Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label imbolc2014 werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label imbolc2014 werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-07-05

Imbolc 2014: Pádraig Ó Duinnín: Múnlaíonn muir marana

Íomhá Duncan Palmer agus Sinéad Corish
Thug Pádraig Ó Duinnín píosa thar a bheith spreagthach bunaithe ar a thaithí ag plé le daoine - taithí a eascraíonn as spéis fad saoil sna báid agus sa bhfarraige. D'éirigh leis máistreacht a bhaint amach ar muir agus báid; máistreacht atá de dhíth agus é ag caint le Muintir na Mara - treibh nach bhfuil foighne acu le cur i gcéill! Is mó togra a d'eascair as sin - an sraith cláir  Muintir na Mara, abair.
Níos spéisiúla áfach a shaothar le daoine óga le deacrachtaí san Meitheal Mara i gCorcaigh.
Ba léir óna chuid cainte, ón socracht agus suaimhneas a bhraith mé uaidh go raibh tairbhe agus gaois thar an gnáth fáiscthe aige as a thaithí, agus é ar a chumas cuid den socracht agus gaois a roinnt ar dhaoine eile.

Arís eile, ba thaitneamhach tairbheach an t-am a chaith mé ag Imbolc 2014 - agus i mbliana bhí Cór Cúl Aodha ann agus muid ag freastal ar Aifreann Domhnaigh san séipéal!

Imbolc 2014: Aogán Ó hAoláin: Gnó gan teorainn!

Íomhá (c) Duncan Palmer & Sinéad Corish
Labhair Aogán Ó hAoláin óna thaithí féin le comhlacht ilnáisiúnta - é sách sinsearach, ach é ar a chumas obair ón mbaile ó áit tuaithe.
Dar ndóigh - i gcomhthéacs na tíre seo ach go háirithe - tá nascanna maithe cumarsáide riachtanach! 
Bhí a chuid cainte spéisiúil ainneoin gur beag mo shuim gnó agus go bhfuilim amhrasach  faoi comhlachtaí ilnáisiúnta - mothaím go bhfuilimid ró spléach orthu!
Luaigh sé rud suntasach áfach - tá sé tábhachtach go mbeadh Éireannaigh i láthair sna coistí inmheánacha a bhíonn ag déanamh cinntí faoi infheistíocht nó coiriú ar láthair an comhlachta  - chun go mbeadh abhcóide ag na láthair Éireannacha.

Imbolc 2014: Katie Ní Loinsigh: Nathanna ar ais dá pobal

Is ag filleadh ar a háit dúchais a bhí Katie Ní Loinsigh agus í ag caint ag Imbolc i mBaile Bhuirne. Mheall sí slua sa bhreis dá réir, agus tráthúil go leor ba le scoláire eile de chuid na dúichí a bhí sí ag plé - scagadh á dhéanamh aici ar na nathanna i saothair Pheadair Uí Laoghaire.
An sprioc atá aici ná bunachar de na nathanna a chuir ar fáil don bpobal, rud a léiríodh an spéis ann go háirithe acu siúd atá ag plé le hoideachas. Bhí samplaí breátha aici féin ina sleamhnáin agus í ag léiriú brí na nathanna le pictiúr chliste. Mar a tharlaíonn sé, tá sampla den cineál léiriú sin ar fáil ar líne [PDF] mar thoradh ar an páirt a ghlac í san Comórtas "Tell it straight" i DCU.
Sampla an-mhaith de húsáid na dána digiteacha atá ann; tá leabhair an Athair Pheadair breac le nathanna a bhfuil íomhá láidir ag dul leo agus ciall ar leith leo. Nathanna atá ceilte ar mórán anois go háirithe agus é deacair teacht ar na saothair. (Tá cuid acu digitithe anseo a bhuí le David Webb)
Táim cinnte go mbeidh oidí in ann tairbhe a bhaint as an gcnuasach - go háirithe má bhíonn teacht ar ar líne.
Beidh an cnuasach innéacsaithe, le cabhair ón Leadránaitheoir (a ainm) a cheap Kevin Scannell. Cabhair a bheidh ansin go háirithe agus eolas ar na sean foirmeacha ag éirí gann.
Caint spreagúil a bhí ann; agus táim ag súil, ós nathadóir mé, leis an dtoradh!

2014-05-10

Imbolc 2014: Victoria White "Níl mé freagrach as an bpláinéid, mar is eol don teachta"

Íomhá Duncan Palmer & Sinéad Corish
Mheabhraigh Victoria White dúinn ag tús a cainte go ndúirt Bertie Ahern le Trevor Sargent tráth "Níl mé freagrach as an bpláinéid, mar is eol don teachta"
Ach is gá dúinn ar fad maireachtáil uirthi; agus mar is léir ón anfa a scrios cósta an iarthair i ndúluachair na bliana seo, éilíonn sin cúram.  (Go deimhin bhí moill ar Imbolc tosú de bharr teip cumhachta de bharr na stoirme!)
Rinne sí cás láidir ar son cumhacht na gaoithe, agus an gá dá réir glacadh leis na piolóin chonspóideacha. Bhí sé tráthúil go dtáinig a cuid cainte sna sála ar an méid a bhí le rá ag Meadhbh roimpi.
D'aithin sí fiú go bhfuil athrú intinne ag teacht ar lucht comhshaoil faoi chumhacht eitneach, ainneoin na fadhbanna a bhaineann leis, de bharr na hastúcháin. Ach ní réiteach d'Éireann atá ann, de bhrí go bhfuil an stáit ró bheag don ghnáth méid cumhachta atá ar fáil ó phlanda dá leithéid.  Táimid, dar ndóigh, ag baint feidhm as cumhacht eitneach ó thíortha eile tríd an idirnasc cumhachta.
Tá polaitíocht agus oideachas pobail i gceist le réiteach fadhbanna cumhachta, agus is mithid na ceisteanna seo a phlé go sibhialta agus go hoscailte - mar a rinneadh in ndiaidh na cainte! Bíonn lón machnaimh ar fáil ó Imbolc - Inspioráid na bliana dáiríre!
Tá ar gcion féin den fhreagracht orainn ar fad don bpláinéid. Is mithid sin a ghlacadh.

2014-05-04

Imbolc 2014: Meadhbh Ní Chléirigh: Fuinneamh & Fiosracht

Íomhá Duncan Palmer & Sinéad Corish
Níl fhios agam an d'aon ghnó é nó arbh comhtharlú é, ach bhí baint ag fuinneamh le roinnt de na cainteanna ag Imbolc i mbliana.
I ré seo an forthéamh domhanda (pé acu an daoine is cúis leis nó nach ea) agus an brú daonra agus acmhainní tá tábhacht le fuinneamh in-athnuaite agus freisin le húsáid agus scaipeadh tíosach fuinnimh.
Ag an am céanna, go háirithe san tír seo, tá amhras ag fás faoi línte tharchuir agus faoi muilte gaoithe. Tá bunús le cuid den amhras seo, ach tá go leor de bunaithe ar aineolas agus nua phiseogacht faoi theicneolaíocht - ainneoin gur mian le cách tairbhe a bhaint as teicneolaíocht, tá amhras ann faoi na modhanna é chuir ar fáil.
Bhí spéis ar leith agam mar sin sa chaint a thug Meadhbh Ní Chléirigh dúinn mar sin. Ábhar innealtóra is ea Meadhbh, agus le linn a cuid staidéir in Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath tá sí freisin ag déanamh taighde le "Energy Needs Ireland".
Baineann an taighde seo le cad iad riachtanais an phobail agus na tionsclaíochta abhus; agus conas an fuinneamh atá de dhíth a chuir ar fáil ach freisin an pobal a thabhairt leis.
Tá gá le hoideachas poiblí ar an ábhar, mar níl aon amhras ach go bhfuil méid áirithe cur isteach ar an pobal i gceist de bhrí go bhfuil an acmhainn - gaoth nó taoide, abair - ar fáil in áiteanna iargúlta atá i bhfad ón áit go bhfuil gá leis. Sa mhullach ar sin, chun tairbhe mar is ceart a bhaint as acmhainn na gaoithe - nach séideann go seasta - caithfear mogalra tharchuir na hÉireann an nascadh leis an mogalra Eorpach chun foinse fuinnimh a bheith ann nuair atá easpa gaoithe ann, agus chun seasmhacht minicíochta agus voltais a chinntiú.
Ba léir go ndeachaigh siad i ngleic leis na ceisteanna seo, agus go bhfuil anois leithéidí Meadhbh ann a thuigeann na ceisteanna agus buaireamh an phobail - agus go bhfuil taighde ann chun tacú le hoiliúint pholaiteoirí agus an phobail!
Ardú croí ab ea é duine óg, féinmhuiníneach a fheiscint agus í breá ábalta ní hamháin caint a thabhairt ach plé go stuama le ceisteanna ón lucht féachana.
Cúis dóchais, má tá a leithéid de thallann ag dul le hinnealtóireacht - gan innealtóirí fuinniúla, spreagtha, is bocht an dul chun cinn a dhéanfar abhus.
Tá súil agam go n-éiríonn linn na daoine óga seo a choinneáil abhus, agus obair don tír!

