Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-04-13

Octavia Butler - Earthseed

Luaigh mé cheana gur sheol NK Jeminsin agus Nnedi Okarafor i dtreo Octavia Butler mé, scríbhneoir Meiriceánach de shliocht na hAfraice.

Tá dhá úrscéal, The Parable of the Sower agus The Parable of the Talents sa sraith.
Bhí sé i gceist aici sraith fhada a chruthú ach níor éirigh léi. 

Seasann an dá leabhar ina bhfuil a laoch Lauren Oya Olamina lárnach go maith astu féin, dar liom.

Ag tús an scéil, is déagóir óg í. De bharr iarsmaí andúil a máthair i ndruga ar leith, fulaingíonn sí pian daoine eile má fheiceann sí ag fulaingt iad. Tá a hathair pósta arís agus muirir air. Tá cónaí orthu in eastáit bheag tithíochta, balla thart air, i timpeallacht Los Angeles. Lasmuigh, tá an tír ag titim in anord de bharr corraíl pholaitiúil agus tionchar athrú aeráide.

Tá an cuma ar go bhfuil an saol sách maith ach tuigeann sí an baol agus meabhraíonn agus beartaíonn in aghaidh an anachain ainneoin go mbíonn achrann dá bharr lena hathair, atá ag iarraidh misneach a choinneáil sa phobal bheag, a bhfuil sé mar ministéir acu freisin. Ainneoin go n-aithníonn sé go bhfuil dealramh lena smaointe agus bearta conas maireachtáil lasmuigh.

Diaidh ar ndiaidh buaileann na tubaistí agus bíonn uirthi dul ar a seachaint. Bailíonn sí pobal in iarracht tosú as an nua san anord, agus bíonn sí ag teagasc a síol teagaisc féin dóibh - go bhfuil sé i ndán don gcine daonna éalú go dtí na réalta agus saol úr a chruthú - gurb é sin an dóigh chun na fórsaí oilc a fhágann an cine scoiltí a shárú. 

Tagann bunúsachas creideamh, gaoth i seolta feachtas Uachtaráin atá ag iarraidh lámh láidir a imirt, salach ar a hiarrachtaí pobal a chruthú agus bíonn uirthi tosú as an nua arís. A grá caillte aici. A leanbh goidte. Deartháir aimsithe agus caillte arís.

Trí súile a hiníon goidte agus dialanna - léi féin, lena fear agus lena deartháir a insítear scéal an dara leabhair.

Is samhlú iontach é ar mhisneach agus dóchas i ngleic leis an olc agus an diostóip. Ach freisin ar chostas pearsanta agus teaghlaigh an té a fhéachann le fís a chur i gcrích. 

Fáiscthe as taithí údair agus léitheoireacht leathan an linbh uaignigh. Lón machnaimh (agus é ana thráthúil cé gur sna nóchaidí a scríobh sí é.). 

Cloch maith sa seánra "Cad a tharlódh dá..." agus gan mórán gá le díchreideamh a chur ar fionraí. D'fhéadfadh formhór na heachtraí titim amach mar a rinne sí cur síos orthu. Tharla a leithéidí cheana...