Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label farraige werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label farraige werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-08-14

Ón mBaile Breac go Baile na nGall

An caitheamh aimsire a bhíonn ag mo chlann agus muid in Iarthar Dhuibhneach ná bheith ag léimt ón gcé i mBaile na nGall isteach sa tsáile. Chun go mbeadh sé sin sábháilte ní mór don taoide a bheith ar a laghad leath bhealaigh idir lag trá agus lán mara. An tseachtain seo tá an lán mara luath ar maidin nó déanach tráthnóna.

Mar sin bhí am i lár an lae le líonadh!

Dé Domhnaigh seo caite bheartaigh mo mhac is sine agus mé féin siúl go Baile na nGall ón mBaile Breac.

Thosaigh muid ar Chosán na Naomh, ag dul ó dheas. Píosa siúl ar an mbóthair mór go dtí Corr Áillí, agus cúlbhóthar ansin go dtí bun Rinn Chonaill. Trasnaíonn an cosán an chnoc sin.

Tá iarsma mainistreach sa pháirc díreach tar éis don cosán an bhóthair a fhágáil. Tá Rinn Chonaill níos géire ná ba chuimhin liom le dreapadh (seanaois....). Ach tá ana radharc ar an ndúthaigh ón mbarr - Paróiste Módhrach ó thuaidh agus Cnoc Bréanainn, agus Cuan Ard na Caithne, Márthain agus Sliabh an Iolair sa treo eile - agus sin ar lá nach raibh an léargas ró iontach. 

Síos le fána ansin go Cill Maolchéadair. Mainistir ina bhfuil saibhreas iarsmaí - Cloch Ogham, Cloch aibítre, Clog gréine... Trasna an bhóthair uaidh, tobar beannaithe (tirim). Lámh leis bullán agus scéal a nascann leis an nGlas Gaibhneach é. 

Leanann Cosán na Naomh an bhóthair arís ansin chomh fada le Lios Deargáin. Tá cúlbhóthar fada díreach ansin síos go dtí an mór bhóthar in aice le Gallarus. D'fhágamar Cosán na Naomh ansin agus thrasnaigh an bóthar chun bóthar glas chun na Trá a leanacht. 

Shiúlamar fán Trá chomh fada le Muiríoch, agus ar an mbóthar ansin go Baile na nGall. Thart ar dhá uair siúlóide, agus bhí goile againn do sceallóga TP! 



2015-12-10

Aois Fir: Imram Mara agus Eachtra teacht in Inmhe

Seod is ea an úrscéal seo, curtha inár láthair i  seod de leabhar le léaráidí áille. (Níl an leabhar le lámh agus mé a scríobh seo, mar sin ní thig liom an t-aitheantas cuí a thabhairt don ealaíontóir)

Baineann an scéal le teacht in inmhe fir óig, ar aistear dúshlánach mara. A sruth chomhfheasa siúd atá san reacaireacht, rud a thugann scóip don údar roinnt gnéithe den saol a chíoradh.

Oscailt pléascach atá san leabhar; an aosánach ag halmadóir an bháid, imníoch. Diaidh ar ndiaidh tuigeann muid nach bhfuil sé ar a shuaimhneas, nach aistear atá anseo go bhfuil taithí aige ar a bheith ag láimhséail bád uirthi. Agus tá an aimsir ag dul chun doinnine.

A athair agus a uncail, atá ceaptha a bheith i bhfeighil an bháid, táid ina pleisteanna san holt tar éis babhta ragairne an talamh a lean ar aghaidh ar boird.

Tríd smaointe an bhuachalla léirítear dúinn cúinsí a shaol. Gur cliamhain isteach an athair, nár ghlac an seanathair leis, agus a bhfuil achrann idir é agus máthair an bhuachalla. Ól foinse áirithe san achrann.  Inneall costasach nua sa bhád; fiacha le glanadh.

Cé gur finscéal atá anseo de réir an údar, tá go leor de réalaíoch; cé is moite d'eachtra amháin nuair a thagann speabhraídí de bharr tuirse agus fuacht ar an ngasúr agus go samhlaíonn sé é féin sáite in eachtra le fathach, Cioclóps na Gréige, b'fhéidir, nó b'fhéidir ainspiorad na mara a bhfuil sé i ngleic leis anois san fíor saol.

Tá teannas san insint agus is i dhá seal craosach léitheoireachta a léigh mé an leabhar seo. Tig le Ó Muirthile bheith scaoilte, agus an scéal a dhul ó smacht uaidh agus é ar thóir idé éigin (mar a tharla dar liom i ndeireadh An Colm Bán) ach níl a dhath de sin anseo. 

Bheadh an leabhar seo feiliúnach d'aosánach ach cumas maith Gaeilge a bheith aige nó aici; tá scéal maith ann, agus lón machnaimh faoi teacht in inmhe agus an gaol casta idir baill teaghlaigh. Tionchar an óil leis, gan amhras. 

Ní fear mara mé, agus tá an muir fite fuaite leis an scéal seo, agus seoltóireacht agus bádóireacht. Cuma an chruinnis air, gan mé a bheith in ann breith ceart a thabhairt air. 

Níl ach clamhsán amháin agam faoin leabhar; sin an gluais GA-EN atá curtha leis. Cinnte, tá focail ann nach mbeadh le fáil go héasca sa bhfoclóir, mar gur téarmaí bádóireachta iad. Ach cén mhaith rá liom gur "sheet" "siota" abair, seachas rá liom gur rópa nó slabhra atá ann leis an seol a stiúradh. Is mór an feall nár tapaíodh an deis anseo na focail seo a mhíniú le léaráid.

Táim sásta gur ghéill mé don gcathú agus gur cheannaigh mé an leabhar seo.

Liam Ó Muirthile
Aois Fir
Cló: ISBN: 978-1-907494-50-5
Kindle (Amazon): 
ePub (KoBo)
Closleabhar (Saor in aisce ar Soundcloud, léite ag an údar)

2014-07-05

Imbolc 2014: Pádraig Ó Duinnín: Múnlaíonn muir marana

Íomhá Duncan Palmer agus Sinéad Corish
Thug Pádraig Ó Duinnín píosa thar a bheith spreagthach bunaithe ar a thaithí ag plé le daoine - taithí a eascraíonn as spéis fad saoil sna báid agus sa bhfarraige. D'éirigh leis máistreacht a bhaint amach ar muir agus báid; máistreacht atá de dhíth agus é ag caint le Muintir na Mara - treibh nach bhfuil foighne acu le cur i gcéill! Is mó togra a d'eascair as sin - an sraith cláir  Muintir na Mara, abair.
Níos spéisiúla áfach a shaothar le daoine óga le deacrachtaí san Meitheal Mara i gCorcaigh.
Ba léir óna chuid cainte, ón socracht agus suaimhneas a bhraith mé uaidh go raibh tairbhe agus gaois thar an gnáth fáiscthe aige as a thaithí, agus é ar a chumas cuid den socracht agus gaois a roinnt ar dhaoine eile.

Arís eile, ba thaitneamhach tairbheach an t-am a chaith mé ag Imbolc 2014 - agus i mbliana bhí Cór Cúl Aodha ann agus muid ag freastal ar Aifreann Domhnaigh san séipéal!