2014-04-26

Imbolc 2014 Abaigeal Ní Ógáin: Bitheolaíocht Baile!

Íomhá Sinéad Corish
Táim ana cheanúil ar an nDánlann Eolaíochta mar sin bhí an spéis san caint a bhí Abaigeal Ní Ógáin le tabhairt. Tá oideachas eolaíochta níos tábhachtaí ná riamh, agus amhras agus piseoga ag scaipeadh faoin eolaíocht agus teicneolaíocht. Bhain caint Abaí lena taithí leis an Saotharlann Poiblí a bhí mar chuid den taispeántas Grow Your Own (ceann nár éirigh liom freastal air). San taispeántas agus sna saotharlann a bhain leis bhí deis ag an bpobal triail a bhaint as na féidearthachtaí bhaineann le bitheolaíocht baile, ag le géineolaíocht fiú - chun bia a sholáthar agus rudaí ar nós dúch.
Is réimse thar a bheith tábhachtach atá anseo, agus gá againn le tuiscint níos fearr ar na deiseanna agus na priacail a bhaineann lena leithéid - agus is gá an t-eolas sin a bheith fairsing sa phobal seachas i dtúr eabhar na hacadamh.
Agus is breá liom an modh oibre atá i gceist leis an saotharlann pobal - deis a thabhairt do dhaoine taithí a fháil ar an eolaíocht iad féin. Ag deireadh an lae, cineál eile cócaireachta atá i gceist!
Íomhá Sinéad Corish
Ach ba mhaith an rud é dá mbeadh a leithéidí níos coitianta. Is ar dhéagóirí agus daoine fásta óga is mó atá iarrachtaí na Dánlainne Eolaíochta dírithe, ach tá sé spreagúil do leanaí chomh maith. (Bheir an ghrianghrafadóir orm agus díospóireacht theasaí idir mé agus Abaí ar an gceist airithe sin - ba mhaith liomsa go mbeadh níos mó ar bun acu do leanaí agus caithfidh mé géilleadh don méid a dúirt sí maidir le leanaí a bheith ag cur an sprioc aois ghrúpa ó dhoras! Is deacair don ghobadán an dá thrá a fhreastal)
Ba spreagúil an chaint a bhí inti, agus gúim gach rath ar na hiarrachtaí aici agus ag an dánlann le tuiscint is bá don eolaíocht a scaipeadh sa phobal. Réimse atá ann ina bhfuil, feictear dom, géarchéim faoi láthair - neamhlitearthacht eolaíochta fairsing, agus bladar á scaipeadh ag potrálaithe.

2014-02-20

Imbolc 2014: Biddy Jenkinson: Léigiúin Filí

Íomhá (c) Sinéad Corish ⁊ Duncan Palmer
Is ar chrann Bhiddy Jenkinson a thit sé tús a chuir le himeachtaí Imbolc i mbliana. Bhí caint léirithe ullmhaithe aici agus baineadh dá buille roinnt í nuair a theip ar an gcumhacht agus í ar tí tús a chuir lena cuid cainte. (De dheasca na doininne bhí an cumhacht ann as i mBaile Bhúirne.) Bhí roinnt éiginnteacht ann ar feadh seal, agus thosaigh sí ag caint sa chlapsholas. B'é an téama a bhí aici ná filí na hÉireann ó Aimhirgín Glúngheal ar aghaidh, agus an dualgas a bhraitheann sí bheith ar fhilí an lae inniu a gcuimhne a choimeád glé, i. a gcuid dánta a reic.


