Eaglais mór fhairsing is ea San Seosamh, Tír an Iúir, áit ar éist mé aifreann agus mé ag fás aníos. Ag tús an 20ú chéid, chuir sagart paróiste an oiread céanna arís leis an séipeal, rud a fhágann cruth neamhghnách air. Fear le súil chun cinn ab ea é, agus fuair sé Harry Clarke (nach raibh cáil mór air fós) chun fuinneog iontach daite a chuir ar bhinn nua an tséipéal. Tá seod nó dhó eile dá chuid in aice an altóir. Sna seachtóidí agus ochtóidí agus mé ag fás aníos bhí triúir nó ceathrar sagart ag fónamh ar an bpobal agus cúig nó sé aifreann gach Domhnach - agus an Eaglais lán go maith.
Bím ann anois is arís - aifrinn cuimhneacháin agus a léithéid - ach bíonn fairsinge spáis anois ann.
Um Cásc 1985 bhí mé sa Róimh le grúpa óige. Fuaireamar deis freastal ar Aifreann na Bigile i mBaisleac Pheadair. Tosainn Aifreann na Bigile sin i nDorchadas, go dtugann an ceiliúraí coinneal na Cásca isteach san Eaglais, lasta ó thine na Cásca lasmuigh. De ghnáth is solas séimh na gcoinneal ag an bpobal a ghluaiseann gualann ar gualann leis an gcléir suas an séipéal. Mo chuimhne áfach ná go raibh tintreach flaiseanna ó ceamraí ann freisin, agus an cuma ar an bPápa Eoin Pól II go raibh sé cráite acu! Ansin go tobann lasadh soilse uilig an Bhaislic agus bhí sé ina lá, shamhlófá.
Um Cáisc 1995 bhí mé i nDeisceart na Polainne le mo nuachar agus mac óg. Is cuimhin liom an Eaglais a bheith chomh plódaite ar Aoine an Chéasta le DART ag buaic am taistil - agus go raibh ar aon duine nach bhfuair suíochán bogadh in éineacht le gach duine eile san Eaglais. Rud a tharla!
Uair sa bhliain a mbím i gCúil Aodha, ag éisteacht Aifreann agus mé sa cheantar do Imbolc. Cé go mbíonn corr bhínse folamh in aice na haltóra, go hiondúil - mar gur cuid de chroí an phobail cór agus aifreann - bíonn an seipéal lán go maith.
Anois áfach, agus na hEaglais iata ag srianta atá ag iarraidh scaipeadh galair a chloí, is mór an athrú atá ann. Taobh leis an dteilefís atáim chun aifreann a éisteacht.
Bhí mé ag éisteacht leis an bPapa um Cháisc mar sin. Bhí sé diamhar Eaglais ollmhór a fheiceáil gan ann ach roinnt deicheanna de dhaoine - scartha amach óna chéile. Ceol an schola tanaí go maith san Eaglais mór fairsing. Iocón Mhuire, Slánú Pobal na Róimhe agus Cros Céasta le nasc leis an bplá sna meánaoiseanna ar an altóir - meabhrú go raibh a leithéid ann cheana agus go dtiocfaimid as, go bhfuil cúis misnigh ann dúinn.
Chonaic mé roinnt freisin de shearmanas Aoine an Chéasta ó Chúl Aodha - gan san seipéal ach an sagart agus dornán de bhaill an Cóir.
Meascán ab ea na hAifrinn eile a d'éist mé - as Gearmáinis don mórchuid. Roinnt acu as seipéilíní beaga in aice leis an gnáth séipeal - áit a raibh cuma níos nádúrtha ar an líon beag daoine a bhí i láthair. Ach freisin aifreann ó Ard Eaglais Köln - diamhair arís an dornán duine in Eaglais ollmhór.
Níl mé baileach cinnte cá bhfuil an sruth smaointe agus cuimhní cinn seo ag dul!
Is dóigh liom gur chun leasa an athnuachan é nach bhfuil daoine ag plódú Eaglaisí níos mór de bharr smacht sóisialta agus nósanna fadbhunaithe - go bhfuil soiscéalú agus cinntí pearsanta ag teacht in áit leanúint caoch rialacha. Chruthaigh sé sin deiseanna d'arrachtaí teacht i dtír ar soineanteacht, agus chlis ar na hEaspaig a ndualgas a dhéanamh - tá leorghníomh fada le déanamh as sin.
Tá an rud ceart déanta ag an Pápa agus na hEaspaig géilleadh don riachtanas sláinte agus smacht an stáit. Ach is gá a bheith airdeallach nch n-éilíonn Caesár níos mó ná mar atá dlite dó; gur leas an phobail, a bhfuil riachtanais anama chomh maith le colainne acu, an slat tomhais.
Beidh le feiceáil, ach measaim gur chun leasa athnuachan na hEaglaise an teidhm seo - go dtabharfaidh sé deis ar dhaoine athmhachnamh ar ionad Dé ina saoil.