Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label baile átha cliath werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label baile átha cliath werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-10-28

Bis orat qui bene cantat, athuair

Bhí mé i lár na cathrach luath Dé Céadaoin seo caite, agus bheartaigh mé buaileadh isteach i séipéal an tSlánaitheora ar Sráid Dominic tar éis dom greim bia a fháil i lár na cathrach. Bhí sé ar an mbealach go háras na scríbhneoirí, cineál agus stad luas lámh leis. Bhí mé ann uair amháin cheana, ach sa charghas tráth a raibh gach dealbh clúdaithe le fallaing corcra. 

Nuair a shroich mé an áit bhí tráth na heaspartan á chanadh ag na manaigh - mar a thuigfeá ó ainm na sráide, ord na seanmóirí a bhunaigh San Dominic Guzman atá lonnaithe ann. 

Bhí bhféidir fiche manach ar an altóir, i ndá sraith ag amharc ar a chéile. Níos mó ná mar a bhí súil agam óg agus Éireannach. 

Tá cáil na cantaireachta ar ord na nDoiminiceach. Agus is ag canadh a bhí siad. As Béarla. Ina suí, ina seasamh, agus nuair a bhí ainm an Tiarna á rá ag umhlú. Uaireanta bhí sraith amháin ag umhlú don sraith eile - ní raibh mé chluasa sách géar chun aithint cad a bhí i gceist ansin. Beirt ag canadh ina n-aonar uaireanta, nó bráthair ag léamh. 

Ag deireadh iad ag siúl go sollúnta ón altóir. 

Bhí cúpla nóiméad agam le hamharc ar an séipéal. Dealbha de Doiminicigh canónaithe. Claochlú an Tiarna sa bhfuinneog gloine os cionn na haltóra. Dealbh álainn de Mhuire banríon an Phaidrín. Ise a bhronn agus a spreag San Doiminic chun an deabhóid a scaipeadh. 


Regina sa­cra­tíssimi Rosárii, ora pro nobis. 



 

2012-09-02

Cú Chulainn Cathrach


Tá an múrmhaisiú seo i Sráid Nassau, ar balla le hais an Ionad Setanta, díreach trasna ón Siopa Kilkenny Design, agus le hais an siopa ceoil Celtic Note. Deir an Idirlíon liom gurbh é Desmond Kinney an t-ealaíontóir agus gurbh i 1974 a rinneadh an saothar. Mar a luaitear san leathanach seo a chuireann síos air, níl an t-eolas sin le feiceáil ar an láthair.
Le mo fón póca a thóg mé na híomhánna seo, agus ní thugann siad a cheart don saothar iontach, dathúil (i ngach ciall) lán sonraí seo. Tá radharcanna saoil Chon Chulainn, ón macghníomh a thug a ainm dó go dtí a bhás ceangailte de ghallán. Tagairtí dá bhreith ann, do Lugh agus Dechtire, do mhallacht Mhacha a d'fhág fir Ulaidh lag in am an ghátair. 
 De réir an nasc ag dánlann Solomon, tá tríocha saothar mar é thar timpeall na Cathrach ach níl aon ceann eile feicthe agam go bhfios dom. Tá's agam go bhfuil saothar bunaithe ar Bhuile Suibhne san Irish Life Centre ar Sráid na Mainistreach - ach níl teacht air ach le linn uaireanta oibre an bhainc atá ar an gcéad urlár ansin mar go mbíonn an clos iata lasmuigh de na huaireanta sin. 
Tá sé i gceist agam le fada ruathar a thabhairt chomh fada leis ach níor éirigh liom fós.
Má tá na saothair eile ar aon dul leis an gceann seo b'fhiú b'fhéidir cosán a leagan amach a nascann iad le chéile - má sin áiteanna poiblí atá siad. Is beag eolas a d'aimsigh mé ar líne fúthu. Ach tá cuid de shaothar an ealaíontóra le feiceáil anseo:


