Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label eilvéis Boihéimeach werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label eilvéis Boihéimeach werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2011-05-26

Leac scéal

Leac i clós Eaglais N. Seoirse i Chřibská
Neadaigh an leac seo i'm intinn nuair a chéad chonaic mé é, geall le fiche bliain ó shin anois. Gan amhras, is pobal a labhair Gearmáinis a bhí chun tosaigh sa cheantar sin ón aonú céad déag ar aghaidh. (Tá stair lár na hEorpa casta!) San 19ú céad tháinig an t-ainm Sudetendeutsche chun cinn don bpobal seo.
Baineann an leac seo áfach le cogadh idir dhá impireacht le cinseal a labhair Gearmáinis - an Phrúis, agus carcair na náisiún, an Impireacht Ostra-Ungárach.
Seo atá scríofa air:
Ar an láthair coisricthe seo tá Jakob Mitire i gcré na cille. Ón Reisimint Teorann Ogulineach Ríoga agus Impiriúil Uimhir 3, Crótach. Leagadh an fear céanna sa chath in aghaidh na Prúisigh i Kreibitz Íochtar i Lúnasa 1778, i ndiaidh dó seisear dá chéilí comhraic a mharú agus é i crann le duilliúr tiubh. Fuair sé bás an laoch ar son am tír athartha de bharr a chréachtaí an lá céanna in ospidéal an phobail i Kreibitz.
Onóir dá Chuimhne
Tiomnaithe ag Eduard Lehmann 1898.
Leac cuimhneacháin don gcéad cogadh Domhanda i Vysoká Lípa.

Is geall le húrscéal an leac seo, agus spreagrann sé ceisteanna, nach bhfuil freagra ar bith agam orthu. Ina measc cad a spreag Lehmann breis is céad bliain dár gcionn an leacht a thiomnú. An raibh bagairt arís ón bPrúis? Maidir le "Ehre seinem Andenken", nílim cinnte an é an modh fhoshuiteach nó ordaitheach atá i gceist.  Agus mé ar tóir breis eolais, tháinig mé ar an suíomh seo. Níl Seicis agam; ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil dream a bhuanaíonn cuimhne ar saighdiúirí sa tSeic sásta a chuimhne siúd a chuir san áireamh. Tá, mar a deirim, stair lár na hEorpa, agus féiniúlacht a cuid pobail, casta.Mar a léiríonn an leac seo i Vysoká Lípa. Tiomnú dhá theangach - ach ainmneacha Gearmánacha ar fad air. Breis ón suíomh a luaigh mé thuas.

Fánaíocht Aonghusa: Cois Eilbe

Ardaitheoir Ostrau, le
Mghamburg ar Wikimedia
Faoin am a raibh Hřensko bainte amach againn, bhí muid araon sách tuirseach tar éis lá go leith ag siúl sa bhrothall. Bhí lóistín na hoíche curtha in áirithe againn sa Bhrú Óige in Ostrau sa Ghearmáin. Bhí sé i gceist agam siúl ar dtúis, ach  bheadh roinnt uaireanta a chloig de shiúl ar chosán achrannach, le dréimirí tríd na haillte i gceist. Bhí comhairle de dhíth! Rud a fuair muid san oifig eolais i Hřensko. Ó tharla Poblacht na Seice a bheith tar éis glacadh le Comhaontú Schengen, bhí cúrsaí iompair i bhfad níos fusa ná mar a shíleas.  Bhí bád farantóireachta ann chun an abhann a thrasnú.Ar an mbruach eile tá stáisiún traenach Schöna, agus traein áitiúil as sin go stáisiún Bad Schandau. Mar a tharlaíonn sé, ar an mbruach eile atá an baile. Fuair muid comhairle san stáisiún go m'fhiú dúinn trasnú arís ar bád farantóireachta, siúl fán Eilbe chomh fada leis an ardaitheoir sa phictiúir agus nach mbeadh ach achar bheag siúl ansin go dtí an brú. Bhí spéis agam san ardaitheoir, mar sin ghlac muid leis an gcomhairle seachas fanacht ar bhus. Baile turasóireachta cheana féin ab ea Ostrau ag tús an chéid seo chaite, agus óstóir mór le rá, Rudolf Sendig gníomhach á chuir chun cinn. Eisean a spreag (agus a d'íoc as) tógáil an ardaitheora seo i 1904. Caithfidh mé a rá gurbh iontach áisiúil an dóigh é chun dul 50 m in airde! Mar a bheifeá ag súil leis, bhí caifé ag an barr agus bhí caife oighreata agam sular chrom muid ar siúl tríd na tithe maisiúil adhmaid, ag lorg an brú - a bhí rud beag níos faide ná mar a shíl muid. Ach bhain muid ceann scríbe amach ar deireadh, agus bhí sos tuilte againn.

A chríoch san.