Ic tabairt a choisse dessi i nHerind asbert Amairgen Glúngel mac Miled in laídseo sís.
    Am gáeth i mmuir. ar domni.
    Am tond trethan i tír.
    Am fúaim mara.
    Am dam secht ndírend.
    Am séig i n-aill.
    Am dér gréne.g

    Am caín.
    Am torc ar gail.
    Am hé i llind.
    Am loch i mmaig
    Am briandai.

    Am bri danae.
    Am gai i fodb. feras feochtu.
    Am dé delbas do chind codnu.
    Coiche nod gleith clochur slébe.
    Cia on cotagair aesa éscai

    Cia dú i llaig funiud grene.
    Cia beir búar o thig Temrach.
    Cia buar Tethrach. tibi.
    Cia dain.
    Cia dé delbas faebru. a ndind ailsiu.

    Cáinté im gaí cainte gaithe. Am.
( Lebar na Núachongbála, lch 46 anseo)

D'fhill an cumhacht tar éis tamaill agus bhí ar chumas Bhiddy na léaráidí a úsáid. D'inis sí scéalta breátha fúthu - ina measc scéal an dealbh le Jerome Connor  a bhí le Filí Ciarraíocha a cheiliúradh i gCill Airne ach nár thaitin le boc mór na háite. Ag comóradh báicéir atá Éire anois, agus in úsáid mar pissoir neamh oifigiúil. Ina háit i gCill Airne tá bé cúthail naofa!
Le Osioni ó Wikimedia
Bhí scéalta breátha eile aici - beidh oraibh fanacht ar an físeáin don rud iomlán. Thug mé suntas dó go raibh ar chumas Kuno Meyer míle file sean Ghaeilge a liostáil i leabhar leis A primer of Irish metrics.
Luaigh sí na foinsí iontacha atá ar fáil ar líne anois agus staidéar á dhéanamh ar ár n-oidhreacht filíochta - fearacht  CELT, Onomasticon Goedelicum, Logainm agus Ainm.
B'é a mian go mbeadh naisc níos fearr eatarthu chun go mbeadh ar chumas duine logainm i roghnú in Ainm, lingeadh go Logainm agus uaidh sin go dtí an Dinnseanchus. (Níl a leithéid as an áireamh de réir mar a thagann forbairt ar na dána digiteacha, ach is poll níos mó ama a bheidh mar thoradh air do mo leithéidí!)

Spreag a cuid cainte mé níos mó scagadh a dhéanamh ar na filí - ach an t-am a bheith agam.

2014-02-19

Imbolc 2014: Julie Feeney: Cantaire claochlaitheach


B'í Julie Feeney a thug ceolchoirm Imbolc i mbliana. Do mo leithéidí a bhfuil toighis ar leith - ceoil aige is cineál crannchur an cheolchoirm, mar nach dócha go rachainn ann murach é bheith mar chuid d'Imbolc - is maith liom an deis bualadh le daoine roimh na Comhdhála, ag an gCeolchoirm san Ionad Cultúrtha, nó ina dhiaidh sa Mhuileann.
Níl a fhios agam go baileach cén cur síos is feiliúnaí ar cheol Julie Feeney. Tá an lipéid "Art-Pop" feicthe agam ar a ceol. Rud amháin atá cinnte, is taibhiú seachas canadh a bhí ar bun aici. B'é a guth an príomhuirlis, agus réimse dochreidte aici leis. Sheinn sí ar an bpianó agus ar an méarchlár, agus bhí tionlacan ó Chormac de Barra ar an gcláirseach freisin.
Ach chuir a feisteas  - gúna cuanna uaithne, ceannbheart dá déantús féin, agus bróga stiletto - go mór lena teacht i láthair. 
B'é áfach á guth a chuaigh i bhfeidhm orm, réimse dochreidte leathan aici agus réimse láidir - n'fheadar cén cur síos is cruinne air - fuaimeanna, is dócha, mar ní taobh le briathra amháin a bhí sí.
Seachas amháin saothar amháin as Albain ag an deireadh, is a scéal-amhráin féin scríofa agus cumtha a chan sí.
Scéalta óna sinsir féin, fir agus mná láidre spleodracha Gaillimhe a bhí á reic. Bhí na scéalta iad féin spéisiúil, agus am cur i láthair iontach.
Bhain léiriú amháin le béadán is scéalta is do bhí sí ag rince suas céimeanna an Ionad Cultúrtha le caint le daoine aonair san lucht féachana, mar dheá. Sé'n chaoi is go raibh mo chroí i'm bhéal, mé cinnte go mbainfí tuisle as na stiletti!
Tríd síos bhí an lucht féachana á tharraingt isteach aici sa cheol, muid curtha ag canadh nó ag bualadh bos go rithimeach.  (Níl guth ná rithim agamsa, caithfidh mé admháil gur staon mé!)
Rud amháin a thug mé faoi deara faoin lucht féachana, go raibh cúigear ban in aghaidh gach fir ann! 

