Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-04

Gort na bhFataí

Tá Cumann Spóirt agus Sóisialta againn ar obair. Cuireann na baill roinnt airgead in aghaidh na míosa isteach sa phota agus cuireann an cuideachta a chomhoiread leis. Eagraítear roinnt imeachtaí i rith na bliana mar sin chun (i bprionsabal) deis a thabhairt do dhaoine aithne a chuir ar a chéile lasmuigh de srianta na hoifige. Deá smaoineamh. Tá coiste deonach i gceist leis an eagrú, agus tá sé d'ádh orainn faoi láthair go bhfuil coiste samhlaíoch agus gníomhach againn; agus iad tuisceanach freisin go bhfuil teaghlaigh ag daoine!
Mar sin, eagraíodh lá teaghlaigh i Tayto Park Dé Domhnaigh.
Tá páirceanna siamsaíochta mar é thar a bheith gann abhus. Bhí muid ann le'm iníon atá díreach ag an aois ceart dó sílim, cé gur chaith sí mórchuid na hama san clós spraoi - rud a bheadh ar fáil áiteanna eile. Mar sin féin bhí rudaí eile ar fáil nach mbeadh chomh héasca teacht orthu. Aghaidh dathú, mar shampla. Agus - rud a bhain sí an sult as - scéalaíocht i bPuball "Indiach Dearg". Níor chuala mé féin an scéalaí í, ach d'fhill sí arís is arís eile uirthi, mar sin caithfidh sé go raibh sí sách maith!
Tá scata deiseanna proinn a chaitheamh san áit, agus bhí béile orduithe dúinn san "Outback" a bhí sách maith do greim gasta. 
Bhí seó draíochta san ionad céanna a bhí ana mhaith ar fad.
Agus tá bailiúcháin d'ainmhithe acu - tréad bheag bhuabhall, eallach eile, lámaí ina measc, agus cuid mhaith cait mhóra. Agus ealta éin clóis.
Ba lá breá brothallach a bhí ann, mar sin bhí an áit dubh le daoine. Níor chuir sin as dúinne, ach tá iontas nó dhó san áit a raibh an tóir ag daoine eile orthu - rópaí arda agus "zip-line" fíor ard fíor fhada. Bhí scuaine fada dóibh sin um thráthnóna. Dá mbeadh faoi dhuine tabhairt fúthu sin b'fhiú bheith ann luath, agus an áit ag oscailt.
Níl an áit saor - €40 ar bheirt duine fásta agus beirt ghasúir,agus breis ar chuid de na hiontais laistigh. Ach níl na praghsanna ar bhia agus deoch thar fóir.
Áit dheas do lá teaghlaigh le gasúir óga.