Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-08-08

Poslusne hlásím


Níl Seicis agam, seachas dornán nathanna proinntí. Mar sin, is as Gearmáinis atá nath cháiliúil Švejk léite agam. Melde gehorsamst - tuairiscím go humhal - Poslusne hlásím
Chomh maith le dhá leagan den úrscéal - ceann acu le léaráidí Josef Lada - tá dhá leabhar de phíosaí gairide le  Jaroslav Hašek ar na leabhragáin againn.

I ndiaidh dom bheith ag plé leis an tSeic anseo le déanaí, tharraing mé chugam ceann acu - Meine Beichte (M'Fhaoistin). Dornán scéalta faoi Švejk, dornán scéalta eile agus roinnt dírbheathaisnéis bréige.

Tréith Švejk, an dea saighdiúir, ná orduithe a chomhlíonadh go litriúil, agus spior spear a dhéanamh den Arm dá réir. Ba mhaith leis na hoifigigh fáil réidh leis - ach teipeann orthu. 

Dhá shampla - agus é ina ghiolla ag séiplíneach na reisiminte, ordaítear dó fíon Aifrinn a fháil, ach gan ach an fíon ó bhaile áirithe san Ostair íochtar a ghlacadh. Abhae leis más ea, ó thuaisceart na hIodáile, sa tóir ar an bhfíon... San Aifric a chríochnaíonn sé nuair atá sé ag léiriú eitleán nua d'oifigeach ón Rumáin agus nuair a ordaíonn oifigeach eile dó le teann cantal eitilt go dtí an Diabhail... 

Bíonn scéalta eile níos seirbhe agus fimíneacht an chléir agus na huaisle á sciolladh aige. Greann dubh dóite taitneamhach, fonóid faoin dream in uachtar de bharr oidhreachta agus maoine. 

Áiféis amach is amach atá sna píosaí faoi fhéin, reductio ab absurdum ar cáineadh air ó iriseoirí eile. 

Tá léaráid in aghaidh an scéil de chuid Josef Lada sa leabhar, agus is mór an spóirt iad. 

Is acu a bheadh an spóirt le ciorcail órga na hÉireann, creidim.