B'í Julie freisin a chur clabhsúr le cainteanna Imbolc an lá dar gcionn, ag cur lenár n-eolas faoi chúlra a cuid ealaíona agus amhránaíochta, agus foinsí a spreagtha.

Cé go bhfuil Gaeilge mhaith aici, bhí a cuid smaointe spleodracha ag rith uaithi agus is caint cineáil  macarónach a thug sí! Glacann sé an mhisneach seasamh ós comhair slua de chainteoirí líofa agus diongbháilte Gaeilge agus tréan iarracht mar a rinne sí a dhéanamh. Treise léi!

2014-02-16

Imbolc 2014, Inspioráid na Bliana

Buan-chuid d'fhéilire na bliana anois agam freastal ar Imbolc i mBaile Bhúirne.
Sin a thug siar ó dheas mé féin agus roinnt daoine eile seachtain ón Aoine seo chaite. Tá an formaid ag socrú síos go deas anois - ceolchoirm ag duine de na haoichainteoirí ar oíche Aoine, na cainteanna ar an Satharn go dtí thart ar a cúig, ansin béile leis an haíonna Oíche Satharn sa Mhuileann ag a bhfuil fáilte roimh aon bhall de lucht éisteachta freastal air. idir na míreanna oifigiúla deiseanna iomadúla comhrá ar mhaith leis an méid a chualamar a scagadh agus a dhoimhniú. Tá sé de nós ag cuid againn cuir leis an eispéireas cultúrtha tríd freastal ar an Aifreann i gCúl Aodha - is minic a bhíonn Cór Chúl Aodha ina n-iomláine ann.

Ní raibh díomá orm in aon chor i mbliana. Gan amhras, ní dócha go mbeadh sé roghnaithe agam as mo stuaim féin freastal ar cheol choirm de chuid Julie Feeney - agus bhí sé suntasach go raibh cúigear ban in aghaidh gach fir sa lucht éisteachta agus an Ionad Cultúrtha plódaithe. Bhí slua maith ann do na cainteanna - leanfaidh mé le mo nós léirmheas a dhéanamh ar gach caint faoi seach amach anseo.  Ba léir go ndearna Tomás agus Bernice iarracht ar leith mná éirimiúla a mhealladh chun cainte i mbliana, agus d'éirigh go seoigh leo.

Go hiondúil bíonn deis siúl thart sa bhaile chomh maith. Ainneoin na doininne spreag Michal agus Ivana mé le dul amach ag siúl, agus cé gur fliuchadh go craiceann mé táim sásta gur shiúl mé siúlóid na Cille leo.

Chuir sé faobhar ar mo ghoile don sár béile a chuir muintir an Mhuileann romhainn, proinn a raibh comhrá éirimiúil mar  anlann leis - go háirithe agus mé suite idir Biddy Jenkinson agus Victoria White!

Beidh na tuairiscí ag teacht uaim anois diaidh ar ndiaidh ach eagar a bheith curtha agam ar na smaointe a spreag siad.