2011-05-25

Fánaíocht Aonghusa - Clais-ceadal



Fanaíocht Aonghusa - Clais-ceadal
brúigh ar an nasc do leagan níos mó,
leis an chonair a lean muid marcáilte
Ar an lá deiridh sa tSeic bhí bricfeasta mhaith againn san teach aíochta Švýcarský dvůr (Cúirt na hEilvéise de réir Google Translate, n'fheadar faoi sin). Bhuail muid bóthar ansin ar an gconair bhuí thar Starý Mlýn (An tSeana Mhuileann) ag imeall an bhaile. Uaidh sin téann an bealach tríd bhun clais leathan, ina bhfuil abhann ag lúbadh, chomh fada le Dolský mlýn, muileann uisce eile nach bhfuil fágtha de anois ach fothrach. Siúlóid thart ar leathuaire ar chosán réidh a bhí ansin. Ach ansin bhí orainn dreapadh as an gclais i dtreo Vysoká Lípa. Céimeanna sleasacha greanta sa ghaineamhchloch ar taobh an chlais, díreach ós cionn abhann an Kaminice, atá i dtús an conair ghorm agus bhí gá leis na lúibíní cruaiche a bhí sa chloch chun cabhrú linn an chuid seo a thrasnú. Uaidh sin bhí céimeanna suas mám ghéar go dtí Vysoká Lípa. Bhí an chosán uaidh sin go Mezní Louka éasca i gcomparáid! Ar an mbóthar a bhíomar as sin go Mezna. Murach brothall an lae, siúlóid deas séimh a bheadh ann
.
An Chlais chiúin, le Jerzy Strzeleck ó Wikimedia.
I Mezna, chuaigh muid síos staighre - roinnt céadta céimeanna - go dtí bun an chlais arís. Shiúl muid fán abhainn ar feadh leathuair nó mar sin go dtí gur bhain muid amach an áit a fhágann na báid. Bualadh an áit seo go dona thart ar ocht mhí ó shin, agus tá an turas tríd an Chlais Fhiáin fós iata. Thuirling muid an chlais chiúin i mbád - cineál puint agus polla mór fad ag an mbádóir. Thart ar fiche nóiméad a thógann an turas tríd an gclais, agus an t-uisce ann idir méadar agus seacht méadar i ndoimhneacht. Bhí an bádóir ag caint i nGearmáinis agus Seicis, ag  tarraingt aird ar na clocha ar bhfeadfaí fíoranna a fheiceáil iontu le roinnt samhlaíocht - eilifintí, míolta móra agus rl. Ansin bhí siúlóid thart ar uair an chlog fán chlais agus tríd baile Hřensko go ceann scríbe de chineál. Fán mbealach seo bhí an scrios a rinne na fuarlaigh soiléir - chonaic mé smionagair roinnt de na puint scaipthe anseo agus ansiúd san abhann.

Bhíomar tuirseach go maith faoi seo, agus bhí béile bhreá againn ann. Svíčková agamsa.
Ar lean...

2011-05-20

Fánaíocht Aonghusa: Idir aill is bile


Féach ar Fanaíocht Aonghusa i leagan níos mó
Šauenštejn liomsa (ó 2006)
Ní go rómhaith a chodail mé ar bunc chrua an bhotha i Mosquito. Ach bhíos sásta leaba ar bith a bheith fúm, agus díon ós mo chinn. Mar sin féin, d'éirigh muid go luath agus bhí bricfeasta bhreá Hemenex againn. Bhuail muid bóthar go luath, ag diriú ó thuaidh ar an gconair dearg. Chuaigh muid ar leataobh píosa chun dul chuig Šauenštejn. Aill ard gaineamhchloiche atá anseo. Bhíodh caisleán ag ropairí ann fadó (uatha siúd atá ceann de na tithe tábhairne i Vysoká Lípa ainmnithe. "U Loupežáku" An Ropaire).  Lean muid an chonair dearg ansin ar feadh thart ar dhá uair a chloig go dtí Na Tokaní. Bhí anraith bhreá gairleoige agam mar dara bricfeasta, agus deich km siúlta againn faoin am sin. Lean muid ar aghaidh ar an conair bhuí i dtreo Doubice. Tá an cosán seo thar a bheith spéisiúil mar is iomaí áit air a mbíonn staighre greanta sa charraig nó fiú dréimire le dreapadh chun dul chun cinn. Nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar, tar éis uaire agus 5 km, chas muid ó dheas i dtreo Chřibská. Lean muid an bhóthar go dtí imeall an bhaile i Dolní Chřibská (Chřibská Íochtar).
Chřibská Radnice, ó Wikimedia
Bhí an-teas sa lá, agus bhí feithidí líonmhar ar foluain ós cionn na móinéir cois bóthair. Bhí éin le clos freisin, ach seachas tarbh aonair ní dóigh liom go bhfaca muid aon neach beo eile fán slí.  Díol suntas ab ea a laghad eallach a chonaic muid ar an turas. Bhí an bóthar agus sruthán ag lúbadh siar agus aniar idir aillte den ghaineamhchloch. Bhí mise meáite ag cuairt a thabhairt athuair ar Eaglais Naomh Seoirse i Chřibská. D'éist mé Aifreann san Eaglais álainn barócach seo siar sna 1990í. De réir mo chuimhne ní raibh ach dornán beag daoine ann, agus sagart a bhí cromtha leis an aois. Is cosúil go bhfuil athnuachan arís déanta ar an Eaglais, ach bhí sé dúnta romhainn. Tá leac suntasach sa chlos ann; ábhar d'oíche eile. Bhí ceithre km faoi theas na gréine ar an mbóthar siúlta againn, agus tart agus ocras orainn. Bhí muid thar a bheith sásta suí isteach sa phroinnteach i sean Áras an Bhaile. Gúlais "ghasta" (minutky) a chaith mise. D'ól muid araon go leor Apfelschorle - focal Gearmáinise ar manglam de shú úill agus uisce mianra le gás ann. Mo chuimhne - is i nGearmáinis is mó a labhair muid le daoine, ábhar le cíoradh i mír eile. Tá Apfelschorle go diail ag múchadh tart, rud a bhí de dhíth orainn agus muid báite in allas. Chuaigh muid ar aghaidh ar an mbóthar ansin go dtí Rynartice. Bhí sé i gceist agam cur fúm i dTeach Aíochta ann ar fhán mé an iliomad uair le mo bhean ann. Thóg sé dhá uair orainn an 5 km slí s shiúl, agus muid ag tuirsiú de bharr a raibh siúlta againn agus an brothall. Suas le fána a bhí cuid mhaith den slí freisin. Faraor, ní raibh faoiseamh in ndán dúinn. Bhí muintir an teach aíochta éirithe as. Bhí na tithe tábhairne inar chaith mé an iomaí beoir bhreá imithe! Tagtha ina n-áit bhí óstán bhreá, ach ró dhaor domhsa. Is fíor go raibh teach aíochta eile ann - ach iad dúnta ar an Luan. Ní raibh an dara suí sa bhuail againn ach dul ar aghaidh go Jetřichovice. Dhá km eile - ach ar a laghad is síos an cnoc a bhí ár dtriall.Tá raidhse tithe aíocht ann, ach chuaigh muid isteach san céad ceann a bhuail linn. €44 a chosain leaba agus bricfeasta. M'anam ach go raibh an leann dubh ann blasta!

