Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-26

Caipín an Phrionsa Heinrich


Is maith liom ceannbhirt. Táim dílis do mo hata Tilley ar siúlóidí samhradh. Sa gheimhridh, is fearr liom hata olna. Tá ceann breá dearg agam a cróiseáil mo bhean. Teolaí. 

Sna fichidí dom chaith mé hata feilt agus cóta mór fada gorm. Sa chaoi gur shíl nuachtánaí i dTír an Iúir go mba mhac an Raibí mé agus shin chugam gan iarraidh an Jewish Chronicle. 

Sna fichidí freisin dom bhí aithne agam ar fhear a chlúdaigh a bhlaosc a bhí chomh maol leis an ubh ar bharr, ainneoin gruaig fhada timpeall air, le caipín cuanna leathair. Lokführermütze de chuid an Reichsbahn mar a thugtaí fós ar an gcomhlacht iarnróid sa Phoblacht daonlathach Gearmánach. Anois is arís buaileann saint mé a leithéid a cheannach, ach tá siad daor agus ní dóigh liom go bhfuil mo ghnúis sách fada le go mbeadh cuma is caoi air orm.

Bhíodh seal caipín spéice línéadaigh geal agam d'fhonn mo phláitín maol féin a chosaint ón ngrian. N'fheadar cathain nó cén áit a chaill mé sin. 

Thaithin Prinz Heinrich Mütze liom riamh. Hata spéice olna. Imeall air maisithe le duilliúir na daraí. Corda idir imeall agus spéice. Ainmnithe as deartháir níos óige Wilhelm II. Fear luaimheanna. Aithris ar chaipín an Chumann luaimheanna arbh aithris é féin ar chaipín cabhlaigh.

Ach le bádóirí is iascairí Tuaisceart na Gearmáine a shamhlaím féin é. Drong beagfhoclach dianoibríoch seang síonchaite seirgthe.

Ar aon nós, bhí mé ag póirseáil sna siopaí Vintage i mBarra Teampaill ar na mallaibh. Sa tóir ar bhríste, dáiríre, ó tharla roinnt den bputóg timpeall mo lár díbeartha ag leasú aiste bia agus aclaíocht.

Luigh mo shúil ar chaipín. Sladmhargadh ar 10€. Cheannaoís. Faofa ag an déagóir ó shin. Ní sí féin chomh tógtha leis. Sin mar a bhíonn.

Anois níl le déanamh agam ach féachaint chuige nach scuabann an ghaoth nó na sióga leo é. 

Bhíodh cara liom fadó a raibh hata mar é aige. Bhíomar ar muir ar an Seute Deern. An seift a bhí aige - corda idir hata agus bona a chóta. Creidim go ndéanfad féin amhlaidh.