Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-20

Gig Gael Linn

Murach cuireadh ó Réamonn Ó Ciaráin, seans go mbeadh an t-ócáid seo i gClub an tSiúcra ar an 24ú tarlaithe i ngan fhios dom. Ní bhíonn mé ar an eolas chomh iomlán sin agus mé imithe de na meáin shóisialta don Carghas.

Ba mhór an chaill a bheadh ansin. B'í Áine Hensey bean an Tí agus trí ghrúpa oirfideach le cuir romhainn aici.  

An chéad glúin eile, Étáin agus Máire Uí Churráin as Ráth Cairn, agus tacaíocht ar giotár ó Nathan Grant a chur tús leis an imeacht. Creidim gurb í Máire bean na cainte. Cumhacht aisteach tógálach soirbhíochas, a chuaigh i bhfeidhm fiú ormsa atá doirbíoch ciúin ó nádúr. Casadh iontach nua ar sean nós, ach dílis freisin. Sult a bhaint acu as traidisiún na Gaeltachtaí uilig, fómhair bainte acu as obair Ghael Linn síos tríd na blianta, na CDanna sin bord ar bhord leis na réalta cáiliúla Meiriceánacha acu. Fiú Dóchas linn Naomh Pádraig, a bhraithim é bheith smolchaite, chuir siad brí agus fuinneamh úrnua ann. Fuinneamh a tháinig ón gcroí agus a bhí spreagúil dá réir. 


An t-ionchollú reatha d'Imlé a lean ar stáitse iad, Cian Mac Cárthaigh ar giotár leictreach agus dord, Neil Ó Briain ar giotár, agus Róisín Seoighe ag canadh. Meascán amhráin acu ó na halbam eisithe ag IMLÉ agus na rianta a d'eisigh Róisín í féin, athchóiriú déanta orthu, agus ábhar nua atá fós le heisiúint. Bhí guthanna suntasacha Mharcuis Mhic Congáil, Feargal Moloney agus Pádraig Ó Conghaile ar na halbaim - iad uilig bogtha ar aghaidh chuig tograí éagsúla nua anois áfach. Is iontach an dóigh a bhfuil seilbh glactha ag Róisín ar na hamhráin seo, an bunleagan so-aitheanta fós san gcuir i láthair, ach a cuid féin déanta aici de focail is fonn - dúshlán ar leith ó tharla go raibh comhcheoil idir beirt nó triúr ann sa bhunleagan taifeadta! 
Tar éis briseadh gairid bhí Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada inár láthair, agus Seán ag bréagnú a aois - ceithre scór agus seacht mbliana - le fuinneamh agus cumhacht a ghutha. Scéalta acu beirt faoi Sheán Ó Riada féin agus faoi dhaoine eile a raibh baint acu le Gael Linn, fearacht Riobard  Mac Goráin.
Scéalta agus ceol a bhí chomh taitneamhach sin gur fhan mé níos faide ná a bhí beartaithe agam!
Chuala ó éinín bheag gur chualathas Róisín agus a deartháir Colm ag canadh i gClub an Chonartha ina dhiaidh sin!

Ard oíche. Gura fada buan Gael Linn!

2023-04-21 Sloinne Nathan Grant ceartaithe.