Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-27

Béal na Péiste


Caitlín a spreag m'fhiosracht faoin úrscéal seo le Fionntán de Brún. Léigh mé a chuid gearrscéalta Litir ó mo mháthair altrama roinnt blianta ó shin. Cheannaigh mé an t-úrscéal seo san Siopa Leabhar cúpla seachtain ó shin.

Deacair é a aicmiú. Scéinséir? Bildungsroman? Stair? Fealsúnacht? Tá siad uilig ann. Scéal Réamonn Prút. Stócach as Béal Feirste. Éalaíonn ó léithe tríochaidí an chéid seo caite go dtí an Domhan Mór. Ag ceapadh go leanfaidh a chomrádaí é. Aimsíonn é féin i mBeirlín an chogadh. É ag iarraidh bheith ag ceol is ag ól is ag pógadh na mban. Ach tá an ré dorcha.

Ní mian liom an scéal a mhilleadh, toisc go bhfuil gnéithe den scéinséir ann. Táim taithíoch ar litríocht na Gearmáine faoin ré sin - Fallada, Remarque, Kästner. Feictear dom go bhfuil an t-atmaisféar cruthaithe go héifeachtach ag de Brún. Taighde cúramach déanta agus úsáid éifeachtach bainte as foinsí. Sliocht as litir ó Mharacó mar dhea ag tús an scéil atá fileata. Comrádaí le Prút ó Pháras a theith ó dheas a scríobh. 

Corr sa scéal a fhágann Prút ar ais in Éirinn le linn an chogaidh. Síleann na Gearmánaigh go bhfuil ábhar spiaire acu ann. Dul abhaile a mhian seisean. Géibheann a dhán. 

An dara cuid den scéal, cogadh eile. Béal Feirste na n-ochtóidí déanacha. Prút ar ais go sealadach ó deoraíocht fada sa Fhrainc. An tig leis a shaol sócúil ar leataobh a chaomhnú? An bhfuil scáil a stair fós ann?
Cad is ciontacht ann?

Tá neart snáithe fágtha ar foluain ag an údar chun go mbeadh ábhar machnaimh ag an léitheoir, gan baint de snáithe bunaidh an scéil. An féidir saol a chaitheamh ar do mhian, i mbun eachtraíochta go soineanta? An bhfuil sé cóir, nó an bhfuil ciontacht sa chluas bodhair? An dualgas gníomh?

Tá úrscéal láidir anseo ag Fionntán, léitheoireacht pléisiúrtha a chuireann an duán go doimhin sa bheo go gasta. Agus a fhágann neart le smaoineamh air agus an scéal léite. 

Fionntán de Brún 
Cló Iar-Chonnacht