Ar lean...

2011-05-19

Fánaíocht Aonghusa: Ó Moinéar an Teorainn go dtí an Teile Ard

Agus mé thall, thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt arís ar an Eilvéis Boihéimeach. Ceantar atá anseo ar chaith mé cuid mhaith ama ann agus mé ag cur aithne ar mo bhean - tá mo chuimhní báite i gceo órga na suirí mar sin. Mar sin féin ní raibh díomá orm faoi m'athchuairt. 
Thug mé féin agus mac liom aghaidh ó dheas ar an traein ón príomhstáisiún nua i mBeirlín - ábhar mír eile ansan - go cathair Děčín, díreach soir ón nGearmáin ar an Labe (Elbe). Turas thart ar trí uair a chloig. Tá an tSeic anois ina bhall de Chomhaontú Schengen, mar sin shleamhnaigh muid thar teorainn - ní rabhas fiú cinnte go rabhamar ann go dtí gur tháinig muid chomh fada leis an stáisiúin i Děčín. I gcónaí roimhe bhí orm pas a thaispeáint roimhe sin.
Ní raibh fúm mórán ama a chaitheamh ann, ach de bhrí go raibh orm airgead Seiceach a fháil don bhus, agus nach bhfuair mé ach nóta mhór amháin ón UMB, b'éigean dúinn dhá uair a chaitheamh ann sular éalaigh muid le bus. Bhí dearmad déanta agam go raibh an cuid is deise den gcathair ar an mbruach eile den Labe. An chéad uair eile, seans.
Thug an bus muid go Mezní Louka, thar Hřensko. Ceantar turasóireachta le breis agus céad bliain atá anseo, agus cosain siúlóide deá-mharcáilte gach áit. Shiúil muid ar an chonair ghorm ó Mezní Louka go dtí Vysoká Lípa. Siúlóid thart ar uair a chloig, síos isteach i ngleann coillteach agus suas arís.
Bhí sé i gceist agam cur fúm arís i Pod Lípou, mar a rinne cheana. Ach ní raibh aon socrú déanta agam, agus ní raibh aoinne ann romham. Bhí an cuma air go mbeadh muid ag codladh faoin spéir - bhí gach áit lán nó iata romhainn. Bhí muid stiúgtha leis an ocras, ach bhí cistineacha na tithe tábhairne dúnta má bhí na tábhairní féin oscailte - rud nach raibh i ngach cás. (Bhí sé 8 i.n ar Domhnach faoin dtráth seo). Buíochas le Dia fuair muid lóistín i mboth san Ionad Campála Mosquito. Níos fearr fós, bhí idir bia agus deoch fós ar fáil ann. Ba bhlasta an anraith gúlais agus ba mhilis an beoir!

Ar lean...

Táim ag dul sa tseans le mo logainmníocht Mezní Louka -> Moinéar an Teorainn; Táim measartha cinnte go bhfuilim ceart faoi Vysoká Lípa bheith ina Theile Ard áfach.