Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-13

Mitteleuropa


Léigh mé alt Radvan Markus i Tuairisc ar na mallaibh.

" d’eascair an saibhreas cultúrtha neamhchoitianta seo as an éagsúlacht mhór teangacha, cultúir agus creidimh a bhí le fáil sa réigiúin – b’fhoinse teannais an éagsúlacht go cinnte, ach foinse chruthaitheachta as cuimse ag an am céanna. Is í ‘an éagsúlacht is mó san áit is cúinge’ bunphrionsabal lár na hEorpa, dar le Kundera "

Chaith mé féin m'fhichidí i mBeirlín. Casadh mo nuachar orm ann, agus chuir sí Poblacht na Seice agus an Pholainn in aithne dom, muid ag taisteal is ag siúl ann. Chuir sí scríbhneoirí in aithne dom freisin, Adalbert Stifter, abair. 

Ach téann stair na nGael i Mitteleuropa - lár na hEorpa - i bhfad siar. Manaigh agus saighdiúirí Gaelacha. Tá stair na Manach rianta ag Ó Fiach i nGaelscrínte i gcéin. 
Tá rútaí Eorpacha ag úrscéalta stairiúla fearacht An Cléireach agus triológ Lúcás Ó Briain. 

Is cuid dár stair lár na hEorpa agus teagmhálacha leis. Measaim go bhfuil sé nádúrtha go mbeadh Gaeil, baill de náisiúin beag siúlach scéalach báúil le lár na hEorpa. Gur cuid de muid go cultúrtha cé nach ea go tíreolaíoch. 

Anois agus an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach, tá comhghuaillithe de dhíth orainn chun seasamh i gcoinne forlámhas na tíortha iar impiriúla fearacht an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Iodáil. Is iad tíortha beaga lár na hEorpa na comhghuaillithe nádúrtha dúinn.

Maith go leor, tá ceo meala an tsuirí thar mo theagmhálacha luatha le lár na hEorpa agus a litríocht. Ach is ann atá coire cultúir na hEorpa ó thaobh litríocht, ealaíon agus ceol. Agus creidim go bhfuil muid nasctha leis le fada, agus go mba cheart na nascanna a fhorbairt agus a chothú.