Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-02

Cú Chulainn Cathrach


Tá an múrmhaisiú seo i Sráid Nassau, ar balla le hais an Ionad Setanta, díreach trasna ón Siopa Kilkenny Design, agus le hais an siopa ceoil Celtic Note. Deir an Idirlíon liom gurbh é Desmond Kinney an t-ealaíontóir agus gurbh i 1974 a rinneadh an saothar. Mar a luaitear san leathanach seo a chuireann síos air, níl an t-eolas sin le feiceáil ar an láthair.
Le mo fón póca a thóg mé na híomhánna seo, agus ní thugann siad a cheart don saothar iontach, dathúil (i ngach ciall) lán sonraí seo. Tá radharcanna saoil Chon Chulainn, ón macghníomh a thug a ainm dó go dtí a bhás ceangailte de ghallán. Tagairtí dá bhreith ann, do Lugh agus Dechtire, do mhallacht Mhacha a d'fhág fir Ulaidh lag in am an ghátair. 
 De réir an nasc ag dánlann Solomon, tá tríocha saothar mar é thar timpeall na Cathrach ach níl aon ceann eile feicthe agam go bhfios dom. Tá's agam go bhfuil saothar bunaithe ar Bhuile Suibhne san Irish Life Centre ar Sráid na Mainistreach - ach níl teacht air ach le linn uaireanta oibre an bhainc atá ar an gcéad urlár ansin mar go mbíonn an clos iata lasmuigh de na huaireanta sin. 
Tá sé i gceist agam le fada ruathar a thabhairt chomh fada leis ach níor éirigh liom fós.
Má tá na saothair eile ar aon dul leis an gceann seo b'fhiú b'fhéidir cosán a leagan amach a nascann iad le chéile - má sin áiteanna poiblí atá siad. Is beag eolas a d'aimsigh mé ar líne fúthu. Ach tá cuid de shaothar an ealaíontóra le feiceáil anseo: