Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-15

Asarlaíocht, gorta agus teamplóirí


Bhí Labhrás Ó Finneadha i measc na gcainteoirí a labhair ag #FómharNaLeabhar faoin aistriúchán, oíche Aoine sula raibh mé féin i láthair. Nuair a d'amharc mé siar ar sin ar YouTube  spreagadh mé chun fios a chur, ón leabharlann, ar an dtrí leabhrán aistrithe aige ó Fraincis agus Gearmáinis. Bhí a ghearrscéalta Íbíotsa léite le taitneamh cheana agam.

 Trí sliocht ón 19ú céad, péire a bhaineann le Lucsamburg agus ceann faoi Bhaile Átha Cliath tréimhse an Ghorta, scríofa ag Boihéamach.

Tá cuntas sa chéad mír ar triail mnaoi roinnt céadta bliain roimhe sin i gcúis asarlaíochta. Fianaise na cúirte á scagadh le trachtaireacht ag an iriseoir, agus an fianaise sin ag teacht lena thuairim gur saint agus formad a spreag an triail. Tháinig an bhean slán ach creachadh a maoin. Spiteanna feamainne agus piseogacht. Cuma an dlí a chuir air goid.

Alt staire an gceann eile freisin, ag cíoradh stair de chuid lonnaíocht amháin de chuid Ridirí an Teampaill i gceantar Lucsamburg, an iomaíocht leis na huaisle áitiúla, na hiarsmaí seandálaíochta, formad Rí na Fraince leo agus críoch an Oird. Agus na finscéalta a spreag sin.

Ba san tríú leabhar is mó a chuir mé suim. Tarlaíonn sé go raibh mé tar éis litreacha Hartmann a léamh, nuair a bhí mé ag fiosrú conas a chuaigh scéal Labhraí Loingsigh soir chomh fada leis an Boihéim. Iriseoir, scríbhneoir agus réabhlóidí ab Moritz Hartmann, a bhí ar a sheachaint de bharr corraíl an tsaoil in aimsir réabhlóide 1848. Ba chuid d'impireacht na hOstaire a cheantar dúchais an uair úd, agus ba Ghearmáiniseoir de bhunadh Giúdach é féin. 

Díol spéise (agus iontais, ní mór dom a rá) na teagmhálacha a bhí aige le lucht Éire Óg agus freisin le heagraíocht Uí Chonaill, a bhí ar an dé deiridh agus an Fuascailteoir marbh le tamall. Tá trácht ar cheann de cruinnithe deireadh Cumann Repeal aige. Croí na hinsinte áfach ná a thuras, i bhfochair mnaoi óige a rinne iarracht í féin a dhíol leis - díol uafáis, aiféala agus trua dó - go síbín sna saoirsí, áit ar chuala sé scéal Labhraí Loingsigh i measc scéalta eile. Agus dá dheasca sin, tá an scéal siúd i gcanóin litríochta fuascailte na Seice - scéal sábháilte chun cáineadh indíreach a dhéanamh ar údarásaíochas réimeas na hOstaire. 

Má thuigim i gceart é, ón méid a dúirt sé sa Chultúrlann, agus atá sa díonbhrollach, bhí sé mar aidhm ag Labhrás an Ghaeilge a aclú, eiseamláir dea chleachtas aistriúchán a thabhairt, tríd Gaeilge a chur ar ábhar nach bhfuil coitianta sa Ghaeilge. Sílim gur bhuail sé an sprioc go paiteanta. 

Tá roinnt plé san réamhrá ar na dúshláin a bhain leis an obair, agus is fiú iadsan a léamh freisin. Tar éis an tsaoil, is aistritheoir beagnach gach duine a scríobhann as Gaeilge, dá dheoin nó dá ainneoin. 

Labhrás Ó Finneadha 
Cois Life