2012-08-25

Do tháinig loingeas go hInbhear Life

 Tá bunáite an lae caite agam ag Féile na Long Arda i bhfochair m'iníon. Toisc go riabh mé le'm iníon, is ar a mianta siúd a bhí m'aird. Bhí cloiste agam faoi scéalaíocht Púca Puppets a bhí le bheith in ionad cuairteoirí Uiscebhealaí Éireann ag Dug na Canálach Móire. Is ag an stáisiúin ansin a thuirling muid mar sin - ach bhí na sluaite ansin cheana agus scuaine fhada naíchóistí don ardaitheoir! (Níor thaisteal mé le naíchóiste riamh le mo leanaí, b'fhearr go mór liom an ceirt iompair ó Didymos).
Nuair a bhí sé cinntithe agam cá raibh an scéalaíocht le bheith, agus cad a bhí le déanamh, thug muid aghaidh ar na céanna.
B'iontach an radharc na céanna; long i ndiaidh long faoi bhratacha ildaite. Bhí, gan amhras scuainí fada ag na báid a bhí oscailte agus níor bhac muid mar sin dul ar bhord aon long. Bhí radharc measartha maith ar na longa ón gcé pé scéal é.
 Bhí taispeántas spleodrach sa phlásóg ós comhair an Amharclann agus ar na  sráideanna  máguaird. Ealaíon a thug cuireadh spraoi leis; faiche imeartha le bréagáin adhmaid de chuid Festijeux, Siamsallán,  Ollsleamhnán agus araile. Bhí ardán ann le ceol, ach is beag aird a thug muid air. Sa bháisín lámh leis bhí taispeántas surfálaí eitleoige - gan eitleog! Seachas sin bhí siad ag baint feidhm as sreang a bhí á dtarraingt go gasta thar an uisce, ag tabhairt deis dóibh taibhe spreagúil a thabhairt de léim as an uisce.
D'fhill muid ar an Ionad Cuairteora, áit a raibh taispeántas laistigh de samhail báid de chuid Cumann Báid Mionsamhlach na hÉireann. Chomh maith le mionsamhail bhí pleananna agus báid leath réitithe le feiceáil. Agus bhí cuid de na báid ar an uisce lasmuigh.
 Bhí sé in am ansin éisteacht le scéal Mamó na Mara; Scéal iontach samhlaíoch faoi mhurúch a scuabadh isteach sa Chanáil ag anfa. Snámh sí chomh fada leis an Sionainn ar chomhairle ainmhithe ar chas sí orthu; sa tóir ar an mBradán Feasa chun fios na bealaí chuig a muintir a fháil. Ach bhí an Bradán marbh le fada, (ite ag Fionn Mac Cumhaill, dár ndóigh) agus nuair a rinne sí neamhaird den gcomhairle gan na cnónna in linn na feasa a ól, bhuail mallacht í agus rinneadh duine di. Bhí deireadh measartha sona ar a cás, áfach, agus é geallta di go mb'fhéidir go mbeadh Tuath de Danann  toilteanach a eireaball a thabhairt ar ais di dá gcuideoidh na leanaí léi scéalta a chnuasach!
 Ach ní raibh fonn ar m'iníon, mar sin bhailigh muid linn. Bhí ealaí so-seolta tugtha faoi deara agam san duga ón DART i rith na seachtaine. Ba chuid iad de imeachtaí a bhí á chuir ar fáil saor in aisce ag Surfdock, cé nach mbíonn siad acu i gcónaí. Bhí siad le bheith curtha in áirithint ag daoine roimh ré; ach bhí sé d'ádh orainn gur loic duine a raibh siad curtha in áirithint aige agus fuair muid deis  tamall a chaitheamh ag cos-chéaslóireacht thart ar an nduga. (Obair chrua!)
Ansin bhí fonn ar m'iníon roinnt den siamsaíocht a bhlaiseadh agus thóg sí seal ar an siamsallán.
Bhí fonn uirthi níos mó a dhéanadh ach bhí mise tugtha traochta, agus scuainí fada gach áit.
Mar sin fuair muid flas candaí ollmhór agus d'fhill ar an DART (plódaithe!) abhaile.
Bhíos sásta go maith leis mar lá, agus caithfidh mé a rá go sílim go raibh ann eagar ar an bhféile. Ar ndóigh, ní fhaca muide ach cúinne amháin - d'fheadfá i bhfad níos mó ama a chaitheamh ag blaiseadh na hiontais ar fad. Bhí foireann ag lucht na féile gach áit, móide lucht slándála, lucht an cosaint sibhialta agus na Gardaí. Bhí boscaí bruscar scaipthe thart go flúirseach, agus foireann glantacháin chomh maith - i bhfianaise na sluaite a bhí ann, bhí fíor bheagán bruscair le feiceáil. Bhí seastáin den uile chineál ann, agus bhí fajita blasta Meicsiceach agam nach raibh (d'Áth Cliath) ró dhaor - €5.
Treise le lucht eagar an Fhéile!

2011-11-12

Turas taibhseach

Chuaigh scata againn ón oifig ar an dturas bus seo le gairid. Is éard atá i gceist ná turas treoraithe neamhghnách ar lár Chathair Bhaile Átha Cliath, le béim ar an alltar agus a leithéidí. Bíonn aisteoir i gceannas agus an bus feisithe le gnáth fearais an uafáis tráchtála - líonta bréagach damháin alla, creatlacha saorga agus mar sin de. Dubh agus craorag in uachtar sna dathanna,  clapsholas laistigh ar feadh an turais agus mar sin de. Phioc an bus suas muid ón oifig agus bhailigh an aisteoir a bhí i gceannas ar an slí go lár na cathrach. Baineadh siar rud beag as siúd cionn is nach raibh muid - seachas roinnt de na cuntasóirí - tar éis bheith sa tábhairne roimh ré. Bhí sé níos cleachta le slua ar bhog meisce a stiúradh, agus bhí breis saothair ar dá réir muid a spreagadh. Bhí stór maith scéalta uafáis aige maidir le bás agus corpán sa chathair, agus an cineál ruda a bhíodh ar siúl ag máinlianna san 18ú aois sa Choláiste ar sráid Chill Dara, mar shampla. Bhí sruth láidir grinn tríd an rud ar fad áfach. Stop muid ag Páirc Naomh Caoimhín - arbh reilig é tráth. Bhí baint ag an áit seo leis an Easpag Diarmaid Ó hUrthuile a cuireadh chun báis go barbartha le linn ré Eilís I. Ba foinse uafáis an scéal sin sa dorchadas. Bhí droch-cháil ar an reilig céanna de bharr gníomhartha na robálaithe coirp, agus bhí aisteoir eile ar lámh chun a modh oibre siúd a léiriú. Lean an chamchuairt ar aghaidh ansin go dtí sean bhallaí na Cathrach agus na céimeanna ag Eaglais San Audeon. Thug an reacaire dornán scéalta uafáis eile dúinn ansin, ina measc scéal Buck Whaley agus an Hellfire Club.
Ba reacaire bhreá é, agus stór shaibhir scéalta agus geáitsí aige, agus b'fhiú an turas a dhéanamh chun léiriú eile a fháil ar an gcathair.