Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-10

Caitliceachas agus Faisisteachas

Franco i gcomhluadar roinnt Easpaig

Na léinte gorma

Sa chéad dul síos, ba thír Chaitliceach go smior í Éire go traidisiúnta. Níor tháinig aon athrú air sin go dtí tuairim is 30 bliain ó shin. Sa Spáinn, sa Fhrainc agus san Iodáil, tá go leor de pholaitíocht na heite deise sna tíortha sin bunaithe ar náisiúnachas atá ceangailte le traidisiúin an Chaitliceachais.
Ciarán Dunbar, Seachtain 

Chuir mé spéis in alt Chiaráin faoin eite dheis. Agus chuir an méid thuas ag smaoineamh mé. Ach is dóigh liom go bhfuil difríochtaí go leor idir an Chaitliceachas in Éirinn agus ar an Mór Roinn. 

Bhí Franco sa Spáinn agus Salazar sa Phortaingéil ag amharc siar ar ré ghlórmhar ríoga impiriúil. Nuair ba meirge na Ríochta an Chaitliceachais. Los Reyes Catholicos sa Spáinn, a d'aontaigh an tír, a dhíbir na Múraigh agus a ghlac seilbh ar Mheiriceá Theas. (Nach íorónta gur le saighdiúirí Múracha a chuir Franco athghabháil - Reconquista s'aige - i gcrích). Bhí Anraí Loingseoir agus a impireacht dhomhanda ag an bPortaingéil. Ba "Oidhreacht Pheadair" cuid mhór den Iodáil, an Pápa féin ina Rí air, nó na rialtais logánta i lámha uaisle a bhí fite fuaite leis an gcliarlathas Chaitliceach, eaglais a raibh roinnt dá chuid struchtúr ag tógáil ar impireacht na Róimhe. 

An Pholainn féin, ainneoin a stair léanmhar, nach bhfuil Jan III Sobieski acu, Rí a dhíbir na Turcaigh ó Vín. Agus ar ndóigh ba an Eaglais dún an náisiúin i ré na deachtóireachta cumannaí. 

Ní hionann stair na hEaglaise in Éirinn, ná an chultúr fisiceach a ghabhann léi. Cé go bhfuil Ré órga Oileáin na Naomh agus na nOllamh ann, níl eaglaisí uaisle ón Ré úd againn agus ar aon nós is beag a fheileann na Céilí Dé mar shampla do Stáit lárnach udarasaíoch. Le linn na péindlíthe ba eaglais bhocht faoi cheilt agus spléach ar an bpobal í an Eaglais. (Is ait nach bhfuair an t-athrú creidimh mórán greim in Éirinn. Feictear dom gur ciníochas lucht concas na dTúdar ba chúis leis sin - thiomáin siad aos léinn ar ais chun na hEaglaise). Ansin tháinig bunú Mhá Nuad agus cliarlathas a bhí dílis do riail an dlí (Gallda). Agus leagan amach thar a bheith piúratánach i gcúrsaí collaíochta. Is dóigh liom freisin gur threisigh an Ghorta imní faoi leanaí tabhartha - imní faoi roinnt talún, imní a bhí fós ina théama láidir agus colscaradh faoi chaibidil ag deireadh an chéad seo caite. Ba náisiúnachas Chaitliceach a bhí ag Ó Conaill. Go deimhin, seachas a gcreideamh is beag a bhí idir leagan amach meánaicme eagraithe go polaitiúil na hÉireann agus Sasana. Thug siad droim láimhe don nGaeilge mar shuaitheantas an náisiún, ag leanacht argóintí fóinteachais. Bhí go leor de cheannairí 1916 ina Chaitlicigh cráifeacha, agus go leor de na trodaithe. Sagairt Oird ag fónamh dóibh, agus an coróin Mhuire á rá. Ach maraon le go leor eile cailleadh an Caitliceachas réabhlóideach sin in ár bhinbeach cogadh na gCarad. Leagan cúng smachtaíoch meánaicmeach den creideamh a chuaigh i bhfeidhm ar an stáit úr, ag fónamh don aos rialaithe. Moráltacht chúng fimíneach ina uirlis smachta agus na neachtlanna agus gealtlanna agus scoileanna ceartúcháin lán. 

Bhí na léinte gorma an sna tríochaidí, gan amhras, nuair a bhí an faisteachas ag scaipeadh trasna na hEorpa, ach is beag éifeacht a bhí aige agus slogadh isteach i gcomhghuaillíocht na meánaicme é. 

Bhí Ailtirí na haiséirí faoi anáil an chorparáideachais, gné de theagasc sóisialta na hEaglaise ar a raibh réimeas Salazar bunaithe, tríú bealach idir caipitleachas agus cumannachas. Go deimhin d'fhág na smaointe sin lorg áirithe ar Bhunreacht 1937. Is cineál corparáideachas na painéil as a toghtar seanadóirí, abair. Ach fearacht go leor eile slog córas cliantachta na bpáirtithe é sin freisin. 

Feictear dom gur eite den forchiníochas geal Sasanach pé chuid den ghluaiseacht féiniúlaíoch frith imirce atá in Éirinn. Maith go leor, bíonn cuid acu ag iarraidh meirgí Chaitliceacha a úsáid, agus ag baint (mí) úsáid as an bpaidrín a rá go poiblí, agus ag agóid faoi geanmnaíocht. Ach is screamh tanaí sin agus is forchiníochas anglafónach atá i dtreis. 

Níl stair agus cultúr na nGael fóinteach feictear dom (buíochas le Dia) de leagan amach údarásaíoch ar an saol. Feictear dom freisin, de bharr gur mionlach sin féin, go bhfuil bá ag Gaeil le mionlaigh eile. Agus amhras faoi lámh láidir an stáit.