó gur chóir go mbeadh cead miosachán a dhéanamh den bhliainiris mura n-úsáidfí níos mó páipéir i gcaitheamh bliana ar an mhíosachán ná mar bhí ceadaithe d'uimhir amháin den bhliainiris.

D'iarr muid an cead sin ar an Roinn Tionscail agus Tráchtála. Dhiúltaigh siad dúinn ar dtús, ach tar éis a lán argóna ghéill siad. Agus Lá Fhéile Pádraig, 1943, foilsíodh an chéad uimhir de INDIU.
Bhí daoine a chreid nár mhaith an t-am é le páipéar Gaeilge a fhoilsiú, agus a chomhairligh dúinn fánacht go mbeadh an cogadh thart.
Is féidir a fheiceáil go soiléir anois nach mbunófaí INNIU go deo dá ndéanfaí sin.
Fiú dá mb'fhéidir a chinntiú go bhfanfadh lucht a bhunaithe i gcionn a chéile idir an dá linn, gan lagú a theacht ar a rún, niorbh fhéidir a dhéanamh; óir ní iraibh clódóir le fáil ar ór nó ar airgead tar éis an chogaidh a ghlacfadh páipéar nua as láimh. Agus mhair an staid sin ar feadh chúpla bliain.

 INNIU, 18 Márta, 1983

Níl staidéar déanta agam ar an nuachtán iomlán, is cinnte go mbeidh blúiríní eile á fhoilsiú anseo nó ar Mastodon agam!