Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-20

Scáthán an Aoir

D'fhreastail mé anocht ar "Saint" le Fíbín atá mar chuid den Fringe. Tá sé ar siúl go dtí an Satharn san Cube san Project Arts Centre.
Spás sách beag amharclainne atá ansin, rud a bhí feiliúnach don dráma gairid seo. Trí ceathrú uaire de spleodar. Cuireann an triúir aisteoir agus ceoltóir amháin, le tacaíocht ó feistiú stáitse cliste, aoir chumasach ar saint na nÉireannach le linn an Tíogar Ceilteach i láthair.
Tá an Finale thar a bheith glic agus físúil. Chuala mé roimhe nach raibh de Ghaeilge ag na haisteoirí ach a línte (gné turgnamhach eile de shaothar Fibín) agus bhí amhras áirithe orm. Ach murach mé bheith ar an eolas roimh ré níl mé cinnte go mbeadh sin tugtha faoi deara agam.
Dar ndóigh is stíl colainneach, fisicúil a chleachtann  Fibín, na haisteoirí ag cur a gcorp ag obair chomh maith lena bhfocail. 
Thug an Irish Times ceithre réalta as cúig don dráma seo: Shíl an lánúin a bhí liom ann go raibh leath réalta sa bhreis tuilte aige! Aontaím.
Baineadh feidhm chliste as clíséanna agus steiréitíopaí le dlús a chuir leis an insint; agus bhí píosa aitheanta ceoil, mar shampla, tús Also Sprach Zarathustra, le macallaí cultúrtha a dhúiseacht. 
Tá go dtí an Satharn agaibh freastail air. Tapaígí an deis! 


Aguisín: Bhí an fógra slándála roimhe i mBéarla agus i nGaeilge (an dá cheann réamhthaifeadta). Agus bhain siad feidhm as an bhfocal álainn "taibhe" ann.